Uair an chloig go leith phatuar ar ‘The 15.17 to Paris’

Níl mórán atá stuifiúil nó suimiúil faoin scannán is déanaí ó Clint Eastwood

Uair an chloig go leith phatuar ar ‘The 15.17 to Paris’

The 15:17 to Paris
Stiúrthóir: Clint Eastwood
Cliar: Spencer Stone, Alek Skarlatos, Anthony Sadler, Judy Greer, Jenna Fischer.

Is duine den seandream agus den seandéanamh é Clint Eastwood gan aon agó.  Cnagfaidh an draoi seo na hocht mbliana déag agus trí scór i mí Bealtaine, agus má tá aon tréith amháin le feiscint ina chuid saothar ó 1955 i leith is é sin go bhfuil lé aige (mar aisteoir agus mar stiúrthóir) leis an laoch beagfhoclach, cróga Meiriceánach. Iad ciotrúnta b’fhéidir ach iad ag cloí go diongbháilte lena gcód morálta féin.  Iad cráifeach, seanfhaiseanta ar uairibh ach a léamh féin ar bhrionglóid Mheiriceá ag éirí astu. Tá sin le feiscint fiú sna saothair leis a ghnóthaigh aird Oscar, American Sniper, go háirithe. 

In ainneoin go bhfuil cuid de na carachtair a léirigh sé mar aisteoir sa Táin is mar stiúrthóir machnamhach, cumasach a bheidh caint air i bhfad na haimsire.  Cuimhnigh gur chroch sé leis an Oscar don scannán is fearr dhá bhabhta (Unforgiven agus Million Dollar Baby) agus go bhfuil trí ainmniúchán eile aige (American Sniper, Letters from Iwo Jima agus Mystic River). I bhfianaise chumas a chuid saothar b’ábhar mór díomá an scannán ait seo.

Ar an gcéad luí súl thaibhseofaí duit go bhfuil an sean-iomaire céanna á threabhadh aige; scéal faoi thriúr Meiriceánach a chuireann ionsaí sceimhlitheoireachta ar thraein an teidil de dhroim seoil. Ní fada nó gur tuigeadh dom go raibh Eastwood ag rith leis féin.

Tá an scannán bunaithe ar leabhar an triúr gaiscíoch; Alek Skarlatos, Anthony Sadler agus Spencer Stone. Déanann sé an triúr acu a earcú le léiriú a thabhairt orthu féin cé nach raibh aon taithí aisteoireachta ag éinne acu. Mise á rá leat go bhfuil adhmad bainte acu as an eachtra.

Go deimhin ’sí an eachtra féin an rud eile a d’fhág

coiscéim bhacaí sa táirge. In ainneoin na crógachta agus an uafáis bhí an rud ar fad neafaiseach go maith ó thaobh ama agus eachtraí difriúla. Dá bhrí sin b’éigean go leor feola a chur ar na cnámha. Chuige sin deineadh cúlraí an triúir, Stone ach go háirithe, a chíoradh.

An reiligiún, gunnaí agus an saol Meiriceánach trí chéile á moladh agus á gcáineadh ar a seal.

An saothar ag iarraidh a chur in luí orainn gur spreagadh chun gnímh iad in am na cinniúna mar gheall ar nithe éagsúla a tharla ina saol roimhe sin. ‘Do you ever feel as if life is catapulting you towards some higher purpose?’ a deir Stone go fealsúnach i gceann amháin den iliomad radharc ciotach.

I ndeireadh na ndála, agus in ainneoin na ndeacrachtaí a bhí ag na páistí ag fás aníos, ní raibh aon rud thar a bheith stuifiúil nó suimiúil faoin gcuid seo den scannán. Ar shlí ní rabhthas ach ag meilt ama.

Tá eachtraíocht agus réalachas ag baint leis an eachtra í féin agus tánn tú, i d’ainneoin féin b’fhéidir, ceanúil ar an triúr. Cé go raibh ardú croí ag baint leis an ábhar cartlainne ag an gcríoch níor dhein sin an uair an chloig go leith phatuar a tháinig roimhe a chúiteamh.

Fág freagra ar 'Uair an chloig go leith phatuar ar ‘The 15.17 to Paris’'

  • Eoghan ONeill

    Chonaic an scannán agus bheinn d’aontuairim leat.