An do dhaoine atá ar a bpinsean is fearr a fheileann jab an chomhairleora contae?

Spreag an Comhairleoir Niamh Byrne as Uachtar Ard smaointe agus sáiteáin i measc Chomhairleoirí Chonamara faoi cé dó a oireann jab an chomhairleora contae 

An do dhaoine atá ar a bpinsean is fearr a fheileann jab an chomhairleora contae?

Comhairleoir Niamh Byrne

Daoine atá éirithe as a gcuid gairmeacha beatha agus gafa amach ar phinsean agus daoine atá féinfhostaithe – sin iad na daoine a bhfeileann sé dóibh a bheith ina gComhairleoirí Contae de bharr na modhanna oibre atá ann anois. 

Sin é a deir an Comhairleoir Niamh Byrne as Uachtar Ard ag cruinniú de Chomhairle Bardasach Chonamara le gairid.

Bhí sí bearránach mar gur chaill sí cuid den chruinniú is deireanaí a bhí ag na Comhairleoirí Contae as iarthar na Gaillimhe.  Tá post lánaimseartha aice mar mhúinteoir agus is deacair di freastal ar chruinnithe a bhíonn á reáchtáil ar maidin nó i lár an lae, a deir sí. 

D’fhág na socruithe a bhain leis an gcruinniú áirithe seo cantal ar leith ar an gComhairleoir Byrne atá ina ball d’Fhine Gael.  Níor chuir an Cathaoirleach, Noel Thomas, Fianna Fáil as ceantar Mhaigh Cuilinn, ceist ná caidéis uirthi a deir sí faoin athrú a cuireadh ar dháta agus ar am an chruinnithe áirithe seo. 

Cuireann athrú mar seo as go mór do dhuine ar a nós féin, a deir sí, ó thaobh dualgais oibre agus dualgais na Comhairle Contae agus b’iontach léi nach ndearnadh teagmháil léi.

Tharraing an méid seo roinnt díospóireachta idir an Comhairleoir Byrne agus an Comhairleoir Thomas, an cathaoirleach.  Dúirt seisean go raibh naonúr Comhairleoirí ar Chomhairle Bardasach Chonamara agus go bhféadfadh a chás féin a bheith ag chuile dhuine acu sin i dtaobh lá nó dáta ar bith a roghnófaí.

D’fhéadfadh sé go raibh lorg na polaitíochta ar an bpíosa seo díospóireachta mar gur dóigh go mbeidh Niamh Byrne (Fine Gael) agus Noel Thomas (Fianna Fáil) ag fiach ar an bpobal céanna thart ar Mhaigh Cuilinn agus Cill Aithnín le haghaidh vótaí sa samhradh seo chugainn.   

Ach, taobh amuigh de lorg na polaitíochta – rud a bhíonn an-choitianta i mbliain toghcháin – bhí bunús leis an gcaint a rinne Niamh Byrne ó thaobh dualgais na n-údarás áitiúil de.  Tá léargas le fáil ar sin i measc Chomhairleoirí Bardasacha Chonamara féin.

Tarlaíonn sé go bhfuil seachtar as an naonúr Comhairleoirí Contae atá i  gceantar Bardais Chonamara (taobh thiar de chathair na Gaillimhe agus Oileáin Árann san áireamh) éirithe as na postanna a bhíodh acu go gairmiúil; sin nó tá siad féinfhostaithe. 

Ní shin le rá nach bhfuil ualach sách trom oibre ar na Comhairleoirí sin ar bhealaí eile.  Ach, is dóigh gurbh é a bhí i gceist ag an gComhairleoir Byrne ná go bhfuil solúbthacht ag baint leis an saol oibre agus na dualgais eile atá orthu anois. Bíonn siadsan in ann an rud nach féidir leo a dhéanamh ar maidin  a dhéanamh tráthnóna nó amárach.

Ní hionann an cás do leithéidí Niamh Byrne – bean óg a bhfuil dualgas rialta oibre uirthi.  Ní féidir léi sin ranganna scoile a chur ar athlá go tráthnóna.

