An leor branda Doug Beattie do théarnamh an UUP?

Níor ghá do cheannaire an UPP ach a rá gur ghlac sé féin agus a pháirtí le breith dhaonlathach na vótóirí, ach ní dúirt

An leor branda Doug Beattie do théarnamh an UUP?

‘Is sinne páirtí Aontachtach Uladh agus táimid ar ais.’

Bhí an t-atmaisféar dearfach dóchasach, toscairí sásta lena gceannaire nua, Doug Beattie, tar éis 100 lá.

N’fheadar an bhfuil siad ábhairín róshásta róluath? Tá íomhá an pháirtí feabhsaithe le leathbhliain go cinnte, cuma níos fuinniúla air ná mar a bhí le fada. Tá iarracht á déanamh ag Beattie idirdhealú a dhéanamh idir an UUP agus an DUP chun féiniúlacht an UUP a fhógairt. Ar leor íomhá chun a bheith buacach?

Díol suntais ab ea cur chuige nua an UUP, mná agus daoine óga níos líonmhaire ná mar ba ghnách ag a chomhdháil bhliantúil i mBéal Feirste. Bhí béim ar an ilchineálacht, rince Gaelach ar stáitse, an phíb mhór á seinm agus ceol ska á phlancadh amach ag an gcóras fuaime. Ba í teachtaireacht an UUP, leagan Dheireadh Fómhair 2021, go raibh fáilte sa pháirtí roimh dhaoine ó gach cúlra a thacaigh leis an Ríocht Aontaithe agus ról Thuaisceart Éireann inti. Cúpla lá roimhe sin bhí girseach ag imirt camógaíochta, daoine ó mhionlach eitneach agus lánúin comhghnéis i measc na ndaoine a bhí i gcraoladh polaitíochta an pháirtí ar an teilifís.

‘Brandáil’ úr a thug lucht margaíochta ar an leagan amach seo. Ba léir gur thaitin sé leosan a bhí i láthair. Thagair cuid acu don difríocht idir an ócáid phléisiúrtha s’acu féin agus an dá theacht le chéile anróiteacha a bhí ag an DUP san ionad céanna le tamall. Leathdháiríre a bhí an té a dúirt ‘níor shiúil éinne amach mar agóid Dé Sathairn agus baineadh sult as an dinnéar istoíche murab ionann agus ceiliúradh 50 bliain an DUP’ ach ba dheas le baill eile an sáiteán.

Ba í óráid Doug Beattie ag an gcomhdháil a chéad aitheasc mar cheannaire. Níl aon dabht ach gur shásaigh sé a raibh i láthair. Tá a scéal pearsanta féin tarraingteach don ghnáthdhuine gur maith leis go bhfuil laethanta an tí mhóir sa pháirtí thart. Mac saighdiúra é Beattie a d’fhág an scoil ag 15 i ndiaidh bás a mháthar agus a chuaigh in Arm na Breataine ag 16.

Chaith sé téarmaí sa Bhoisnia, sa Chosaiv, san Iaráic agus san Afganastáin. Thuill sé gradaim chalmachta, ina measc bonn NATO agus an Chros Mhíleata. Bhain sé céim chaptaein amach sular chuir sé deireadh lena sheirbhís mhíleata tar éis ocht mbliana fichead. D’fhill sé abhaile go Port an Dúnáin agus toghadh ina theachta Tionóil é in 2016.

Aontachtach liobrálach a ghlaoitear air. Tá sé liobrálach maidir le ceisteanna sóisialta; ba é a mhol an rún in Stormont go gcuirfí bac ar an gcleachtas barbartha homaighnéasaigh a “leigheas” agus thacaigh sé leis an bpósadh comhghnéis. Ar an láimh eile de, ní thacaíonn sé le hAcht Gaeilge cé go ndeir sé nach bhfuil sé naimhdeach d’úsáid na teanga.

Níl sé soiléir cá seasann sé ar chuid mhaith ábhar. Tá sé go mór i bhfabhar a thuilleadh maoine a thabhairt don Roinn Sláinte ach ní hionadh sin. Is í an Aireacht Sláinte an t-aon phost sa bhFeidhmeannas atá ag an UUP. Tá sé d’ádh ar Beattie agus an UUP go bhfuil formhór mór an phobail sásta le hobair Robin Swann mar Aire Sláinte le linn na paindéime Covid-19. Labhair sé faoi na dúshláin – dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le héifeacht an Bhreatimeachta ach níl aon pholasaí fógartha aige – faoi thithíocht, fostaíocht, pá, leas sóisialach, ná deiseanna infheistíochta de bharr an Phrótacail iarBhreatimeachta.

Nochtann a leagan amach i leith an Phrótacail cruachás Beattie agus an UUP. Cé hiad na vótóirí aontachtacha a bhfuil sé sa tóir orthu? Tá sé deimhin de nach ndéanfaidh sé margadh réamhthoghcháin le páirtithe aontachtacha eile, go leanfaidh an UUP a chúrsa féin. Ach nuair a bhain sé leis an bPrótacal tarraingíodh isteach sa chomhghuaillíocht aontachtach é. Sheas sé le Jeffrey Donaldson, DUP, Jim Allister, TUV, agus Billy Hutchinson, PUP, chun a gcomhfhreasúra don bPrótacal a léiriú, ar iarratas/ordú an Oird Oráistigh, deirtear. Níos deireanaí d’fhreastail sé ar chruinniú le Donaldson agus Allister ag comhdháil na gCaomhach i Manchain. Bhí míchompord Beattie follasach, é ag soiléiriú nár aontaigh sé le bagairt an DUP Stormont a scor ach é le tuiscint go mb’éigean dó a bheith páirteach ar mhaithe lena leas polaitiúil.

Is cosúil go bhfuil gaiste Aontachtach eile nach raibh sé in ann a sheachaint chun a chúrsa féin a stiúradh. Dhiúltaigh sé freagra a thabhairt ar an gceist “más é an UUP an páirtí aontachtach is mó, an nglacfaidh tú leis an leasChéad-Aireacht más ag Sinn Féin a bheas an Chéad-Aireacht?” Ba é a fhreagra go mbeadh sé ag feachtasaíocht le bheith ina Chéad-Aire agus dá bhrí sin go mbeadh sé seafóideach an cheist a fhreagairt.

Baineann an cheist seo le hábhar mar gur dhúirt ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson gur ‘fadhb mhór’ a bheadh ann d’aontachtaithe Sinn Féin a bheith i dteideal na Céad-Aireachta. Ina theannta sin deir Jim Allister go seasta nár cheart d’aon aontachtach glacadh le ról mar LeasChéad-Aire dá mbeadh Sinn Féin ar thús cadhnaíochta.

Níor ghá do Beattie ach a rá gur ghlac an UUP, agus é féin, leis an daonlathas, le breith na vótóirí. Níor dhúirt. Caolseans go dtabharfaidh sé sin ar ais chuige na vótóirí a d’imigh chuig Alliance nó a d’fhan sa mbaile. Tá níos mó ná brandáil de dhíth.

Fág freagra ar 'An leor branda Doug Beattie do théarnamh an UUP?'