An mbeidh Biden in ann an Bhóinn a shéanadh ar an Fhear Bhuí?

Amharc ar na soláthraithe nuachta i Meiriceá agus is doiligh a chreidbheáil go bhfuil na hiriseoirí ag tuairisciú ar an tír chéanna

An mbeidh Biden in ann an Bhóinn a shéanadh ar an Fhear Bhuí?

Bíodh trua againn do vótóirí bochta na Stát Aontaithe. Tá níos lú ná 50 lá fágtha roimh an lá mhór agus tá gach aon ghné de shaol poiblí, cultúrtha, spioradálta, sóisialta agus spórtúil na tíre sáinnithe agus sáite i seascann na polaitíochta.

Tá mé ag éisteacht le podchraoladh as na Stáit faoi chúrsaí greannán. Tá an cainteoir ag tabhairt amach faoi dhroch-chaighdeán na ngreannán DC agus Marvel. Creideann sé go mbaineann lag trá na laochra leis an olc a bhí ar scríbhneoirí le bua Trump tá ceithre bliana ó shin; bhain siad úsáid as na carachtair a bhí faoina gcúram lena gcuid polaitíochta féin a chur chun cinn. Ní polaitíocht atá uaidh ach scéalta maithe.

Go tobann, gan choinne, áit inteacht idir an chaint ar Spider-Man agus Superman, luann sé go mbeidh an lá le Trump ar theacht na Samhna. “Ní maith le Meiriceánaigh círéibeacha,” a deir sé agus é ag trácht ar an fhoréigean a tharla i roinnt cathracha, cathracha a bhí faoi cheannas polaitiúil na nDaonlathach. Cháin Trump na círéibeacha lena chuid tvuíteanna – LAW AND ORDER – nó is éifeachtaí ceannlitreacha ná cinn bheaga. Ar éigean, go drogallach agus go mall a cháin Biden na trioblóidí céanna.

Agus leathshúil agam ar Cheiltigh Bhostúin san NBA, léim tuairisc nuachta faoi chluiche. Go leor de na tráchtairí ag bun an ailt, tugann siad amach faoi shluáin atá greamaithe de gheansaithe na n-imreoirí, ábhar a bhaineann le BLM. Níl siad sásta. Tugann tráchtairí eile amach dóibh as gan a bheith sásta. Is beag plé a dhéantar ar an chispheil féin.

Amharc ar na soláthraithe nuachta. Is doiligh a chreidbheáil go bhfuil na hiriseoirí ag tuairisciú ar an tír chéanna. Tabhair spléachadh ar CNN, MSNBC nó The New York Times agus shílfeá gur tír fhaisisteach a bhí sna Stáit. Dírigh do shúile ar a gcéilithe comhraic ar an bhruach eile – Fox News, The Daily Wire, The Rubin Report – agus shílfeá go raibh an tír ar fad ina lasracha.

Seach-oifigí preasa de chuid na nDaonlathach atá sna meáin mhóra, de réir dreama amháin; diabhail chiníocha de chuid na heite deise atá sna tráchtairí ar líne, de réir an dreama eile. Tá Trump ina Hitler, a deir drong amháin, agus tá Joe Biden ina Joe Stalin, a deir an drong eile.

Trump ina Hitler? An fear a bhí le feiceáil ar scáileáin an domhain ar feadh na mblianta agus gach aon “You’re fired!” áiféiseach as a bhéal aige? An Trump sin? An fear sin a bhí mar ábhar magaidh ag mórán daoine, fear a bhí faoi agallamh go mion minic ar an teilifís, fear ait an airgid? An fear sin? Is Hitler anois é? Is maith mar a cheil sé na tréithe sin ar feadh na mblianta agus é ag tógáil cúrsaí gailf agus spéirthithe.

(Dá mhéid a chlú mar thógálaí, níor éirigh leis an balla sin idir na Stáit agus Meicsiceo a thógáil, rud a tugann ábhar sásaimh do lucht a cháinte agus ábhar gearáin do lucht a mholta.)

Bhuel, tá go maith. Níor chóir go mbeadh sé deacair fáil réidh le Hitler. Ach cad é an tEisenhower a d’earcaigh na Daonlathaigh le haghaidh a thabhairt ar Adolf. (Sea, tá a fhios agam gur Poblachtánach a bhí ann mar Ike.) Seo Joe Biden, polaiteoir gairmiúil a léiríonn an bua is mó a bhíonn ag polaiteoirí gairmiúla; maireann siad ó aois go haois, ag carnadh airgid. Sa mhéid is go raibh ré ag Biden, shíl gach aon duine gur tháinig sí chun críche le huachtaránacht Obama. Cé a chreid go mbeadh sé san iomaíocht don uachtaránacht agus é sin in éadan fir atá rud beag níos óige ná é?

Thairis sin, is léir don dall go bhfuil an tseanaois ag teannadh ar Biden agus ag teannadh go míthrócaireach air. Dá léireodh Trump seachrán den tsórt a bhaineann tuisle teanga as Biden ar ócáidí, ní ligfeadh na meáin mhóra leis é. Thit ceann de na habairtí ciotacha sin as béal Biden an lá faoi dheireadh féin; labhair sé ar “Harris/Biden administration”. Thug sé tús áite dá chompánach polaitiúil, an t-iarrthóir ar leas-uachtaránacht na Stát, Kamala Harris, bean a d’ionsaigh Biden go fíochmhar lá den tsaol agus iad san iomaíocht do bheannacht an pháirtí.

Peaca marfach a bhí ansin ag Biden; eisean rogha a pháirtí don Teach Bhán, captaen na foirne; níl an tábhacht chéanna leis an chomhiarrthóir. Thug an chaint chiotach sin deis eile do lucht a cháinte tuilleadh ionsaithe a dhéanamh air: dá mbainfeadh sé, an gcaithfeadh sé ceithre bliana sa Teach Bhán?

Mar sin féin, is é rogha na nDaonlathach é; an laoch a sheasfaidh an t-áth. An mbeidh Biden in ann an Bhóinn a shéanadh ar an Fhear Bhuí?

Lilí, ba léir ó, ba léir ó, b’againn an lá…

Fág freagra ar 'An mbeidh Biden in ann an Bhóinn a shéanadh ar an Fhear Bhuí?'