An sceimhle curtha faoi scian ag Henry Marsh

Nuair a chas sé leis an máinlia cáiliúil Henry Marsh in Oxford, chuir a gcomhrá ár gcomhfhreagraí ag machnamh ar shaol agus ar shaothar an fhir shuathinsigh seo

Henry Marsh

Síneann Henry Uasal Marsh a lámha chugam go moch maidin Domhnaigh le déanaí. Is deacair an rud é gan stánadh orthu. Lámha móra iad, le méara móra fada. Déarfá nach ndéanfadh a leithéid de láimhe cúis don mháinlia, ach bheadh dul amú ort.

Deir Marsh liom go bhfuil sé díreach fillte ó Nepal, áit a ndéanann sé obráidí inchinne gan aon táille a ghearradh ar feadh cúpla mí gach bliain. Theith sé ón NHS i mbliana agus é lán le fearg agus díomá tar éis na n-athruithe a rinneadh sa mhaorlathas ann le blianta beaga anuas. Is féidir leis a cheird a chleachtadh agus greim éigin a choimeád ar a chuid neamhspleáchas gairmiúil thar lear.

Fear cineálta, intleachtúil é an tUasal Marsh a labhraíonn go muiníneach agus tuin dheas Oxford ar a chuid cainte. (Ba scoláire san ollscoil é a athair, a bhunaigh Amnesty International le máthair Ghearmánach Henry i dteannta scoláirí eile tar éis 1945).

Is maith leis scéalta greannmhara, agus déanann sé meangadh gáire ar feadh na maidine liom. Ach ní foláir a rá freisin go bhfuil brón doimhin de shaghas éigin ag baint leis an máinlia seo, atá ag druidim le trí scór is deich mbliana d’aois. Ba léir an brón nó an cumha seo ina leabhar speisialta, Do No Harm: Stories of Life, Death and Brain Surgery.

Agus caife á ullmhú ag Marsh dúinn beirt, rith líne amháin liom ó litreacha Wilfred Owen. Chaill sé comhghuaillí le linn cath mór i 1918, agus mharaigh Owen féin saighdiúirí eile ar an lá céanna. Chuir sé scéal abhaile chuig a dhlúthchara Siegfried Sassoon agus dúirt sé leis: “My senses are charred. I shall feel again as soon as I dare, but now I must not.”

Chuireas ceist ar Marsh fé dheireadh mar gheall ar thionchar a shaothair ar a phearsantacht féin. Ar bhain an mháinlíocht rud éigin tábhacht uaidh? Cad mar gheall ar an gcoincheap síceolaíochta suimiúil atá in úsáid ag daoine a bhíonn ag cabhrú le saighdiúirí Mheiriceá san Iaráic, is é sin ‘gortú morálta’, i. an cumha a bhraitheann an duine cé gur chloígh sé leis na rialacha go léir? Nach é sin téama a leabhair féin? D’fhan sé ina thost ar feadh cúpla soicind sular mhínigh sé cén fáth nach nglacfadh sé leis an achoimre sin.

Cé go gcaitheann siad beirt a gcuid ama fé scáth an bháis agus fé scáth na himeagla, ní saighdiúir an máinlia inchinne. Mhol sé leabhar tábhachtach Bruno Bettelheim dom, The Informed Heart: The Human Condition in Modern Mass Society (1960), cur síos pearsanta ar an dtréimhse uafásach a chaith an t-údar Giúdach Ostarach i mBuchenwald agus i nDachau. (Cineál Primo Levi níos éirimiúla ab ea Bettelheim). Chuaigh an leabhar sin go mór i bhfeidhm ar Marsh, agus thug sé léargas dó ar thionchar institiúidí ar an bpearsantacht dhaonna.

Lager iad na hospidéil, ach creideann Marsh go bhfuil dlúthbhaint idir ospidéil agus príosúin. Chaith sé a shaol ag smaoineamh ar na rudaí ‘a ghoidtear’ óna chuid othar agus é ag obair orthu, agus na rudaí nach ngéilltear. Ní minic a chloistear íogaireacht den chineál seo ó mháinlia. Léas Bettelheim nuair a d’fhilleas abhaile. Ar an gcéad leathanach, tá an teachtaireacht seo:

“Just how to achieve self-realisation, to preserve freedom, and adapt society to both, seems increasingly harder to know; it is felt as a central, overwhelming problem of our days…To manage such a feat, heart and reason can no longer be kept in their separate places. Work and art, family and society can no longer develop in isolation from each other. The daring heart must invade reason with its own living warmth, even if the symmetry of reason must give way to admit love and the pulsation of life.”

Níos déanaí faightear achainí eile, ceann ar chóir cuimhneamh uirthi agus obráidí Marsh á samhlú againn; obráidí i gcoinne sean-naimdhe cosúil le cordoma, meningioma agus glioblastoma:

“We are having to shift from tradition, that is from a security based on a repetition of sameness, to a much less certain security that can only be based on efforts to live the good life without any ability to predict the outcome of our actions in an ever changing context.”

Iompaíonn Marsh an sceimhle sin leis le linn gach aon obráid a dhéanann sé, ós rud é nach bhfuil sé in ann a rá cad atá i ndán dúinn nó geallúint a thabhairt go ndéanfaidh an obráid leas an othair i gcónaí. Sa scannán cumhachtach mar gheall ar a chuid oibre i gKiev na hÚcráine, The English Surgeon, labhair sé go macánta faoin eagla seo, agus na iarrachtaí éagsúla atá déanta aige dul i ngleic leis.

Tháinig fear tinn darb ainm Marian chuig oifig Marsh, agus é beo bocht. Dúradh leis nárbh fhéidir an tumour mór ina inchinn a bhaint amach. Tar éis do Marsh scrúdú a dhéanamh air, deir sé “he’s been told in Ukraine it’s inoperable. I think I can save him. But there is a very real risk that I could wreck him in the process”.

Cúpla nóiméad sular chuir sé tús leis an obráid leis an tumour a bhaint as ceann Marian, dúirt Marsh: “I’m feeling extremely tense at the moment”. Ach mhínigh sé freisin conas an imeagla seo a úsáid chun go mbeadh sé dírithe go huile is go hiomlán ar an ndúshlán atá os a chomhair amach. Le linn agallaimh leis The New Statesman, chuir sé béim cheist seo na heagla:

“My life is a succession of proving to myself that I’m not as frightened as I think I am.” 

Braitear gur faoi scáth séimh Bettelheim atá sé anseo arís. B’iad na truáin a tháinig slán as Buchenwald agus iadsan a choinnigh smacht éigin ar a chuid mothúchán. “Those prisoners who blocked out neither heart nor reason, neither feelings nor perception, but kept informed of their inner attitudes even when they could hardly ever afford to act on them, those prisoners survived…They also came to realize what they had not perceived before; that they still retained the last, if not the greatest, of the human freedoms: to choose their own attitude in any given circumstance.”

Tá greim daingean docht ag an Uasal Marsh ar an tsaoirse bhunúsach seo fós, agus fonn fíochmhar air í a choimeád.

Fág freagra ar 'An sceimhle curtha faoi scian ag Henry Marsh'