An mbeadh an DUP toilteanach glacadh le Martin McGuinness mar Chéad-Aire?

Is údar imní é an blas ‘coinníollach’ atá ar thiomantas an DUP do roinnt na cumhachta

Arlene Poster

Tá daoine a rugadh aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta i dteideal vóta a chaitheamh den chéad uair sa toghchán an tseachtain seo chugainn. Bhí scata díobh ar chlár teilifíse ar BBC Thuaisceart Éireann le déanaí. Bhí a gcuid ceisteanna uileghabhálach agus pointeáilte. Tar éis comhrá fada a léirigh dúil dhúghafa an DUP sa Chéad-Aireacht, chuir bean óg ceist na hoíche, ceist an fheachtais go deimhin, ar ionadaí an DUP, Alastair Ross.

Mura mbeadh an DUP i dteideal na Céad-Aireachta an mbeidís toilteanach glacadh le duine ó pháirtí eile, abair Martin McGuinness, mar Chéad-Aire?

“Ní hé sin an toradh atá uainn,” arsa Ross. “Táimid ag glacadh páirt sa toghchán lena bhuachan, le bheith sa chéad áit. Tá sé tábhachtach go mbeadh Arlene ina Céad-Aire agus táimid neamhleithscéalach faoi sin.”

Chuir an láithreoir i gcuimhne do Ross gur comhphoist iad an Chéad agus an LeasChéad Aireacht, faoin reachtaíocht.

D’fhreagair ionadaí an DUP go raibh gradam ag dul leis an bpost agus gur ag an bpríomhpháirtí a bhíonn an chéad rogha de na haireachtaí, faoi chóras d’Hondt.

Is ag an bpáirtí is mó a bhíonn an líon is mó aireachtaí. Chuir an bhean óg an bhuncheist ar an bpolaiteoir arís agus arís eile ach níor fhreagair sé í. Sa deireadh chuir sí an cheist air ar bhealach eile – an mbeadh an DUP toilteanach an Comhaontú a chomhlíonadh agus freastal faoi Chéad-Aire ó pháirtí eile. Ní bhfuair sí freagra soiléir.

Cén fáth a raibh sé ag iarraidh í a dhalladh le reitric? An léi a bhí sé ag caint nó leis na fíréin san DUP ar crá croí dóibh roinnt na cumhachta le Sinn Féin mar pháirtí sóisearach gan trácht ar thosaíocht a thabhairt dóibh? Drochsheans go mbeidh orthu cinneadh a dhéanamh faoin gceist an geábh seo ach is údar imní é an blas coinníollach atá ar thiomantas an DUP do roinnt na cumhachta.

Ar ndóigh, tá ciall le páirtí a bhí sa phríomháit a bheith ag iarraidh filleadh go Stormont leis an líon is mó teachtaí agus an chéad-aireacht. Tuige nach mbeidís á iarraidh sin? Ach is iad na cúiseanna leis an gcuspóir a chothaíonn ceisteanna. Chun a chinntiú nach é Sinn Féin an páirtí is mó agus nach é Martin McGuinness an chéad-aire, arsa Nigel Dodds, leascheannaire an DUP le gairid; ní dúirt sé tada faoi bheith ag iarraidh polasaithe a chur i gcrích. Ar ócáid eile, thug Dodds foláireamh faoi ‘anord’ mura mbeadh an DUP ar cheann an rása i Stormont. “Is í an chéad-aireacht íomhá phoiblí Thuaisceart Éireann, a léiríonn don domhan cé sinn agus cad iad ár luachanna,” ar sé.

Is léir nach ionann an íomhá a bheadh ag an DUP faoi ‘cé sinn’ is a bheadh ag poblachtánach mar chéad-aire. Buille trom d’aontachtaithe a bheadh ann ar bhonn polaitíochta agus síceolaíochta. Theastódh athrú ollmhór ar phatrúin vótála ach dá dtarlódh sé, céard a dhéanfadh an DUP? Ar éigean a bheidh siad in ann an cheist a sheachaint go deo.

Bheadh dhá rogha acu. A gceannaire nó ionadaí thar ceann an cheannaire sin a ainmniú mar LeasChéad Aire nó –mar atá éilithe ag Jim Allister TUV – diúltú aon ainmniúchán a dhéanamh. Chinnteodh an dara rogha sin anord gan dabht. Géarchéim níos tromchúisí a bheadh ann ná sáinn ar bith a bhí ann le naoi mbliana anuas. Deireadh le dílárú cumhachta a bheadh ann, seans. Is cosúil nach mbeidh ar an DUP an rogha a dhéanamh i mbliana ach is údar machnaimh dóibh é do lá eile. Cén freagra a bheadh ar an gceist? Dualgas a chomhlíonadh nó leas an pháirtí a dhéanamh?

Fág freagra ar 'An mbeadh an DUP toilteanach glacadh le Martin McGuinness mar Chéad-Aire?'