An bhfuil sé in am fáil réidh lenár bpolasaí neodrachta?

An mbeadh sé meata gan cibé cabhair is féidir a thairiscint do mhuintir na hÚcráine in aghaidh na sean-impireachta atá ag iarraidh athchoilíniú a dhéanamh orthu?

An bhfuil sé in am fáil réidh lenár bpolasaí neodrachta?

Bhí ciall agus réasún le neodracht na hÉireann sa Dara Cogadh Domhanda ar iliomad cúiseanna. An amhlaidh an scéal anois? Tá an díospóireacht múscailte an athuair i bhfianaise ionradh Vladimir Putin ar an Úcráin.

Níl éinne ag rá i ndáiríre gur cheart d’Éirinn a bheith ina ball de NATO, seafóid a bheadh ansin do thír atá gan chumhacht mhíleata. An mbeadh sé meata áfach gan cibé cabhair is féidir a thairiscint do mhuintir na hÚcráine in aghaidh na sean-impireachta atá ag iarraidh athchoilíniú a dhéanamh orthu?

Tá neodracht ar bhun prionsabail uasal ach níorbh é sin amháin a bhí i gceist nuair a chinn an Taoiseach, Éamonn de Valera, nach nglacfadh an tír aon taobh sa chogadh mór 1939-45. Bhí sé soiléir gur ‘neodrach ar son na comhghuaillíochta in éadan Hitler’ a bhí an stát Éireannach nach raibh ach tamall gearr ar an bhfód.

Bhí sé riachtanach go léireodh an tír a neamhspleáchas, an cumas chun polasaí eachtrach ar leith a dhearadh agus seasamh leis. Bhí sé riachtanach freisin contúirt ionsaithe a sheachaint do thír ina raibh créachta Chogadh na gCarad agus Chogadh na Saoirse fós beodhearg.

Ba é féinleas na tíre é. Ba chosaint é cé is moite d’ionsaithe buamála na Gearmáine ar Cheann Poill, Loch Garman, ar Bhaile Átha Cliath agus Béal Feirste. Ina theannta sin thug sé údarás morálta d’Éirinn sna Náisiúin Aontaithe agus d’Arm na hÉireann mar fhórsaí coimeádta síochána ar fud na cruinne.

Is mór idir na haimsirí, idir an Dara Cogadh Mór agus an lá inniu. Ar an ngnáthbhealach is cosaint do lag agus láidir é an dlí idirnáisiúnta. Céard iad na roghanna sa gcás go léiríonn duine amháin nó dream amháin gur cuma sa sioc leo faoin ord domhanda? Tá lear mór dínn práinneach as neodracht na tíre agus imníoch faoi na ciallachais a bheadh lena hathrú. 

Seans gur chirte a rá go bhfuilimid bródúil as an gcoincheap. 

Go praiticiúil tá go leor breá sásta le leathneodracht, mar a bhí Dev, ach tá ár gcaidreamh idirnáisiúnta athraithe go mór. Caithfear a admháil go mbainimid buntáistí as ár mballraíocht in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus go mbímid ag brath ar thíortha eile chun ár slándáil a chosaint. 

Cuireadh fáilte go forleathan roimh chinneadh an rialtais go dtabharfadh Éire tacaíocht €9 milliún don Úcráin. Bhí daoine atá in éadan na neodrachta míshásta leis an socrú nach n-úsáidfí airgead na hÉireann le haghaidh airm mharfach.

Ní léir conas a dhéanfar cinnte de sin ach tá sé ag teacht le ráiteas Simon Coveney, an tAire Gnóthaí Eachtracha, ar Morning Ireland ar RTE. “Tír neodrach í Éire, táimid neamhailínithe go míleata ach níl sinn neodrach faoi cheist mar seo [ionradh na Rúise ar an Úcráin], nuair atá ionsaí follasach ar siúl ar Mhór-Roinn na hEorpa.”

