Aisteach le rá anois ach bhí dóchas ann ag tús na bliana. Bhíothas ag caint ar théarnamh agus athnuachan i ndiaidh scrios na paindéime Covid-19 le naoi mí. Bhí súil le faoiseamh agus feabhas.
Ba ghearr gur baineadh siar as daoine. Chuaigh an phaindéim i neart agus bheadh sé soineanta a cheapadh gur gearr uainn a deireadh. D’ainneoin chomh maith agus a d’éirigh leis an gclár vacsaínithe bhí na húdaráis ag achainí ar dhaoine a bheith cúramach faoi Nollaig. Mheas siad go mbeadh an t-athraitheach Omicron rábach i mí Eanáir agus gur baolach go mbeadh a thuilleadh srianta riachtanach. Bhí othair, go háirithe daoine nach raibh vacsaínithe sna hospidéil, agus beatha i mbaol i gcónaí ón víreas.
Bhí idir mhaith agus olc ag baint leis an láimhseáil a rinne an Feidhmeannas ar an bpaindéim. Bhí drogall ar an DUP tacú le srianta, bhí luí acu le cur chuige an Phríomh-Aire Boris Johnson ach páirtithe eile an Fheidhmeannais i bhfabhar dianbheartas. Bhí líon na ndaoine a bhásaigh ó thús na paindéime a raibh tagairt don choróinvíreas ar a dteastas báis ag druidim le 4,000; tá figiúir na Roinne Sláinte níos ísle mar ní áiríonn an liosta sin ach daoine a cailleadh a raibh tástáil (PCR) dhearfach acu.
Chuir an phaindéim brú as cuimse ar an gcóras sláinte a bhí i dtrioblóid roimh ré. Bhí atheagrú an chórais leagtha síos mar phríomhthosaíocht nuair a d’fhill na páirtithe ar Stormont beagnach dhá bhliain ó shin.
Anois tá comhairliúchán poiblí ar siúl faoi dhréachtbhuiséad trí bliana a thabharfadh an chuid is mó d’airgead Stormont don tseirbhís sláinte chun a dhul i ngleic leis na fadhbanna seanbhunaithe. Mar is gnách níl na páirtithe aontaithe.
Níorbh é neartú na paindéime amháin a tháinig aniar aduaidh ar pholaiteoirí. Bhí Chéad-Aire Stormont, Arlene Foster, i measc na ndaoine gur baineadh stangadh aisti.
Ina teachtaireacht don bhliain úr mhol Arlene Foster fís nua don dara céad de Thuaisceart Éireann. Theastaigh ceiliúradh ar chéad bliain ó bunaíodh an stát uaithi, ceachtanna a fhoghlaim ón tréimhse sin agus cur chuige dearfach aontaithe don todhchaí.
Bhí sé fánach aici. Ba ghearr go raibh faobhar ar na sceana san DUP agus ceannairc ina coinne. Ba ise an tríú ceannaire ar an DUP sa 50 bliain ó bunaíodh an páirtí ach in 2021 bhí triúr ceannairí ag an bpáirtí i gcaitheamh dhá mhí. Bhí titim thubaisteach ar an tacaíocht a léiríodh dóibh sna pobalbhreitheanna agus cogadh cathartha á throid sa pháirtí os comhair an tsaoil.
Cuireadh an lasair sa bharrach nuair ba léir go raibh vótóirí ag tréigean an DUP. Chuir aontachtaithe an milleán ar an DUP faoi theorainn i Muir Éireann – an Prótacal iarBhreatimeachta a cuireadh i bhfeidhm ar an 1 Eanáir. Bhí an DUP cúig phointe taobh thiar de Shinn Féin i bpobalbhreith, 19% acu agus 24% ag Sinn Féin.
Tugadh dúshlán Foster a d’éirigh as. Gan choinne toghadh Edwin Poots le teacht i gcomharbacht uirthi sa chéad toghchán a bhí acu ariamh don cheannaireacht. Níor mhair réimeas Poots ach cúpla seachtain agus ar an dara hiarraidh toghadh Jeffrey Donaldson.
Ba é gnó an cheannaire nua stop a chur le meath an pháirtí roimh thoghchán an Tionóil sa Bhealtaine seo chugainn. Chuige sin roghnaigh sé scrios an Phrótacail mar phríomhchuspóir. D’fhógair sé go dtarraingeodh sé a airí amach as an bhFeidhmeannas in Stormont mura mbeadh an Prótacal imithe roimh thús na Samhna, an dáta céanna faoina raibh Acht Gaeilge geallta in Westminster.
