An Ghaillimh ar a gcompord le peil Uladh faoi dheireadh agus ceachtanna eile CLG…

Bhí go leor le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

An Ghaillimh ar a gcompord le peil Uladh faoi dheireadh agus ceachtanna eile CLG…

Gaillimh ag dul i dtaithí ar pheil Uladh

Bhí sé soiléir ó thús ré Kevin Walsh i nGaillimh go raibh an bainisteoir ag iarraidh stíl níos cosantaí a chur i bhfeidhm. An chéad chúpla bliain, faraor, cé go mbíodh a leath féin den pháirc plódaithe le himreoirí ag Gaillimh, bhreathnaigh sé nach raibh a fhios acu go díreach céard a bhí le déanamh acu agus iad ann.

Agus trí chluiche as a chéile anois buaite acu i Roinn 1, gan oiread is cúl amháin a ghéilleadh, tá an chuma ar an scéal go bhfuil athrú tagtha air sin. Meastar gurb é tionchar Paddy Tally, a tháinig isteach mar chóitseálaí i mbliana, is cúis leis sin.

Bhí Tally ar fhoireann bainistíochta Thír Eoghain a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2003 agus an-chur amach aige ar a bhfuil ag teastáil chun córas láidir cosanta a chur i bhfeidhm. Inné in aghaidh Mhaigh Eo, ní raibh imreoirí Stephen Rochford in ann briseadh tríd, rud a d’fhág iad ag pasáil na liathróide anonn agus anall ar fud na páirce agus gan aon dul chun cinn á dhéanamh acu.

A mhalairt de scéal a bhí ag Gaillimh mar is ar an bhfrithionsaí a imríonn siad den chuid is mó anois agus feileann sé sin Damien Comer, Shane Walsh, Éamonn Brannigan agus a leithéidí, a bhfuil an-luas iontu.

 

Stephen Rochford. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Tiocfaidh feabhas ar Mhaigh Eo ach na laigí céanna fós le sárú

Is cinnte go dtabharfaidh na foirne eile suntas do na deacrachtaí a bhí ag Maigh Eo in aghaidh na Gaillimhe. Tá a lán imreoirí maithe acu nár fhill fós ar fhoireann Stephen Rochford, ach mar sin féin, cuirfidh easpa cruthaitheachta Mhaigh Eo as don bhainisteoir.

Bíonn Maigh Eo i gcónaí ag brath go mór ar fhuinneamh a gcuid cosantóirí chun deiseanna a chruthú ar an ionsaí agus ba é a fhearacht sin inné acu é. Níor aimsigh Maigh Eo ach ceithre phointe ón imirt i Staid an Phiarsaigh agus is ó chosantóirí- – Paddy Durcan, Colm Boyle agus Eoin O’Donoghue—a tháinig trí cinn acu.

Nuair nach mbíonn na bearnaí sin le feiceáil i measc chosantóirí an fhreasúra, ag streachailt a bhíonn Maigh Eo. Inné, bhí seilbh na liathróide acu ar feadh tréimhsí fada ach ní raibh siad in ann tada a dhéanamh léi.

Bhí an chuma ar Mhaigh Eo inné nach bhfuil siad sách aclaí fós, ach tiocfaidh feabhas air sin roimh an samhradh agus nuair a thiocfaidh Lee Keegan agus Keith Higgins ar ais. Mar bharr ar an mí-ádh, breathnaíonn sé nach bhfuil aon ionadaí faighte acu fós ar Andy Moran, rud a thabharfadh rogha eile dóibh sa líne lántosach sa chás nach mbeadh aon toradh ar na ruathair sin ón gcosaint.

 

Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Cathanna fíochmhara le teacht i Roinn 2

Ceann de na rudaí is fearr faoin tSraith ná go dtugann sí deis d’fhoirne cluichí a imirt i gcoinne foirne atá ar aon chaighdeán leo féin. Tá sé sin fíor faoi na ranna ar fad ach is cinnte, agus trí bhabhta imeartha, gurb í Roinn 2 is cothroime go dtí seo.

Tá an scéal curtha beagáinín as a riocht mar gheall gur cuireadh an cluiche idir An Mhí agus An Cabhán ar ceal inné. Bheadh pé ceann de na foirne sin a bhuafadh inné amuigh chun tosaigh ar bharr an tábla, ach fiú agus é sin san áireamh tá géariomaíocht againn sa roinn seo.

Níl ach cúpla pointe idir Corcaigh, atá sa chéad áit agus An Clár, atá sa seachtú háit. Is iad An Lú an t-aon chontae nach bhfuil aon chluiche buaite acu go dtí seo.

Tá taithí faighte ag Corcaigh, An Dún, Ros Comáin agus An Cabhán ar Roinn 1 le roinnt blianta anuas agus iad uilig ag iarraidh an phríomhroinn a bhaint amach arís. Istigh leo tá An Mhí, a bhfuil tamall caite acu agus iad in ísle brí, ach atá ag feabhsú arís agus imreoirí óga úra acu. Pé foireann a bhainfidh an t-ardú céime amach, beidh sé tuillte acu.

 

Paddy McBrearty, Dún na nGall faoi shúil ghéar Stephen Cluxton agus David Byrne. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ní insíonn an tábla scéal iomlán Dhún na nGall

Ar an gcéad fhéachaint, ní bhreathnaíonn cúrsaí ró-iontach do Declan Bonner agus do Dhún na nGall. Agus muid beagnach leath bealaigh tríd an tsraith, tá trí chluiche imeartha ag na Conallaigh agus na trí cinn caillte acu. Thíos ag bun an tábla atá siad le Cill Dara agus iad anois go mór faoi bhrú más fúthu áit sa phríomhroinn a choinneáil ar feadh bliana eile.

É sin ráite, is cinnte go raibh an-mhí-ádh ar Dhún na nGall go dtí seo. Is in am cúitimh a buaileadh iad ina gcluichí in aghaidh Chiarraí agus na Gaillimhe agus cé go raibh cúig phointe eatarthu féin agus Baile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite, bhí go leor faoina dtaispeántas a thabharfaidh dóchas dóibh.

Bhí Bonner ina bhainisteoir ar fhoirne faoi aois Dhún na nGall le roinnt blianta anuas agus beidh sé sásta leis na himreoirí ó na foirne sin ar thug sé deis dóibh leis na sinsir. Is iad Eoghan Bán Gallagher agus Stephen McBrearty an bheirt ab fhearr a chruthaigh i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn.

Tuigeann Bonner go maith go bhfuil a chuid imreoirí fós i dul i gcleachtadh ar an gcóras atá in úsáid aige. Is léir cheana féin go bhfuil níos mó de sheilbh na liathróide á fáil ag Paddy McBrearty agus é ag baint lántairbhe aisti. Má choinníonn siad orthu ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh Dún na nGall feachtas craoibhe maith a bheith acu, pé rud a tharlóidh san earrach.

Fág freagra ar 'An Ghaillimh ar a gcompord le peil Uladh faoi dheireadh agus ceachtanna eile CLG…'