An chonspóid faoi iompar Shinn Fein éirithe an-tógálach

Tá deacrachtaí go leor cruthaithe ag an gconspóid a bhain le sochraid Bobby Storey agus ní do Shinn Féin amháin…

An chonspóid faoi iompar Shinn Fein éirithe an-tógálach

Halla na Cathrach i mBéal Feirste. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Ní in Stormont amháin atá an míshuaimhneas follasach. Tá corraíl in Halla na Cathrach i mBéal Feirste. Tá diancheistiú á dhéanamh ar an PSNI. Agus tá cigire seachtrach iarrtha ag an bPríomh-Chonstábla chun ceannas a ghlacadh ar fhiosrú neamhspleách féachaint ar sáraíodh srianta Covid-19 ar shochraid an phoblachtánaigh, Bobby Storey.

Aisteach go leor seans gur in Stormont is lú atá an dochar le sonrú. Tá damáiste déanta don chaidreamh idir na páirtithe, tá údarás agus inchreidteacht Michelle O’Neill pollta agus tá Sinn Féin imeallaithe sa bhFeidhmeannas agus san Tionól.

Ach ina theannta sin, tá fógairt na gcéimeanna a bhaineann leis an bpaindéim Covid-19 curtha as a riocht. B’údar uchtaigh don phobal é ar feadh trí mhí gur sheas an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire, Arlene Foster agus Michelle O’Neill le chéile, íomhá an aontais á cur chun cinn acu agus crua-theachtaireachtaí á n-eisiúint.

Níl sé sin ag tarlú feasta. Ina haonar a bhíonn an Chéad-Aire agus í ag labhairt agus í meáite de nach mbeadh fógraí ón mbeirt inmhuiníne toisc, dar léi, gur sháraigh Michelle O’Neill treoracha Covid-19 nuair a ghlac sí páirt sa tsochraid mhór phoiblí.

Ní foláir nó go ndearna gluaiseacht na poblachta a machnamh roimh ré faoin tionchar a bheadh ag sochraid mhór fheiceálach ar Shinn Féin. Is léir gur chinn siad gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid agus go raibh a gcosmhuintir féin níos tábhachtaí na rud ar bith eile.

Gan dabht cuireadh san áireamh nach mbeadh páirtí ar bith sa Tionól cé is moite den TUV seans, a bheadh ag iarraidh go scorfaí Stormont arís. Bhí a fhios acu nach bhféadfaí iad a bhriseadh as oifig. Sin é an córas.

Chuirfeadh siad suas leis an gcáineadh, fiú dá mbeadh sé míchompordach go dtí go dtarlódh rud éigin eile a tharraingeodh aird. An teoiric a bhí acu, ní foláir – an rud a théann i bhfad téann sé i bhfuaire.

Ní léir gur chuireadar san áireamh go mbeadh trioblóid i gComhairle Chathair Bhéal Feirste. Nó má chuir, níor chás leo é. Tá an Chomhairle freagrach as reiligí agus as an gcréamatóiriam. Is í an Chomhairle a cheadaíonn searmanais iontu. Cheistigh a lán daoine conas a fuair Sinn Féin cead slógadh a bheith acu ag an láthair phoblachtach i reilig Bhaile an Mhuilinn, mar a raibh ardán agus córas fuaime acu nuair a bhí diansrianta ar dheasghnátha adhlactha do dhaoine eile.

Cheistigh i bhfad níos mó é nuair a tháinig sé chun solais nár cuireadh Bobby Storey i gcré na reilige ach gur tugadh trasna na cathrach go Roselawn é lena chréamadh. Níor ligeadh daoine isteach ag an gcréamadh féin ach ceadaíodh scór go leith ar an láthair le haghaidh seirbhíse eile.

Ba mhór idir an phribhléid sin agus an doicheall roimh theaghlaigh eile a bhí ansin an lá céanna.

Bhí ocht sochraid in Roselawn níos luaithe an lá sin. Níor ceadaíodh muintir na marbh isteach an geata. Ghabh an Chomhairle leithscéal níos deireanaí ag rá gur iomrall breithiúnais ab ea an t-idirdhealú.

Ghéaraigh an chonspóid i Halla na Cathrach agus bhí fiosrú neamhspleách agus cruinniú éigeandála á n-éileamh.

Bhí seirbhísí cuimhneacháin amach anseo á dtairiscint do na daoine ar ceileadh cead isteach orthu maille le táillí a aisíoc.

Ina theannta sin d’eisigh beirt de na feidhmeannaigh is sinsearaí ar an bhfoireann ráiteas trí chomhlacht bolscaireachta seachtrach agus thug leide go raibh gearán oifigiúil á dhéanamh acu faoi Halla na Cathrach agus láimhseáil na sochraide.

Tá fadhbanna ag an PSNI freisin. Tá gearán déanta le hOmbudsman na bPóilíní faoi iompar an PSNI. Dhún póilíní na bóithre i mBaile Andarsan fad is a bhí corp Bobby Storey á thabhairt chun na heaglaise agus ón eaglais go reilig Bhaile an Mhuilinn.

Mhaígh uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald, gur pleanáladh an tsochraid ‘go mion’ i gcomhar leis an PSNI agus daoine eile. Shéan an PSNI go raibh aon bhaint aige le pleanáil na hócáide. Tá ceisteanna ag daoine freisin faoi na póilíní a bheith ‘as láthair’ ó Roselawn.

Sheol an feisire Parlaiminte, Ian Paisley, litir chuig an bPríomh-Chonstábla, Simon Byrne, ag ceistiú ról na bpóilíní.

Mhaígh sé go raibh feisirí eile ón DUP ag tacú lena éileamh go n-éireodh Simon Byrne as oifig má cheadaigh sé sárú rialacha an Covid-19. Tar éis comhráite le Bord na bPóilíní, d’fhógair an Príomh-Chonstábla go raibh sé ag iarraidh ar chigire seachtrach ón mBreatain Mhór an tsochraid a fhiosrú. Chinnteodh sin neamhspleáchas an fhiosraithe, ar sé.

Cuirfear suim mhór i dtéarmaí tagartha an fhiosraithe sin. Tá a fhios gur éilíodh fiosrú faoi Michelle O’Neill agus is cosúil go bhfuil gearáin déanta chomh maith faoi ionadaithe eile a d’iompair an chónra. Ar sháraigh siad comhairle i leith na sláinte poiblí seachas rialacha a bhfuil feidhm dlí leo? Céard a tharla i gComhairle na Cathrach – an sméideadh súl nó gar a bhí i gceist nó ar airigh daoine go raibh brú orthu?

Agus cé na cinntí a rinne an PSNI agus cén fáth? Ní raibh drogall orthu fíneálacha a ghearradh ar léirsitheoirí in aghaidh an chiníochais cúpla seachtain ó shin ach d’fhan siad i bhfad amach ó shochraid phlódaithe.

Bhí Sinn Féin ag iarraidh an dubh a chur ina gheal orainn agus iad ag maíomh nach raibh ach scór go leith ar an tsochraid agus go raibh sé sin ceadaithe. Tá siad ag cur cos i dtaca anois agus iad ag súil go dtiocfaidh achrann éigin eile an bealach chun aird a tharraingt díobh.

Agus trí nó ceithre fhiosrú ar na bacáin b’fhéidir nach mbeadh an cúrsa chomh réidh ag daoine eile atá tarraingthe isteach sa líon agus iad sáinnithe anois ann.

Fág freagra ar 'An chonspóid faoi iompar Shinn Fein éirithe an-tógálach'