Léirsigh dornán beag dílseoirí nuair a theip ar Donaldson a airí a tharraingt amach as Stormont faoi Shamhain ach d’fhan an móramh glan ar chíréibeacha. Níor ritheadh Acht Gaeilge agus níor cuireadh an Prótacal ar ceal. Ba é baghcat an DUP ar chruinnithe thuaidh theas an t-aon ghníomh agóide a cuireadh i bhfeidhm. Cé gur chomhartha laige é bagairt gan chomhlíonadh thug Donaldson foláireamh arís an mhí seo go scriosfadh sé Stormont mura ndéanfadh an Príomh-Aire Johnson rud air. Údar iontais ag a lán ab ea muinín Jeffrey Donaldson i bPríomh-Aire a lig síos an DUP cheana.
Meastar go seasfaidh leagan éigin den Phrótacal agus corrdhuine a dhéanfadh talamh slán de go raibh a fhios céard a dhéanfadh an Príomh-Aire. Tá an chinniúint níos éiginnte ná ariamh, ó d’éirigh David Frost as oifig i mbéal na Nollag. Tá a dhualgais mar Aire Breatimeachta curtha ar an Rúnaí Gnóthaí Eachtracha, Liz Truss, a bhí luaite ag roinnt sa pháirtí mar chomharba ar an bPríomh-Aire. Ceapadh aire sóisir ó champa an Bhreatimeachta chrua chun cuidiú léi.
Bhí fadhbanna ag Johnson le tamall ó tharraing se míchlú air féin le cás suarach Owen Patterson, líomhaintí faoi neamhaird ar shrianta Covid-19 in uimhir a Deich Sráid Downing agus fothoghchán tubaisteach i Shropshire Thuaidh. Ní léir fós arb é imeacht a chara, an t-Aire Breatimeachta, David Frost an buille fill. Ar chinn Frost nárbh é a leas a bheith ar thaobh an chailliúnaí nuair a thiocfadh an dúshlán do Johnson? An ag nochtadh suime i gceannaireacht na gCaomhach – agus sa phríomh-aireacht – a bhí an Tiarna neamhthofa Frost san litir idé-eolaíoch inar dhearbhaigh sé go raibh se ag éirí as an rialtas, gan aon tagairt a dhéanamh don bPrótacal?
Meastar go seasfaidh an Prótacal i bhfoirm éigin agus is corrdhuine a mhaífeadh go raibh a fhios aige céard a dhéanfadh Johnson, fear a raibh fadhbanna go leor eile aige féin agus ag a aire Breatimeachta, David Frost.
Ní fíor don Státrúnaí Brandon Lewis, Johnson nó Frost go bhfuil móramh sa Tuaisceart in éadan an Phrótacail. Tá lucht easpórtála an-sásta leis agus tá infheistíocht bhreise á déanamh ag comhlachtaí ar mian leo leas a bhaint as margadh an Aontais Eorpaigh agus margadh na Ríochta Aontaithe. In Stormont tá móramh 49 as 90 ag iarraidh é a choinneáil, le leasuithe, chun na torthaí is measa ar an mBreatimeacht a sheachaint.
Bhí Sinn Féin i dtús áite sna pobalbhreitheanna ar fad i rith na bliana, iad thart ar 24%, gan bogadh suas ná síos. Go bunúsach, ní raibh le déanamh acu ach trioblóid a sheachaint le leas a bhaint as an DUP a bheith ina gcíor thuathail.
Bhí fadhbanna acu i nDoire, áit ar scrios an SDLP iad i dtoghchán Westminster dhá bhliain ó shin agus níor thaispeáin Michelle O’Neill agus Mary Lou McDonald trócaire ar bith nuair a thug siad faoi ghortghlanadh. Cuireadh beirt Teachtaí Tionóil amach ar féarach – duine acu an t-iarphríosúnach poblachtach, Martina Anderson. Cáineadh a vóta in aghaidh cosc a chur ar sheilg; ba dheacair a gcosaint ar an chonairt ó thuaidh a thuiscint ó bhí Mary Lou McDonald i bhfabhar toirmisc ó dheas.
Údar conspóide ab ea plean Boris Johnson reachtaíocht a rith a chosnódh fórsaí an stáit ó fhiosrú nó cúiseamh; bheadh an tsaoirse chéanna ag paraimíleataigh. Bhí páirtithe Stormont go léir agus rialtas na hÉireann chomh maith le híobartaigh i gcoinne an phlean a chuirfeadh cosc ar chásanna sibhialta agus ionchoisní freisin. Tugadh a dhúshlán san Ardchúirt cheana féin ach níor éisteadh an cás toisc nach raibh an reacht rite; tugadh cead do na gearánaithe filleadh chun cúirte nuair a rithfear an dlí. Ní gá bua na tairngreachta a bheith agat lena rá nach é sin an t-aon dúshlán cúirte a thabharfar don scéim.
Fág freagra ar 'An phaindéim ag dul i neart agus an DUP ag dul i laige'