‘An bhfuil sé buille luath le gloine Champagne a ól?’ – na Gaeil ag ceiliúradh i bpríomhchathair na hEorpa

Bhí ceol, caint agus comhluadar den scoth ar fáil ag Éigse na Bruiséile a tionóladh go lúcháireach léannta an deireadh seachtaine seo caite

‘An bhfuil sé buille luath le gloine Champagne a ól?’ – na Gaeil ag ceiliúradh i bpríomhchathair na hEorpa

‘Beidh an tacsaí anseo faoi cheann cúig nóiméad!’ Bhreathnaigh mé ar an gclog. Bhí mé i gceart. Ní raibh uaim anois ach an lucht éisteachta! Is beag call imní a bhí ann. Uair an chloig dár gcionn, bhí os cionn trí scór duine in Ambasáid na hÉireann.

Ag dul isteach dom féin, chaith mé súilín ar an liosta ainmneacha a bhí ar an mbord cois dorais. Ba dheas an rud oiread sin ainmneacha a aithint. Cad chuige nach n-aithneoinn! Cúig bliana atá caite agam i bpríomhchathair na hEorpa. Cúig bliana a chuir athrú mór ar mo shaol.

‘Tabhair aird ar do chúram go fóill,’ arsa mise liom féin. Lig mé osna. Teideal chomh dúshlánach ní raibh agam a chur ar an léacht: ‘Fís na hEorpa le Míle go Leith Bliain – Ceallach, Columbanus agus Robert Schuman’. Dúshlánach? Rinne mé gáire liom féin. Cén mana a bhí agam riamh ach seo: ‘ó chuaigh mé go rúitín, gabhfaidh mé go hascaill.’

Níor mise an chéad chainteoir Aoine na hÉigse. Ach an ceathrú duine. An tAmbasadóir Kevin Conmy an chéad duine. Fear na hÉigse Tomaí Ó Conghaile an dara duine. Agus an Dr Gisbert Hemprich as ollscoil Bonn na Gearmáine an tríú duine. Focal ómóis i gcuimhne ar Fheargal Ó Béarra a bhí le tabhairt ag an Dr Hemprich. Is i dteanga na hÉireann a labhair sé ar an mBéarrach – na blianta léinn a chaith sé sa nGearmáin agus in áiteacha go leor eile.

Ba fúm féin an chuid eile de chaint na hoíche. Bhí an réiteach déanta agam. Na leabhra staire léite cíortha ó scríobh mé Ceallach – Cín Lae Fíréin (Leabhar Breac 2022). Agus tuilleadh ó shin: beathaisnéis Robert Schuman, dialanna Jean Monnet, agus Pour l’Europe, cnuasach aistí ó pheann Schuman é féin. Tá súil agam téacs na léachta a fhoilsiú lá is faide anonn. Ach fanaigí go fóill: is iomaí scéal eile faoi Éigse na Bruiséile 2023.

Scéal ceoil an chéad scéal eile. Claire Nic Ruairí, Ciarán Ó Ceallaigh agus Seán Ó Gallchobhair a sheinn rogha amhrán agus port i mbialann Siendas, Place Jourdan. Agus scoth an cheoil rince ina dhiaidh sin le linn seisiúin faoi stiúir Mhicheál Uí Orgáin as Co. an Dúin. Is cinnte go raibh céad duine i láthair. Ina measc sin, bhí Gaeilgeoir breá agus fear umhal ilteangach as an Eastóin darb ainm Indrek Os. Fear eisceachtúil eile, leath-Albanach leathGhearmánach darb ainm Harold Flohr a tháinig in aon turas as an Ailgéir an lá sin le bheith i láthair. Bhí Labhrás Ó Finneadha abhus as Lucsamburg chomh maith, agus bhí trí glúin de mhuintir Uí Iarlaithe as Cúige Mumhan.

An chéad mhír ar chlár an tSathairn, is amhráin, ranna agus spraoi le haghaidh na bpáistí a bhí ann. Is í Sadhbh Rosenstock a bhí ag stiúradh na hócáide. Is maith an teist ar líon na nGaeilgeoirí óga sa mBruiséil go raibh scór de Ghaeil óga na cathrach i láthair san Ambasáid.

