An lámh in uachtar ag Maduro i Veiniséala, amhras caite ar thoradh an toghcháin

Más fíor do na torthaí oifigiúla, bhí an bua ag Nicolás Maduro i dtoghchán uachtaránachta Veiniséala, ach tá calaois curtha ina leith ag an bhfreasúra

An lámh in uachtar ag Maduro i Veiniséala, amhras caite ar thoradh an toghcháin

De réir na dtorthaí oifigiúla, bhí an lámh in uachtar ag uachtarán reatha Veiniséala, Nicolás Maduro, i dtoghchán uachtaránachta an Domhnaigh seo caite, agus mura gcuirfidh agóid intíre agus brú idirnáisiúnta de dhroim seoil é, beidh Maduro, atá i gceannas ar Veiniséala ó bhí 2013 ann, in ann tabhairt faoina thríú téarma sé bliana.

Tá an freasúra ag cur calaois ina leith agus seachas Vladimir Putin agus ceannairí na Síne, na Bolaive agus Chúba, is beag duine taobh amuigh de Veiniséala a chreideann go raibh bua ionraic ag Maduro.

De réir na dtorthaí oifigiúla bhí rud beag le cois 51 faoin gcéad de na vótaí ag Maduro agus bhí breis agus 44 faoin gcéad ag iarrthóir an fhreasúra, Edmundo González.

Deir an freasúra áfach nach bhfuil sé sin cruinn ná baol air. Deir siad gur éirigh leo féin iniúchadh a dhéanamh go dtí seo ar 73 faoin gcéad de na torthaí vótála agus go léiríonn an líon vótaí sin féin gur ag a n-iarrthóir féin, González, a bhí an bua dáiríre.

Easpa trédhearcachta an fhadhb is mó, go deimhin, i dtoghcháin Veiniséala ó tháinig Nicolás Maduro i gcomharbacht ar Hugo Chávez in 2013. Dhá mhí ó shin, tarraingíodh siar cuireadh a bhí tugtha do mhonatóirí idirnáisiúnta agus Dé Luain, cuireadh isteach ar an bhfreasúra nuair a theastaigh uathu súil a choinneáil ar chomhaireamh na vótaí.

Ceannaire tiarnúil de chuid na heite fíorchlé atá i Nicolás Maduro a gcuirtear imeaglú agus forlámhas ina leith go minic. Go deimhin d’fhág nach mór 8 milliún Veiniséalach a dtír dhúchais ó bhí 2015 ann – sin duine as gach cúigear. I Meiriceá Theas agus Láir, cuirtear ‘Teitheadh na Veiniséalach’ i gcomparáid le géarchéim na dteifeach ón Meánoirthear san Eoraip.

Tá amhras caite ag ceannairí roinnt mhaith tíortha i Meiriceá Theas agus Láir ar thoradh an toghcháin agus dá bharr sin tá an ruaig curtha scun scan ag Maduro ar ambasadóirí na dtíortha sin: an Airgintín, an tSile, Peiriú, Uragua, Cósta Ríce, Panama agus an Phoblacht Dhoiminiceach. Tá an tír is mó agus is cumhachtaí sa réigiún, an Bhrasaíl, ag fanacht ar an gclaí go fóilleach agus cé nach bhfuil amhras caite ag an tír sin ar thoradh an toghcháin go hoifigiúil níl an toradh aitheanta go hoifigiúil ag an mBrasaíl ach oiread.

Deir na Stáit Aontaithe go bhfuil sé ‘deacair muinín a chur’ i dtoradh an toghcháin agus tá breis trédhearcachta á éileamh ag an Aontas Eorpach.

Agus anois?

Tá sé ráite ag an bhfreasúra go leanfaidh siad orthu ag troid ‘go dtí an deireadh’ i gcoinne thorthaí oifigiúla an toghcháin. Cheana féin an tseachtain seo, bhain póilíní Veiniséala úsáid as deoirghás i gcoinne agóideoirí agus is dóichí ná a mhalairt go mbeidh rialtas Maduro níos géire fós ar an bhfreasúra má leanann siad lena gcuid léirsithe.

Tá breis smachtbhannaí á mbagairt go hidirnáisiúnta agus d’fhéadfadh sé go mbeadh Veiniséala scartha amach ón gcuid is mó de Mheiriceá Theas agus Láir amach anseo má fhanann Nicolás Maduro i gcumhacht.

Ar deireadh, is dóichí ná a mhalairt go mbeidh níos mó Veiniséalach fós ag iarraidh a dtír a fhágáil agus d’fhéadfadh géarchéim theifeach, mar a tharla cheana féin in 2019, a bheith i Meiriceá Theas agus Láir arís.

Fág freagra ar 'An lámh in uachtar ag Maduro i Veiniséala, amhras caite ar thoradh an toghcháin'

  • JP

    Deachtóir lofa brúidúil eile, ná bímis ag ceangailt lipéadaí ar nós ‘clé’ nó eile amach as.
    Sí an Spáinn an mháthair-thír agus caradas dlúth eatartu i gcónaí, ar bhonn pearsanta leis.
    Níl aon iniúchadh déanta maidir leis an trádáil rábach atá eatarthu, ola, mianraí den uile chineál agus ór go háirithe.