An tarraingt déanta do bhabhtaí cáilithe Chomórtas Peile na Gaeltachta i nGaillimh agus i dTír Chonaill

Reáchtálfar babhta náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta i gCorca Dhuibhne deireadh seachtaine na Cincíse

An tarraingt déanta do bhabhtaí cáilithe Chomórtas Peile na Gaeltachta i nGaillimh agus i dTír Chonaill

Chuaigh an Cheathrú Rua chomh fada le cluiche ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta anuraidh, agus más leo gaisce a dhéanamh arís i mbliana beidh orthu Maigh Cuilinn a chloí ar dtús sa gcéad bhabhta den chomórtas cáilithe i nGaillimh.

Rinneadh an tarraingt do réamhbhabhta na Gaillimhe aréir agus sa mBaile Dóite a bheidh An Cheathrú Rua don chluiche ceathrú ceannais. Sna cluichí eile sa bhabhta ceathrú ceannais den chomórtas sinsir, imreoidh Carna-Caiseal sa bhaile in aghaidh Mhicheál Breathnach, rachaidh An Spidéal go dtí Oileáin Árann agus beidh Naomh Anna ag imirt sa bhaile in aghaidh Bhearna.

Imreofar na cluichí an deireadh seachtaine 9/10 Márta.

Sa réamhbhabhta den chomórtas sóisir, imreoidh Piarsaigh Ros Muc in aghaidh Mhicheál Breathnach, casfaidh Rinn Mhaoile agus an Spidéal ar a chéile agus tabharfaidh Oileáin Árann aghaidh ar an gCeathrú Rua. Imreofar na cluichí sin ar 23/24 Márta.

Tá cead ar aghaidh go dtí na babhtaí ceathrú ceannais faighte ag Carna-Caiseal,  Bearna agus Naomh Anna agus ní imreoidh Naomh Pádraig, An Fhairche, go dtí an cluiche ceathrú ceannais ach oiread.

Is san Fhairche a imreofar na babhtaí leathcheannais agus ceannais ag tús mhí Bealtaine.

Rinneadh an tarraingt do bhabhtaí cáilithe Thír Chonaill an tseachtain seo caite. 14 cumann a ghlacfaidh páirt sa chomórtas sinsir. Imreoidh Gleann tSúilí i gcoinne Naomh Micheál sa réamhbhabhta agus, ina dhiaidh sin, imreoidh Naomh Columba in aghaidh Chill Charthaigh. Imreoidh Gaeil Fhánada i gcoinne Ard an Rátha agus tabharfaidh An Clochán Liath aghaidh ar Bhaile na nGallóglach. Beidh  Naomh Conaill á fhéachaint le Naomh Náille agus tabharfaidh An Tearmann aghaidh ar bhuaiteoirí an chluiche idir Gleann tSúilí agus Naomh Micheál. Imreoidh Cloich Cheann Fhaola agus Gleann Fhinne a chéile chomh maith.

Is i Machaire Gathlán a bheidh na babhtaí leathcheannais agus ceannais sna comórtais shinsir agus shóisir mí Bealtaine agus tá cead ar aghaidh faighte ag foirne Ghaoth Dobhair go dtí na babhtaí leathcheannais.

Is i nGallarus i gCorca Dhuibhne a bheidh comórtas náisiúnta na bliana seo idir 1-3 Meitheamh.


Comórtas Sinsir na Gaillimhe

Babhta Ceathrú Ceannais

A – Carna-Caiseal v Micheál Breathnach

B – Maigh Cuilinn v An Cheathrú Rua

C – Oileáin Árann v An Spidéal

D – Naomh Anna v Bearna

Babhta Leathcheannais

B v A

C v D

Comórtas Sóisir na Gaillimhe

Réamhbhabhta

A – Na Piarsaigh v Micheál Breathnach

B – Rinn Mhaoile v An Spidéal

C – An Cheathrú Rua v Oileáin Árann

Babhta Ceathrú Ceannais

1 – Buaiteoirí C v Carna-Caiseal

2 – Buaiteoirí A v Bearna

3 – Buaiteoirí B v Naomh Anna

Babhta Leathcheannais

Buaiteoirí cluiche ceathrú ceannais 1 v buaiteoirí cluiche ceathrú ceannais 2

Buaiteoirí cluiche ceathrú ceannais 3 v An Fhairche

Comórtas Sinsir Dhún na nGall

Réamhbhabhta

A – Gleann tSúilí v Naomh Micheál

Babhta 1

B – Naomh Columba v Cill Charthaigh

C – Gaeil Fhánada v Ard an Rátha

D – An Clochán Liath v Baile na nGallóglach

E – Naomh Conaill v Naomh Náille

F – An Tearmann v buaiteoirí réamhbhabhta A

G – Cloich Cheann Fhaola v Gleann Fhinne

Babhta Ceathrú Ceannais

1 – Buaiteoirí B v buaiteoirí C

2 – Buaiteoirí D v buaiteoirí E

3 – Buaiteoirí F v buaiteoirí G

Babhta Leathcheannais

Buaiteoirí cluiche ceathrú ceannais 1 v buaiteoirí cluiche 2

Gaoth Dobhair v buaiteoirí cluiche ceathrú ceannais 3

Comórtas Shóisir Dhún na nGall

Réamhbhabhta

A – Na Rosa v An Clochán Liath

B – Gaeil Fhánada v Gleann tSúilí

C – Cloich Cheann Fhaola v Na Dúnaibh

D – Gleann Fhinne v Cill Charthaigh

Babhta 1

E – Ard an Rátha v Baile na nGallóglach

F – Naomh Micheál v Naomh Conaill

G – Naomh Columba v Naomh Náille

H – Buaiteoirí réamhbhabhta C v An Tearmann

I – Buaiteoirí réamhbhabhta D v buaiteoirí A

J – Buaiteoirí réamhbhabhta B v Naomh Muire

Babhta Ceathrú Ceannais

1 – Buaiteoirí babhta E v babhta F

2 – Buaiteoirí babhta G v babhta H

3 – Buaiteoirí babhta I v babhtha J

Babhta Leathcheannais

Buaiteoirí cluiche ceathrú ceannais 1 v buaiteoirí cluiche 2

Gaoth Dobhair v buaiteoirí cluiche ceathrú ceannais 3

Fág freagra ar 'An tarraingt déanta do bhabhtaí cáilithe Chomórtas Peile na Gaeltachta i nGaillimh agus i dTír Chonaill'