An gearrliosta don chomórtas náisiúnta amhrán Pan-Cheilteach fógartha

20 amhrán nuachumtha atá roghnaithe ar ghearrliosta na bliana seo le haghaidh chraobh náisiúnta an chomórtais amhránaíochta

Cheoil Nos 2015 Picture Conor McCabe Photography
IMLÉ ag Gradaim Cheoil Nos 2015. Pictiúr: Conor McCabe Photography

Tá an gearrliosta don chomórtas náisiúnta amhrán Pan-Cheilteach 2016 fógartha.

20 amhrán nuachumtha atá roghnaithe ar ghearrliosta na bliana seo le haghaidh chraobh náisiúnta an chomórtais amhránaíochta.

Cuirfidh amhránaithe aonair, grúpaí ceoil agus bannaí ceoil na hamhráin sin i láthair beo ag an ócáid a reáchtálfar in Ostán Seven Oaks, Ceatharlach, ar an ar an 20 Feabhra.

Rachaidh an buaiteoir ar aghaidh chun canadh ar son na hÉireann ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach 2016 atá ar siúl i gCeatharlach i mbliana. Beidh amhrán buacach na hÉireann san iomaíocht ag an bhféile idirnáisiúnta leis na hamhráin náisiúnta eile ag Albain, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanainn, an Choirn agus an Bhriotáin. chun trófaí Pan-Cheilteach agus príomhdhuais na féile €1,500 a bhuachtaint.

Seo thíos liosta na n-amhránaithe aonair agus na n-grúpaí ceoil atá ar ghearrliosta an chomórtais náisiúnta i mbliana.

Gearrliosta

  • Eve Belle ‘Craiceann agus Cnámha’ (Tír Chonaill)
  • Gearóid Ó Murchú ‘Casadh Ort Arís’ (Gaillimh)
  • Eilín Ní Bheaglaoich ‘Dóchas’ (Ciarraí)
  • Noeleen Ní Cholla ‘Oileán Mo Shinsear’ (Tír Chonaill)
  • Carty Sisters (Saoirse, Naoise & Ciara) ‘Ag Fás’ (Loch Garman)
  • Aoife Scott (& Enda Reilly) ‘Slán Leat’ (Baile Átha Cliath)
  • Tadhg Ó Grifín ‘Is Tusa a Bhris mo Chroí’ (Ceatharlach)
  • IMLÉ ‘Fún Orm’ (Baile Átha Cliath)
  • SPLEODAR ‘Suantraí Iseult’ (Ceatharlach)
  • MuirSinÉ ‘Bababa/ Chuile Duine’ (Baile Locha Riach)
  • Katie Carpenter ‘Fadó, Fadó’ (Co na Mí)
  • Seaghan Mac an tSionnaigh ‘Choíche Oíche’ (Port Láirge)
  • Gary Burke ‘Geallaim Duit’ (Co na Mí)
  • Victoria Johnson ‘Leanúint Liom’ (Baile Átha Cliath)
  • Méabh Ní Sheireadáin ‘Ag Bailiú le Chéile’ (Co an Chabháin)
  • Anne Marie ní Óráin ‘Cá Bhfuil Tú’ (Gaillimh)
  • Damien Mac Gabhann ‘Ciúnas Gan Aon Uaigneas’ (Baile Átha Cliath)
  • Laura Stafford & John Swan ‘Eireadh Leat’ (Ceatharlach)
  • James Heaney ‘ Bruacha an Bhearú’ (Ceatharlach)
  • Aindriú Carr ‘Sreangan’ (Tír Chonaill)

Fág freagra ar 'An gearrliosta don chomórtas náisiúnta amhrán Pan-Cheilteach fógartha'