An mbíonn lucht na Gaeilge agus mionteangacha eile róghoilliúnach faoi ‘jócanna’ ar líne?

Dar le Coimisinéir Teanga na Breatnaise, Aled Roberts go bhféadfaí ionsaithe ar an Bhreatnais a chur i gcomparáid le hIoslamafóibe nó le frithSheimíteachas agus ní mó ná sásta a bhí Gaeil ar líne le tvuít faoin nGaeilge a chuir John Cleese amach

An mbíonn lucht na Gaeilge agus mionteangacha eile róghoilliúnach faoi ‘jócanna’ ar líne?

Djalili dalba dána. Rinne an fear grinn, de bhunadh Iaránach, rinne sé tvuít a spoch as an Bhreatnais an tseachtain seo caite. Agus é ar cuairt sa Bhreatain Bhig, chonaic sé fógra dátheangach d’ionad turasóireachta a bhain gáire as: ‘Gardd Fontaneg Genedlaethol/National Botanic Garden’. Thóg sé pic den fhógra, ghreamaigh an líne “There are worse things than being Welsh, dyslexic & having a terrible stutter. But not many” leis agus chuir an t-iomlán ar líne.

Ní róshásta a bhí gach aon chainteoir Breatnaise leis an ghreann. Thug an réiteoir rugbaí mór le rá, Nigel Owens, le fios nach raibh an jóc greannmhar. Alt an-fhada an-dáiríre nuachtáin a thug ar Owens an easpa grinn a léiriú sa ghreann nach raibh greannmhar. Bhí Coimisinéir Teanga na Breatnaise, Aled Roberts – sea, tá Comish acu féin – bhí seisean ní ba ghonta ina cháineadh. Dúirt sé go bhféadfaí ionsaithe ar an Bhreatnais a chur i gcomparáid le hIoslamafóibe nó le frithSheimíteachas.

Tháinig tvuít Djalili sna sála ar thagairtí ar líne John Cleese, fear grinn eile, faoin Ghaeilge. Bhí Cleese ag cur ceist faoi litriú na Gaeilge, ‘v’ a  úsáid in áit ‘bh’, agus ní róshásta a bhí sé le litriú ainmneacha ach an oiread: “It’s impossible to pronounce. Why don’t you Irish spell your names properly?” Ní fearadh na fáilte a chuir roinnt de lucht na Gaeilge ar líne roimh a chuid tuairimí ach an oiread.

Ní fhacthas dom go bhféadfaí tuairimí Djalili a chur i gcomparáid le hIoslamafóibe nó le frithSheimíteachas. Tuigeann tú gan amhras don chlaonadh atá i mórán de lucht mionteangacha éirí cantalach faoi thagairtí a fheictear dóibh bheith diúltach ach, bhuel, sin an saol ag an teanga bheag sa domhan mhór.

Omid Djalili

Aisteach go leor, chaith Djalili seal ar Ollscoil Uladh i gCúil Raithin ina mhac léinn thiar sna 1980í ach is beag seans go raibh deis aige aithne a chur ar chol ceathair sin na Breatnaise, an Ghaeilge, an t-am sin. Bhí agus bíonn fógraí Gaeilge gann faoi Chúil Raithin.

Lena chois sin, tá sé chomh maith agam m’fhaoistin féin a dhéanamh agus a rá gur éirigh mé as an chúrsa ollscoile Breatnaise i ndiaidh míosa. Ní thiocfadh liom ciall ná ciall a bhaint as an litriú – na y-anna, w-anna agus g-anna sin ar fad sna háiteanna nár cheart do y, w ná g a bheith. Tá mé leath bealaigh, is cosúil, idir Ioslamafóibe Djalili agus cantal Cleeseach.

Ba é an rud is mó a rith liomsa nuair a chonaic mé tvuít Djalili gur léiriú eile a bhí ann ar a chuimsithí agus a bhí polasaí dátheangach na Breatnaise sa tír. Bhain sé iontas asam féin agus mé ar cuairt sa Bhreatain Bhig lá den tsaol an oiread sin fógraí a bhí le feiceáil sa dá theanga, ní hamháin na cinn oifigiúla – comharthaí bóthair, srl – ach na cinn a bhí in Tesco’s, Sainsbury’s agus sna siopaí móra, ar nós HMV.  Ní fheicfeá am oscailte i nGaeilge ar na siopaí ar Shráid Grafton ach d’fheicfeá i mBreatnais iad i gCaerdydd.

