An Mhí agus Ciarraí ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar Ghaillimh agus Ard Mhacha

Bainfidh dhá fhoireann eile áit amach i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann faoi dheireadh an tráthnóna agus tuilleadh cluichí móra peile romhainn i bPáirc an Chrócaigh

An Mhí agus Ciarraí ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar Ghaillimh agus Ard Mhacha

Athimirt ar chluichí ceannais Chraobhacha Peile na hÉireann 2001 agus 2002 atá romhainn i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna agus buaiteoirí na gcluichí sin breis is scór bliain ó shin, Gaillimh agus Ard Mhacha, mar roghanna na coitiantachta arís inniu, mar a tharlaíonn sé.

É sin ráite, ní fhéadfadh aon duine a bheith róchinnte cé hiad na foirne a bheidh ag fágáil slán le craobh 2025 inniu agus cúiseanna dóchais ag muintir na Mí agus cleas Chiarraí go mbeidh siad sna babhtaí leathcheannais le buaiteoirí an lae inné, Dún na nGall, a fuair an ceann is fearr ar Mhuineachán le sártaispeántas sa dara leath, agus Tír Eoghain, a dhíbir Áth Cliath as an gcraobh.

Is cinnte go bhfuil taithí ag foireann na Mí ar an mbua gan choinne agus an ceann is fearr faighte acu ar Áth Cliath agus ar Chiarraí cheana féin sa gcraobh seo. Bhí a háit ar bharr Ghrúpa 2 saothraithe go maith ag foireann Robbie Brennan agus briseadh coicíse faighte acu dá thoradh sin, scíth a d’fhéadfadh a bheith ina buntáiste mór tráthnóna agus iad ag tabhairt aghaidh ar fhoireann a bhfuil a lán taistil déanta agus a lán fuinnimh caite acu le roinnt seachtainí anuas.

Cluiche gan stad an cur síos a rinne Pádraic Joyce ar bhua na Gaillimhe in aghaidh an Dúin ar an Iúr Dé Domhnaigh seo caite, ach d’fhéadfadh sé a bheith ag caint faoi aon cheann de chluichí na Gaillimhe an samhradh seo. Bhí na cluichí i gcoinne Ard Mhacha, Dhoire agus Átha Cliath i mbabhtaí na ngrúpaí uile idir dhá cheann na meá sna soicindí deireanacha, mar a bhí cluiche ceannais Chonnacht in aghaidh Mhaigh Eo roimhe sin.

Ina ainneoin sin, beidh na Gaillmhigh sásta go maith go bhfuil an chuid seo den chraobh bainte amach acu agus an chuma orthu go bhfuil siad ag feabhsú de réir a chéile.

Níl aon athrú déanta ag an Seoigeach, a d’aimsigh deich bpointe i gcoinne na Mí sa gcluiche ceannais sin in 2001, ar an bhfoireann a bhuaigh i gcoinne an Dúin an deireadh seachtaine seo caite. Bhí amhras ann faoi Shane Walsh agus gortú gualainne ag cur as dó sa gcluiche sin ach beidh lucht tacaíochta na Gaillimhe ag súil go bhfuil aon anó curtha dó aige agus go bhfeicfear arís an chomhimirt iontach a bhí idir é féin, Rob Finnerty agus Matthew Thompson i bPáirc an Chrócaigh.

Tá Conor Flaherty ainmnithe sa gcúl arís ag Joyce chomh maith in ainneoin go raibh sé faoi bhrú mór sna cluichí i gcoinne an Dúin agus Ard Mhacha. Ghéill an bainisteoir go raibh sé ar intinn aige an cúl báire a bhaint amach i bPáirc Esler, ach is léir go bhfuil sé ag seasamh leis ag an bpointe seo ar aon nós.

Níl aon athrú déanta ag Robbie Brennan ar a fhoireann ach an oiread, ach dea-scéal do mhuintir na Mí go mbeidh Matthew Costello, duine de na tosaithe is fearr ar an bhfoireann, i measc na n-ionadaithe, agus é tagtha chuige féin ó ghortú. Tá Brian O’Halloran i measc na bhfear ionaid freisin.

Is ag déanamh imní faoi ghortuithe a bhí muintir Chiarraí an tseachtain seo ach is beag dea-scéal atá ann dóibh agus Diarmuid O’Connor agus Mike Breen ar iarraidh. Tá Paul Geaney tagtha ar ais chun áit a bhaint amach i measc na n-ionadaithe, ar a laghad, ach meastar go mbeidh Ciarraí go mór faoi bhrú i lár na páirce in aghaidh Ard Mhacha agus O’Connor agus Barry Dan O’Sullivan anois amuigh don chuid eile den bhliain.

Seán O’Brien agus Joe O’Connor atá ainmnithe i lár na páirce ag Jack O’Connor. Tá Dylan Casey tagtha isteach in áit Mike Breen agus Tom O’Sullivan bogtha suas go dtí an líne leathchúil. Sna leatosaithe a bheidh Micheál Burns agus é ainmnithe in áit Dhiarmuid O’Connor.

Tá a gcuid fadhbanna féin ag Ard Mhacha agus Stefan Campbell in easnamh le gortú láimhe. Tá beagán amhrais ann faoi Barry McCambridge chomh maith, fear a scóráil cúl cinniúnach agus a rinne sárjab ag coinneáil súil ar David Clifford nuair a chas na foirne ar a chéile i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh.

Baineadh McCambridge amach sa gcluiche deireanach a bhí ag Ard Mhacha, an chailliúint in aghaidh na Gaillimhe cúpla seachtain ó shin, ach tá sé ainmnithe ar an bhfoireann inniu. Tá Ben Crealey, Rory Grugan agus Rian O’Neill uile ainmnithe chomh maith tar éis do McGeeney scíth bheag a thabhairt dóibh sa gcluiche sin.

Dé Domhnaigh, 28 Meitheamh

Craobh Shinsir Peile na hÉireann – Babhtaí Ceathrú Ceannais

An Mhí v Gaillimh – Páirc an Chrócaigh, 13:45 (Beo ar RTÉ)
Ard Mhacha v Ciarraí – Páirc an Chrócaigh, 16;00 (Beo ar RTÉ)

Fág freagra ar 'An Mhí agus Ciarraí ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar Ghaillimh agus Ard Mhacha'