Ní rud nua é an sainmhíniú déach. Mar a dúras thuas chleacht De Valera an débhrí. Is maith atá a fhios againn faoin mí-úsáid a baineadh as aerfort na Sionainne d’eitleáin do CIA Mheiriceá a bhí i mbun géilleadh urghnách – ag iompar daoine fuadaithe nár cúisíodh go Guantanamo Bay.

Údar imní ag a lán iad na seirbhísí aerfoirt a cuireadh ar fáil freisin d’eitleáin chogaidh Mheiriceá, go háirithe don chogadh san Iaráic, cuir i gcás, a raibh amhras mór faoin mbunús a bhí leis. 

Tá teannas soiléir idir an neodracht iomlán agus a bheith i gcomhar le comhghuaillithe nuair a dhéantar sárú as éadan ar an dlí idirnáisiúnta. Ní hí Éire an t-aon tír neodrach a mb’éigean di a dhul i ngleic leis an aincheist mar is léir ó chinneadh na Sualainne cuidiú le harm na hÚcráine. 

Deirtear go minic gur cheart athrú tobann a sheachaint mar fhreagra ar ghéarchéim. ‘Drochreachtaíocht is ea dlí an éigean’ a deirtear. Leithscéal chun cruacheisteanna a chur ar an méar fhada is ea é sin go minic. Is léir áfach go bhfuil gá le scrúdú agus anailís a dhéanamh ar ár bpolasaí neodrachta. B’fhéidir gur cheart é a chaitheamh i dtraipisí nó seans gur cheart é a neartú. 

Cibé, ní bheidh a fhios againn mura gcuirfear ceann le próiseas scrúdaithe agus dianphlé ar an gceist nuair a bheidh an t-uafás san Úcráin thart.

Fág freagra ar 'An bhfuil sé in am fáil réidh lenár bpolasaí neodrachta?'

  • alan titley

    Alt maith mar is dual. Ach tá freagra simplí ar an gceist thuas. Is é sin, níl, nó NÍL, nó nein, nó NO, nó Nyet, nó Neva Neva Neva…Anois sin deireadh leis an díospóireacht, Go brách.

  • Póilín

    Ha Alan , “mion”dealú.

  • Antóin

    Ní fada go mbeidh Alan ag fágáil slán lena shaoránacht Éireannach mar ní fada “go mbeidh rialtas na tíre seo páirteach i gcogaí impiriúlacha na hEorpa impriúla”

    Agus Fianna Fealltach Fáil, Fine gan Ghael na Giollaí Glasa agus gach páirtí eile ag tnúth le bheith ina madraí lathaí ag na boic mhóra. Nach acu atá an deis anois!

  • Cian

    Aontaím go huile is go hiomlán le Monsiour Titley. ‘Nope!’

    Más maith le haon duine airm a ghlacadh ar son na hÚcráine is féidir leo liostáil ag Ambasáid na hÚcráine, ar bhonn indibhidiúil mar is cóir.

    Is fórsa cosanta agus síocháiníochta iad ár mbuíon-sa agus bheadh díomá mór orm dá dtosnódh an Rialtas ag cur Óglaigh na hÉireann thar sáile chun cogaidh a throid ar son na hEorpa/Stát Aontaithe/cúiseanna éagsúla.

    Alt maith ar aon nós

  • Murchadh

    An ceart ag Alan Titley thuas.

    Is cuid doscartha d’fhéiniúlacht na tíre í an neodracht. Ar na gnéithe is bunúsaí. Ina huireasa – agus an Ghaeilge beag nach tráite – is ar éigean arbh fhiú dúinn neamhspleáchas a mhaíomh ar ár son féin.

    Rud eile: na comhghuaillíochtaí míleata, cuirtear ó mhaith i gcónaí iad – is cuid doscartha d’fhéiniúlacht na gcomhghuaillíochtaí í an saobhadh ar a cuspóir.