An tUachtarán tofa ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste

An tAire Gaeltachta Dara Calleary a sheol Oireachtas na Samhna 2025 go hoifigiúil san ICC tráthnóna

An tUachtarán tofa ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste

Tá Uachtarán tofa na hÉireann, Catherine Connolly, ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste. D’fhreastail Connolly, a toghadh ina hUachtarán ar Éirinn ag an deireadh seachtaine, ar shearmanas oscailte na mórfhéile Gaelaí san Ionad Tionóil Idirnáisiúnta (ICC) tráthnóna

Agus í ag cur fáilte roimh an Uachtarán tofa, dúirt ceannasaí an Oireachtais, Máirín Nic Dhonnchadha “nach cuimhin [léi] Oireachtas nár fhreastail Catherine air” agus go raibh ionadaíocht “iontach” déanta ag bean na Seantalún ar mhuintir na Gaeltachta ina Dáilcheantar, Gaillimh Thiar, agus í ina Teachta Dála ansin ó bhí 2016 ann.

Chuir Uachtarán an Oireachtais, Éamon Ó Cuív, fáilte mhór roimh Catherine Connolly chuig an bhféile freisin agus ghuigh gach rath uirthi ina ról nua in Áras an Uachtaráin, teach inar chaith sé féin mórán ama agus a sheanathair, Éamon de Valera, ina uachtarán ar an tír i lár an chéid seo caite.

D’fhreastail uachtarán tofa na hÉireann chomh maith ar ócáid bhronnta ghradaim liteartha an Oireachtais.

Is í Catherine Connolly an deichiú huachtarán a bheidh ar Éirinn nuair a insealbhófar í ar an 11 Samhain. Meastar gurb é Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste an chéad mhórócáid phoiblí ar fhreastail sí uirthi ó fógraíodh toradh thoghchán na huachtaránachta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath tráthnóna Dé Sathairn.

An tUachtarán tofa Catherine Connolly ag Féile an OIreachtais san Ionad Cois Cuain i mBéal Féirste innu. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Ba é an tAire Gaeltachta Dara Calleary a sheol Oireachtas na Samhna 2025 go hoifigiúil san ICC tráthnóna. Dúirt sé gur “seaimpín” don Ghaeilge a bhí in Catherine Connolly agus thug suntas don bhéim a leag sí ar an nGaeilge le linn a feachtais toghchánaíochta.

Dúirt sé gur luaigh sé le Connolly cúpla seachtain ó shin agus an Bille nua d’Údarás na Gaeltachta á phlé ag Coiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge Thithe an Oireachtais, go “ mb’fhéidir go mbeadh an Bille á shíniú ina Acht [aici] i gceann cúpla mí”.

Dúirt sé go bhfuil tuar tagtha faoin tairngreacht anois agus gurb í an tUachtarán Connolly a chuirfidh a hainm leis an Acht nua nuair a rithfear é.

I láthair ag an seoladh freisin bhí an t-iarTheachta Dála as Béal Feirste, agus iarcheannaire Shinn Féin, Gerry Adams.

An tUachtarán tofa Catherine Connolly ag Féile an OIreachtais san IOnad Cois Cuain i mBéal Féirste innu. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Fág freagra ar 'An tUachtarán tofa ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste'