An reifreann ar cheist an ghinmhillte, an Breatimeacht, Trump agus ceannlínte eile 2018

Beidh díospóireacht theasaí agus feachtasaíocht a bheas gránna gangaideach uaireanta ann faoi cheist an ghinmhillte i mbliana, ach beidh tionchar mór ag eachtraí thar lear ar an saol polaitiúil abhus

An reifreann ar cheist an ghinmhillte, an Breatimeacht, Trump agus ceannlínte eile 2018

Is é an ginmhilleadh agus an reifreann ar leasú an Bhunreachta a cheadóidh ginmhilleadh i gcásanna áirithe (má ghlactar leis) an t-ábhar polaitiúil is achrannaí a bheas i mbéal an phobail in 2018 – ar feadh tamaill.

Ní chloisfear trácht air go minic go dtí go bhfoilseofar an leasú bunreachtúil a mholfaidh an rialtas. Ní chloisfear mórán ina thaobh ach oiread tar éis an reifrinn atá beartaithe a reáchtáil i mí an Mheithimh. 

Bheadh amhras ar mhórán go gcuirfí dáta an reifrinn siar go dtí an fómhar mar gheall ar chastacht pholaitiúil agus dhlíthiúil an leasuithe. Ach brostófar an obair agus vótálfar roimh theacht an tsamhraidh ar chúis mhór amháin, nach gá a mhíniú anseo: cuairt an Phápa ar Éirinn i mí Lúnasa.

Idir fhoilsiú an leasuithe agus lá na vótála, déan talamh slán de go mbeidh aer na hÉireann tiubh le díospóireacht theasaí agus le feachtasaíocht a bheas gránna gangaideach uaireanta. Ní hionann agus plé ar ghnáthroghanna polaitíochta, is beag baint a bhíonn ag toil nó fiú mianach comhréitigh le plé ar an nginmhilleadh.

Taobh amuigh den ghinmhilleadh, beidh an Breatimeacht ag cur imní ar pholaiteoirí agus ar mhórán daoine eile in 2018. I mí Feabhra, cuirfear dlús sa Bhruiséil leis na comhráite idir ionadaithe an AE agus rialtas na Breataine.

Chosain an rialtas comhaontú Aoine an Chéasta agus oscailteacht na teorann go héifeachtach le linn an chéad bhabhta idirbheartaíochta. Ach níor réitigh an réamh-chomhréiteach a d’fhógair Theresa May agus Jean Claude Juncker ar an 8 Nollaig go leor ceisteanna a bhaineann le stádas iarBhreatimeachta an Tuaiscirt.

Bhagair an DUP nach vótálfadh siad i bhfabhar cibé comhréiteach a dhéanfar faoi dheireadh. Ach dáiríre, tá contúirt níos mó romhainn mar gheall ar easaontas agus éidreoir rialtas na Breataine.

An mbeidh rialtas Theresa May, nó rialtas nua sa Bhreatain faoi phríomh-aire eile, ábalta margadh ar bith a dhéanamh sa Bhruiséil a shásóidh móramh in Westminster? Ní heol do dhuine ar bith fós an freagra ar an gceist sin.

Is é an dainséar is mó a bheas ag bagairt ar an tír seo, ar an mBreatain agus ar bhallstáit eile an AE mar gheall ar an mBreatimeacht, an seans go gclisfear ar chumas réitigh rialtas na Breataine. Má tharraingíonn an Bhreatain amach as na cainteanna sa Bhruiséil agus má fhógraítear neamhspleáchas tobann trádála gan aon choinníoll, cá bhfios cén dochar a dhéanfar san oileán seo agus ar fud na hEorpa?

I dTeach Laighean, tá an léargas polaitiúil réasúnta seasmhach, tar éis stoirm na Samhna a d’fhág Frances Fitzgerald díomhaoin. Cé go rabhthas ag caint ar olltoghchán faoi Nollaig ar feadh tamaill, tháinig an chomhthuiscint idir Fine Gael agus Fianna Fáil slán faoi dheireadh.

Thoiligh siad araon in 2016 an chomhthuiscint sin a choinneáil i bhfeidhm go mbeadh cáinaisnéis 2018 fógartha. Má fhágtar timpistí as an áireamh (agus ní beag an ‘má’ é), ní léir cúis ar bith faoi láthair nach n-oirfeadh sé dóibh araon cloí leis an socrú sin. 

Clúdaíonn ‘timpistí’ leithscéal a d’oirfeadh d’Fhine Gael nó d’Fhianna Fáil má thograíonn siad tarraingt as an gcomhréiteach le Fine Gael. Beidh an comhréiteach sin as feidhm ón gcáinaisnéis i mí Dheireadh Fómhair, agus is léir cheana féin go mbeidh cúpla billiún euro sa bhreis le caitheamh ag Paschal Donohoe mura dtagann athrú tubaiste ar an léargas airgeadais.

Is ar leas an dá pháirtí, mar a chítear dóibh féin é, a bheidh seasmhacht an chomhréitigh ag brath. Má theastaíonn leithscéal olltoghcháin ó cheachtar acu, aimseofar é.

Beidh tionchar mór ag eachtraí thar lear ar an saol polaitiúil abhus in 2018. Is léir dúinn uilig an chontúirt a bhaineann leis an mBreatimeacht.

Ach cuirfidh caint ar atheagrú an AE, agus ar rialacha cánachais an AE go háirithe, brú leanúnach ar an rialtas. Ní shásóidh caint ghinearálta faoi thoil na hÉireann tacú le neartú na rialacha ballstáit eile an Aontais. Cuimhneoidh rialtais agus meáin na mballstát eile ar chás Apple. Cuimhneoidh siad freisin ar chomhlachtaí ilnáisiúnta eile nach n-íocann (mar a dúirt an Príomh-Reachtaire leis an gCoiste um Chuntais Phoiblí le gairid) ach ráta cánach a haon faoin gcéad nuair a chuirtear a liúntais san áireamh.

Ach an chontúirt is mó a chuirfidh imní ar an rialtas, agus ar gach rialtas ar domhan, in 2018?

Céard a déarfaidh nó céard a dhéanfaidh Donald Trump gan choinne, gan aon domhainmhachnamh a bheith déanta aige roimh ré, agus gan aon aird a thabhairt ar rialtais eile?

Fág freagra ar 'An reifreann ar cheist an ghinmhillte, an Breatimeacht, Trump agus ceannlínte eile 2018'