An cath lár páirce a bheidh cinniúnach i gcluichí ceannais an gcúigí tráthnóna

Ba cheart go mbeadh dhá shárchoimhlint againn tráthnóna agus cluiche ceannais ar siúl i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan

An cath lár páirce a bheidh cinniúnach i gcluichí ceannais an gcúigí tráthnóna

Luimneach v Tiobraid Árann – Páirc na nGael, 2.00pm (Beo ar RTÉ 2)

Cé gur chaill Luimneach i gcoinne Thiobraid Árann sa chluiche a imríodh idir an dá fhoireann cúpla seachtain ó shin, seans gurb iad fir Luimnigh is mó a bhí sásta ag deireadh an lae.

Buaileadh drochbhuille ar Thiobraid Árann le linn an chluiche nuair a bhain gortú glúine do Patrick ‘Bonner’ Maher, gortú a fhágann nach mbeidh sé ag imirt arís i mbliana.

Mar bharr ar an donas, gortaíodh duine de na cosantóirí is fearr atá acu chomh maith, Cathal Barrett. Níl gortú Barrett chomh dona le ceann Maher agus d’fhéadfadh sé a bheith ag imirt tráthnóna mura socróidh Liam Sheedy nach fiú dul sa seans leis.

Maidir le Luimneach, tugadh sos do Chian Lynch, Declan Hannon, Gearóid Hegarty agus Graeme Mulcahy in aghaidh na dTiobraid Árannach agus ba cheart go mbeidh foireann John Kiely i bhfad níos láidre agus an ceathrar sin ar ais i lár an aonaigh ó thús.

Beidh an-choimhlint ann i lár páirce tráthnóna agus Lynch agus William O’Donoghue ag dul san iomaíocht le Noel McGrath agus Michael Breen. Bíonn an-tionchar ag Lynch agus McGrath ar an imirt agus cruthaíonn siad go leor deiseanna dá gcuid foirne agus caithfidh Breen agus O’Donoghue a bheith ar na maidí le hiad a cheansú.

Mura mbeidh Cathal Barrett ag dul chun páirce, tá cinneadh le déanamh ag Liam Sheedy cé a chuirfidh sé ag marcáil Aaron Gillane. Seans go mbogfaidh sé Alan Flynn trasna ach, ach cuimhnigh go bhfuil Graeme Mulcahy sa chúinne eile agus go mbeidh Luimneach ag iarraidh an liathróid a chur i dtreo é féin agus Gillane chomh minic agus is féidir leo.

Cé go bhfuil an cluiche ceannais seo tábhachtach don dá fhoireann, seans go bhfuil bua ag teastáil níos mó ó fhoireann Luimnigh. Má chailleann siad tráthnóna, beidh trí chluiche as cúig cinn caillte acu sa chraobh agus cé go mbeidh siad fós san iomaíocht, ba dheacair dóibh teacht ar ais sa chás sin.

Gan dabht tuigeann siad é sin go maith agus beidh an fhoireann is láidre acu ag dul chun páirce ó thús an uair seo. Más fúthu sárfhoireann seo Thiobraid Árann a bhualadh, caithfidh siad a gcroí agus a n-anam a chur san imirt an babhta seo, rud a shílfeá a dhéanfaidh siad agus iad ag iarraidh craobh na Mumhan a bhuachan i bPáirc na nGael den dara huair riamh.

Rogha Tuairisc.ie: Luimneach

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Loch Garman v Cill Chainnigh – Páirc an Chrócaigh, 2.00pm (Beo ar RTÉ 2)

Ba cheart go mbeadh cluiche den scoth eile ann tráthnóna nuair a chasfaidh Loch Garman agus Cill Chainnigh ar a chéile i gcluiche ceannais Laighean. Ní raibh tada idir na foirne nuair a d’imir siad a chéile coicís ó shin agus seans go mbeidh an imirt i bPáirc an Chrócaigh inniu níos crua fós agus Corn Uí Chaoimh mar luach saothair ag an mbuaiteoir.

Is cinnte go bhfuil neart foghlamtha ag an dá fhoireann ón gcluiche deireanach sin eatarthu.

Ceann de na cúiseanna gur éirigh chomh maith le Loch Garman an lá sin ná an sárjab a rinne Matthew O’Hanlon agus é ag marcáil TJ Reid. Níor thug O’Hanlon spás ar bith d’fhear Chill Chainnigh agus ní bhfuair Reid scór ar bith ón imirt.

Ní bheidh sé chomh héasca ag O’Hanlon Reid a choinneáil faoi chois tráthnóna agus iad ag imirt ar Pháirc mhór an Chrócaigh ach chomh fada is nach ndéanann Reid scrios, beidh Loch Garman sásta go maith.

Beidh Brian Cody ag súil go mbeidh a chuid cosantóirí beagáinín níos fearr ná mar a bhí siad an lá cheana. D’aimsigh Diarmuid O’Keeffe ceithre phointe ón imirt sa chéad chluiche cé go raibh Cillian Buckley á mharcáil. Lena cheart a thabhairt do Buckley, ní raibh sé ach tagtha ar ais ó thréimhse fhada ar an taobhlíne agus ba cheart go mbeadh sé níos fearr tráthnóna.

Beidh tosaithe Loch Garman ag súil leas a bhaint as an bpáirc mhór chomh maith agus coisíocht iontach ag O’Keeffe, Lee Chin agus na Conchúraigh. Más leo cluiche an lae inniu a bhuachan, caithfidh siad níos mó deiseanna scórála a chruthú do Conor McDonald, a bhíonn istigh leis féin sa líne lántosach den chuid is mó.

Ach oiread le cluiche ceannais na Mumhan tráthnóna, is é is dóichí go mbeidh lár páirce plódaithe le himreoirí agus gur ag an bhfoireann a gheobhaidh an lámh in uachtar ansin is mó a bheidh seans.

Is beag atá idir na foirne seo i ndáiríre ach nuair a chasann Cill Chainnigh ar fhoireann dhá uair as a chéile, is annamh nach n-éiríonn leo an dara lá.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Chainnigh

Fág freagra ar 'An cath lár páirce a bheidh cinniúnach i gcluichí ceannais an gcúigí tráthnóna'