An mhacántacht ab ansa le Brian Cody riamh fós sa treis i gCill Chainnigh

Feicimid tráthnóna conas atá ag na ceithre fhoireann atá fágtha i gcomórtas sinsir Chill Chainnigh. Bí cinnte go mbeidh Brian Cody ag féachaint chomh maith...

An mhacántacht ab ansa le Brian Cody riamh fós sa treis i gCill Chainnigh

Bhuaileas le Brian Cody den chéad uair am éigin i bhfómhar na bliana 1973 i mBaile Átha Cliath. Bhí seisean ag freastal ar Choláiste Phádraig Dhroim Conrach agus mise i gColáiste Muire Marino, an bheirt againn ar an mbóthar céanna i dtreo na bunmhúinteoireachta.   

Bhíos an-thógtha leis an méid eolais a bhí aige faoin iomáint i gCorcaigh agus bhí ainmneacha imreoirí óga ón gcontae ar bharr a theanga aige. D’imríos ina choinne cúpla uair sna blianta ina dhiaidh sin. Ach níor labhras i gceart leis arís go dtí go raibh sé istigh i seomra feistis Chorcaí i ndiaidh chraobh na hÉireann 1999, é ina bhainisteoir nua ag Chill Chainnigh agus iad caillteach ina gcéad chraobh mar bhainisteoir. Bhíos an-thógtha leis an méid a dúirt sé lenár n-imreoirí an tráthnóna sin. Bhí macántacht agus dáiríreacht ina gcuid focal.

An bhliain ina dhiaidh sin, bhí Cill Chainnigh ar ais sa chluiche ceannais agus bhí an bua acu an uair seo. Agus a leithéid de fiche bliain acu faoi stiúir Cody ó shin: 11 craobh na hÉireann, 15 craobh cúige, 9 sraith náisiúnta agus corn an Bhreathnaigh buaite seacht n-uaire acu.

Mar aon leis sin, d’imríodar i gcúig chluiche ceannais na hÉireann a chailleadar.

Is mór an difríocht idir an fhoireann chaillteach sin i 1999 agus an fhoireann a rachaidh chun páirce sula fada i mbliana. Tá an stíl imeartha athraithe go mór agus is iomaí imreoir nua atá tugtha isteach ag Cody ar fhoirne Cill Chainnigh. Is iomaí réalta atá tugtha chun aibíochta aige.

Brian Cody i 1983. Pictiúr: ©INPHO/Billy Stickland

Agus is iomaí uair a bhuaigh foirne faoina stiúir cluichí móra agus gan mórán seans tugtha dóibh roimh ré.

Bhí an mhacántacht mar bhunphrionsabal ó thús ag Cody. Bhí an dáiríreacht ann leis agus an eitic iontach oibre sin. Tuigeann gach imreoir atá ag imirt leis na sinsir dá chlub i gCill Chainnigh go bhfuil na trí phrionsabal sin ag teastáil uathu thar aon rud eile agus iad ag dul chun páirce ar fhoireann de chuid Cody.

Um thráthnóna feicimid ar RTÉ conas atá ag na ceithre fhoireann atá fágtha i gcomórtas sinsir an chontae.

Chonac seaimpíní na hÉireann, Seamróga Bhaile Héil, an Domhnach seo caite, agus bunaithe ar an dtaispeántas a thugadar, tá siad ag cloí le bunphrionsabail Cody agus iad ag súil an tríú craobh contae i ndiaidh a chéile a thabhairt leo.

Más leo an chéad céim a thabhairt níos déanaí inniu, caithfidh siad an ceann is fearr a fháil ar chumann Cody féin, James Stephens.

Caithfidh Stephens a bheith i mbarr a maitheasa ar fad chun go mbeadh aon seans acu.

Sa chluiche leathcheannais eile Baile Dic agus Gaeil Uí Lochlainn a bheidh in adharca a chéile. Ta an-mheas ar Ghaeil Uí Lochlainn sa chontae ach déarfainn go mbeidh an cluiche seo cothrom go leor.

Amárach beidh cluichí ar TG4 ó chontae Aontroma agus an cluiche ceannais á imirt idir Cumann Cúchulainn Dhún Lathaí agus Seamróga Loch gCaol. Tá an-taithí ag na Seamróga ach is iad Dún Lathaí atá mar rogha na coitiantachta.

Bainigí súp as na cluichí ar fad.

Fág freagra ar 'An mhacántacht ab ansa le Brian Cody riamh fós sa treis i gCill Chainnigh'