An Ghaeilge an t-ábhar is measa atá buailte ag easpa múinteoirí – suirbhé nua

De réir suirbhé a rinne an TUI i measc príomhoidí agus leas-phríomhoidí  i 150 scoil, ba í an Ghaeilge an t-ábhar is mó a bhí thíos le fadhbanna maidir le múinteoirí nua a earcú agus múinteoirí a choinneáil

An Ghaeilge an t-ábhar is measa atá buailte ag easpa múinteoirí – suirbhé nua

Is í an Ghaeilge an t-ábhar is measa atá buailte ag easpa múinteoirí, de réir suirbhé nua.

De réir an tsuirbhé a rinne Aontas Múinteoirí Éireann i measc príomhoidí agus leas-phríomhoidí  i 150 scoil, ba í an Ghaeilge an t-ábhar is mó a bhí thíos le fadhbanna maidir le múinteoirí nua a earcú agus múinteoirí a choinneáil.

Bunaithe ar thorthaí an tsuirbhé rinne an TUI na deich n-ábhar is measa atá buailte ag fadhbanna earcaíochta a rangú agus bhí an Ghaeilge sa chéad áit agus í chun tosaigh ar an Mhatamaitic a bhí sa dara háit, an Fhraincis sa tríú háit, an eacnamaíocht bhaile sa cheathrú háit agus an Spáinnis atá ar an gcúigiú ábhar is mó atá buailte ag easpa múinteoirí.

De réir an tsuirbhé, thug 99% de phríomhoidí agus leas-phríomhoidí le fios go raibh deacrachtaí anuraidh acu maidir le múinteoirí a earcú agus dúirt 58% acu go raibh deacrachtaí acu múinteoirí a choimeád. Bhí 91% díobh siúd a ghlac páirt sa suirbhé den tuairim go raibh drochthionchar ag an easpa múinteoirí ar an gcaighdeáin oideachais a chuirtear ar fáil ina scoileanna do dhaltaí agus dúirt 66% go raibh ábhair áirithe á múineadh ina scoileanna ag daoine nach raibh cáilithe chun na hábhair sin a mhúineadh.

Dúirt 75% de na príomhoidí go raibh folúntas acu nár chuir aon duine isteach air sa tréimhse bliana sular deineadh an suirbhé mí na Samhna agus mí na Nollag seo caite. Dúirt 54% go raibh folúntas nár líonadh acu. 

I measc na gcúiseanna a luadh sa suirbhé leis an easpa múinteoirí, dúradh go raibh roghanna fostaíochta níos mealltaí ag céimithe agus go bhfágann an córas íocaíochta go bhfuil múinteoirí a earcaíodh ó 2011 i leith ar phá níos ísle.

Tá an TUI ag iarraidh go gcuirfí dlús leis an bpróiseas maidir leis an bpá céanna a thabhairt do na múinteoirí sin is atá á fháil ag múinteoirí a bhí sa chóras roimh 2011.

Dúirt Uachtarán an TUI Séamus Lahart gur léirigh na figiúirí nua go soiléir an “dochar” a bhí déanta do ghairm na múinteoireachta agus don chóras oideachais.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge an t-ábhar is measa atá buailte ag easpa múinteoirí – suirbhé nua'

  • Frainc

    Déan google agus bheadh sé deacair post buan do mhúinteoir a aimsiú! Más fíor an ráiteas, cheapfá go mbeadh sé éasca postanna a aimsiú?