An pholaitíocht ag éirí níos lárnaí sa rás don oifig is lú sa tír a bhfuil polaitíocht ag baint léi

Tá an tionchar a bheidh ag feachtas na bliana seo ar chinniúint na bpáirtithe móra ar fad ag éirí níos casta in aghaidh an lae

An pholaitíocht ag éirí níos lárnaí sa rás don oifig is lú sa tír a bhfuil polaitíocht ag baint léi

Tá deacrachtaí go leor ag teacht chun cinn i dtoghchán uachtaránachta na bliana seo agus gan an feachtas fógartha go fiú fós. Cé nach mbaineann ról an uachtaráin leis an bpolaitíocht go díreach, agus go deimhin nach bhfuil aon chumhachtaí polaitiúla ag gabháil leis an oifig, tá an tionchar a bheidh ag feachtas na bliana seo ar chinniúint na bpáirtithe móra ar fad ag éirí níos casta in aghaidh an lae.

Jim Gavin is cosúil a a bheidh mar iarrthóir ag Fianna Fáil. Ba léir le píosa anois go bhfuil ceannaire an pháirtí sin ag iarraidh polaiteoir mar iarrthóir a sheachaint tráth go raibh brú ag teacht air ó bhaill a pháirtí féin duine a chur chun cinn.

Bhí tuairimíocht ann sular thosaigh an brú inmheánach duine dá gcuid féin a chur sa rás go dtacódh Fianna Fáil le hiarrthóir aontaithe rialtais agus go mb’fhéidir go dtabharfaidís a gcuid tacaíochta do Mhairéad McGuinness sular tharraing sise siar a hainm. Samhlaím go bhfuil roinnt sa bpáirtí nach mbeadh locht ar bith acu ar an tuairim sin murach an dearcadh gur cheart go mbeadh a n-iarrthóir féin ag an bpáirtí.

Ar deireadh thiar, is iad an dream mó ar toghadh iarrthóirí dá gcuid chun an Árais agus cé go bhfuil na meáin thar a bheith tógtha, mar shampla, le Heather Humphreys mar iarrthóir beidh go leor sa bhfeachtas go fóill a d’fhéadfadh a chur in iúl don phobal nach í an rogha is fearr.

Ach an oiread le Fianna Fáil tá go leor anonn agus anall i Sinn Féin faoinar chóir iarrthóir a chur chun cinn don toghchán seo agus cén duine ab oiriúnaí a bheadh. Níor éirigh go maith leo sa toghchán uachtaránachta deiridh agus cé go bhfuil siad gob ar ghob leis na páirtithe móra eile anois ó thaobh tacaíochta de, níl aon chinnteacht go n-éireoidh níos fearr leo an babhta seo.

Tá tuairimíocht láidir ann go n-éireodh go maith le Mary Lou McDonald ach dá gcuirfeadh sí a hainm chun cinn is géilleadh a bheadh ann nach mbeidh sí ina Taoiseach agus mura dtoghfaí í bheadh deireadh lena ceannaireacht ar Shinn Féin freisin. Géilleadh mór a bheadh ann freisin don pháirtí a dtacaíocht a ghealladh do Chatherine Connolly, an t-aon iarrthóir atá deimhnithe sa bhfeachtas.

Tá Páirtí an Lucht Oibre scoilte ó thús faoi thacú le feachtas Connolly ach is i rith na seachtaine seo a chonaic muid an scoilt sin á plé go poiblí nuair a dúirt Alan Kelly nach dtacaíonn sé lei agus nach vótálfadh sé di. Cé mhéad eile sa pháirtí a bhfuil an tuairim chéanna acu? Ar ndóigh, tá scoilt stairiúil idir Connolly agus an páirtí nach bhfuil baol ar a chuid ball a bheith chomh fada ar an eite chlé le Teachta Ghaillimh Thiar.

Ní fada anois go dtí an sprioc 60 lá roimh an 11 Samhain, an lá go gcaithfidh uachtarán nua a bheith tofa againn. Sa gcoicís seo romhainn nuair a bheidh a gcuid cruinnithe réamhDhála ag na páirtithe is féidir linn a bheith ag súil le tuairimíocht go leor agus b’fhéidir, corriarrthóir eile a bheith ainmnithe freisin. Nach aisteach is nach tráthúil chomh lárnach agus atá an pholaitíocht anois sa bhfeachtas don oifig is lú sa tír a bhfuil polaitíocht ag baint léi?

Fág freagra ar 'An pholaitíocht ag éirí níos lárnaí sa rás don oifig is lú sa tír a bhfuil polaitíocht ag baint léi'