Tá an rabhadh buí sneachta agus seaca a d’fhógair Met Éireann inné do chuid mhór den tír treisithe anois acu agus rabhadh oráiste curtha i bhfeidhm i 13 contae san iarthar agus i lár tíre – Gaillimh, Maigh Eo, Ros Comáin. Sligeach, Liatroim, An Clár, an Iarmhí, an Mhí, Lú, Longfort, Dún na nGall, Cabhán agus Muineachán.
Tá an rabhadh sin i bhfeidhm go dtí meán lae amárach. Tá an rabhadh buí fós i bhfeidhm sa gcuid eile den tír go dtí meán lae amárach. Beidh ropadh gaoithe ann leis an tráthnóna rud a fhágfaidh sneachta ag síobadh.
Chuir sé roinnt mhaith sneachta in áiteanna aréir agus bhí deacrachtaí ag an trácht i gcontaetha Luimnigh, An Chláir agus Chiarraí ar maidin mar a raibh ráthanna sneachta ar bhóithre agus ar thalamh rite. Chlis an soláthar aibhléise chuig 2,000 teach i gcontaetha an Chláir agus Luimnigh.
Tá fainic á cur ag lucht na haimsire go bhfuil contúirt mhór ag baint leis an bhflichshneachta agus an sneachta séidte sin nuair a shiocfaidh sé níos déanaí mar go mbeidh bóithre agus cosáin ina reothalach in áiteanna. Níor osclaíodh roinnt scoileanna inniu agus dúirt an Roinn Oideachais gur faoi phríomhoidí a bheadh sé maidin amárach cinneadh a dhéanamh an bhfuil sé sábháilte scoileanna a rith. Beidh ar lucht na seirbhíse bus scoile cinneadh a dhéanamh ar maidin freisin faoi shábháilteacht na mbóithre sna ceantair ar leith. Tá na Comhairlí Contae ag scaipeadh grean ar bhóithre roimh shioc na hoíche anocht.
Comhairlítear do thiománaithe a bheith san airdeall ar phaistí seaca gan choinne mar go mbeidh an teocht faoi bhun an reophointe anocht agus gaoth láidir anoir nó anoir aduaidh ann.
Snámhaí sneachta! Ní raibh aon fhaitíos roimh an bhfuacht ar Rod Morris agus é ag snámh ar Thrá an Spidéil ar maidin.#sneachta @meabhnit pic.twitter.com/FfKi1ezrbw
— Tuairisc (@tuairiscnuacht) March 9, 2023
Fuar gaofar a bheidh sé le tús na hoíche anocht agus é deacair ag aon tiománaí an bóthar ná aon bhlas eile a fheiceáil ag flichshneachta agus sneachta. Táthar á thuar go seasfaidh an sneachta agus an flichshneachta sin sa leath thoir den tír i rith na hoíche ach go dtriomóidh sé san iarthar. Le glanadh na spéire sioc agus oighear a bheidh sa gcuid thiar den tír. San iarthar is fuaire a bheidh sé anocht agus é á thuar go mbeidh an teocht 4 chéim faoin reophointe i rith na hoíche ach lagfaidh an ghaoth i rith na hoíche le mar a athróidh sí léi ó thuaidh.
Ceaptar go nglanfaidh an sneachta agus an flichshneachta ar an gcósta thoir le solas an lae amárach agus gur lá fuar geal agus corrthamall gréine a bheidh sna bólaí sin.
Tá aimsir níos boige á tuar ag an deireadh seachtaine agus an bháisteach ar a bealach chugainn ón iardheisceart.
Luaineach go maith an aimsir atá á gealladh dúinn an tseachtain seo chugainn agus í ag brath ar pé tabhartas a sheolfaidh an tAigéan Atlantach inár dtreo.
Tá comhairle curtha ag Oifig Pleanála Éigeandála na tíre ar thiománaithe nach féidir leo turas bóthair a sheachaint a chinntiú go bhfuil guthán atá luchtaithe, sluasaid, buataisí, seaicéad feiceálach, triantán guaise, scríobán agus dí-oighreoir sa gcarr ar eagla na héigeandála.
Fág freagra ar 'An rabhadh aimsire treisithe do 13 contae'