Dualgais pháirt-aimseartha atá ag baint le hobair comhairleora sa gcóras rialtais áitiúil.  Íoctar pá beagán le cois €17,000 sa mbliain leis an gComhairleoir.  Sa gcás go gceapfaí duine ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar Choiste Straitéiseach Polasaí agus go hiondúil bíonn cúig cinn acu sin ann, bheadh €6,000 eile le fáil aige/aici.  Tá tuairim €1,000 sa mbliain le fáil ag an gcomhairleoir a bhíonn ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar Chomhairle Bardasach (ceann Chonamara, mar shampla).

Ansin bíonn costais taistil, costais oiliúna agus cúpla allúntas eile ar fáil. Bíonn cáin le híoc ar fhormhór an airgid sin, seachas costais. Tharlódh go mbeadh tuairim is €30,000, agus roinnt lena chois sin scaití, in aghaidh na bliana ag Comhairleoir Contae. 

Ar ndóigh, cuirtear i leith Comhairleoirí Contae go minic, agus ionadaithe poiblí nach iad, gur ar chúiseanna airgid a bhíonn siad bainteach leis an bpolaitíocht.  Abraítear scaití freisin, gan trácht ar chaint an Chomhairleora Niamh Byrne, gur ceird í an pholaitíocht áitiúil atá áisiúil do dhaoine atá éirithe as a bpostanna gairmiúla mar go gcuireann an teacht isteach lena gcuid pinsean.

Ar an gcéad fhéachaint níl tada áisiúil ná in aisce ag baint leis an bpolaitíocht áitiúil.   Go deimhin, is beag cumhacht atá ag Comhairleoirí taobh istigh den chóras.  Buailtear milleán orthu scaití mar gheall ar rudaí nach féidir leo a dhéanamh ar aon nós.  Is faisean, ar ndóigh, le daoine a bheith ag baint sclamh astu.  Ní stopann an teileafón ach ag bualadh agus fágann tú go leor de shaol an teaghlaigh i do dhiaidh ach a dtéann tú ag plé leis an saol poiblí.

Dúirt Cathaoirleach Chomhairleoirí Cheantar Bardasach Chonamara, Noel Thomas, fear gnó é féin, an lá cheana, agus é á chosaint féin, go gcailleann sé féin laethanta de bharr cruinnithe agus dualgais na Comhairle Contae.  “Ach sin é a gheall mé agus sin é a tharraing mé orm féin,” a deir sé. 

Tá an ceart aige, ar ndóigh.

Ceird fíor dhaonlathach í an pholaitíocht sa tír seo.  Tá sé de chead ag chuile dhuine  iarraidh a thabhairt faoin toghchán Comhairle Contae an chéad  bhliain eile – sin má tá an aois dhlisteanach sroiche aice/aige agus muna bhfuil cúis mhór éigean ina aghaidh.  Bhéifí ag súil go mbeadh roint tuisciona ag chuile dhuine ar na dualgaisí a bhaineann le obair Comhairleora sul a dtugann sí/sé iarraidh faoi thoghchán.  Muna bhfuil sin ag feiliúint dí’dó – pé cúis a bheadh leis sin – níor cheart dó bacadh leis.

Tá firinne sa méid sin ach ní h’í an fhirinne uilig í.  Má fhágann an leagan amach atá ar an  gcóras go bhfuil aicmí, gairmeacha agus aois-ghrúpaí áiríthe curtha ar an taobhlíne, ba cheart féachaint leis an easpa sin a cheartú.

Shilfeá go mbeadh leighes phraiticiúil ar an gceist a tharraing an t-aigneas an lá cheanna.

Céard faoi chruinnithe Chomhairleoirí Bárdasacha Chonamara a eagrú san ard thrathnóna, no níos deireannaigh ná sin – mar a thárlaíonn i gComhairle Cathrach na Gaillimhe?

Fág freagra ar 'An do dhaoine atá ar a bpinsean is fearr a fheileann jab an chomhairleora contae?'