Agus ná bímis ag tromaíocht ar Cleese bocht. Níor dhúirt sé rud ar bith nach ndeir mórán de phobal na hÉireann faoin Ghaeilge. Litriú na Gaeilge? Leoga, nach bhfuil Fódhla agus Fódla againn, Clíodhna agus Clíona, Brónach agus Bróna, Séamus agus Seamus agus Séamas agus Seamas agus… Arú, cuir leis an liosta de réir mar is mian leat. (Tagann cumha orm féin in amanna nach ndearna mé rogha de Ó Muirígh nó Ó Muireadhaigh in áit Ó Muirí leamh leadránach. Why don’t we Irish spell our names properly?)

Sea, ní maith le lucht mionteangacha drochphoiblíocht. Goilliúnach atá siad ar chúiseanna maithe, is fíor. Ach is olc an ghaoth ghreannmhar nach séideann maith ar bith. Measaim go bhfuil deis phoiblíochta caillte ag lucht feachtais an dá theanga. Beidh cuimhne ag mórán léitheoirí ar an chlár sin, In the Name of the Fada, a rinne an fear grinn s’againne féin, Des Bishop. Bhain sé lena chuid iarrachtaí le Gaeilge a fhoghlaim agus seó grinn i nGaeilge a reáchtáil. Tharraing an clár aird ar an teanga ar bhealach an-nuálach ar fad agus is cinnte go raibh daoine ag amharc air nach n-amharcfadh ar chlár Gaeilge de ghnáth.

Deis mhargaíochta nua, mar sin, ag lucht teilifíse? Thiocfadh le TG4 cuireadh a chur ar Cleese leis an mhír chlúiteach sin as The Life of Brian a athchruthú i nGaeilge, an ceann ina mbíonn Cleese ina thaoiseach céid agus é ag ceartú Laidin bhacach lucht graifítí: Romanes eunt domus/Abhaile libh, a Rómhánaigh. Bhain Cleese agus a chomhghleacaithe greann agus an-ghreann as litriú, díochlaontaí, tuisil agus eile sa phíosa.

Cá bhfuil an cainteoir Gaeilge a chonaic sin agus nár smaointigh ar rang gramadaí sa teanga seo? Cruinneas, a mhac, cruinneas!

Agus S4C? Rachainn i dteagmháil le Djalili agus sraith à la Des a thairiscint dó. Cad é faoi ‘Diolch Djalili’ mar ainm air?

Fág freagra ar 'An mbíonn lucht na Gaeilge agus mionteangacha eile róghoilliúnach faoi ‘jócanna’ ar líne?'

  • Mac an Mheiriceánaigh

    “Ní fhacthas dom go bhféadfaí tuairimí Djalili a chur i gcomparáid le hIoslamafóibe nó le frithSheimíteachas. Tuigeann tú gan amhras don chlaonadh atá i mórán de lucht mionteangacha éirí cantalach faoi thagairtí a fheictear dóibh bheith diúltach ach, bhuel, sin an saol ag an teanga bheag sa domhan mhór.”

    Ní fheictear dom go bhféadfaí an frithfheimineachas a chur i gcomparáid le hIoslamafóibe nó le frithSheimíteachas. Tuigeann tú gan amhras don chlaonadh atá i mórán de lucht na mban éirí cantalach faoi thagairtí a fheictear dóibh bheith diúltach, ach, bhuel, sin an saol ag an mbean sa domhan mór.

    Ní fheictear dom go bhféadfaí an frithaiteachas a chur i gcomparáid le hIoslamafóibe nó le frithSheimíteachas. Tuigeann tú gan amhras don chlaonadh atá i mórán don lucht aerach éirí cantalach faoi thagairtí a fheictear dóibh bheith diúltach, ach, bhuel, sin an saol ag an duine aerach sa domhan mór.

    Cuir isteach pé grúpa ba mhaith leat agus tuigfidh tú. Is éagóir atá i bhfuath ar mhionlach ar bith agus ní thaise do phobal mionteanga.

    “Is leis na fir an domhan mór, níl aon éalú uaidh sin”
    “Is leis an duine geal an domhan mór, níl aon éalú uaidh sin”
    “Is leis an mBéarla an domhan mór, níl aon éalú uaidh sin”

    Ní fheictear dom go bhfuil aon ní idir na habairtí sin ó thaobh na héagóra de.