Fad a bhí na páistí ag fonnadóireacht, bhí cuid de scoláirí agus de shaoithe na hÉigse ag cruinniú i Leabharlann Náisiúnta na Beilge. Tá bailiúchán lámhscríbhinní ón tseanaimsir sa leabharlann sin, lámhscríbhinní Gaeilge ina measc. ‘Ní fhaca mise lámhscríbhinn riamh!’ arsa Úna Ní Chonchobhair ag dul isteach di agus í ar bís go bhfeicfeadh sí na hiontais. B’éigean an dara seisiún a eagrú ionas go mbeadh deis ag cách lán na súl a bhaint as peannaireacht an 17ú haois.

Satharn na hÉigse is é lá an cheoil é. Beirt amhránaithe ban an chéad solamar a bhí ar an gclár. Eve Belle, Conallach: d’aithneodh lucht féachana TG4 í. Is í Krea a bhí ina teannta, bean cheolmhar chogarshiansúil as tuaisceart Chill Mhantáin. Ceol a spreagfadh téada an chroí, ceol binn banda, ceol rúnmhar a chas siad dúinn agus tionlacan leis ar an ngiotár agus an méarchlár.

Sular seinneadh an chéad nóta, cuireadh úrscéal do dhéagóirí faoinár mbráid. Is i gcuimhne ar a dheirfiúr dhil Éabha a scríobh Tristan Rosenstock Inis Mara. Is in Inis Oírr a fuair sé an fuíoll inspioráide a bhí ag teastáil le talamh slán a dhéanamh den leabhar. Ní gan lionn dubh os cionn an gháire a bhí ócáid seolta Inis Mara, agus is misniúil ceanúil a labhair an t-údar ar a bhris i ndeireadh Márta 2022.

Ach cérbh iad Manrán Banrán? Thug mé spléachadh eile ar an gclár. Bhí an scéal ina rún. Is ansin a chonaic muid isteach John ‘Learaí’ Tracey, Neil Ó Briain agus Seaghan Mac an tSionnaigh, triúr rógairí raibiléiseacha ó Bhéal Feirste, Corcaigh agus Cill Chainnigh faoi seach. Ceol téad agus amhráin idir throm agus éadrom. Dhá ghiotár, olldord, banjó, agus lán mála den chineál grinn a bhainfeadh an ceo de do chroí.

Dá fheabhas an chéad dá lá, ba é Domhnach na hÉigse an lá ab fhearr dar liom féin. Ainneoin gan aon mhochéirí ann, bhí mise i mo shuí sular scaip ceo na maidine os cionn na simléar agus na lóchrann sráide. Cén fáth? Scéal a fuair mé an oíche roimhe sin: bhí file ón Rómáin ar an mbaile, bean uasal darb ainm Emilia Ivancu, duine a mbínn ag obair lámh ar láimh léi deich mbliana ó shin in oirthear na hEorpa. Dá gcuirfinn Gaeilge ar cheann dá cuid dánta, agus dá n-oirfeadh sin do lucht na hÉigse, dhéanfadh muid cameo tráthnóna. Chuir. D’oir. Rinne.

Is Máirín Nic Con Iomaire an chéad chainteoir a bhí ar chlár an Domhnaigh. Dhá úrscéal aistrithe aici ó thraidisiún na Fraincise mar atá Khalil agus Na Ríthe Beaga. Iad foilsithe ag Barzaz. Bhí slua breá ag teannadh isteach tigh Joran in Schaarbeek. Chuir John Woods tús le himeachtaí an lae. Sheasfainn féin sa sneachta ag éisteacht le Máirín ag caint. Líofacht na Gaeltachta, ceird an raidió, cuimsiú an ábhair, agus ionracas an aistritheora. Díoladh lán bosca leabhar nuair a bhí deireadh ráite aici.

An cameo! Leath na súile ar an gcomhluadar Gaelach nuair a chuala siad teanga ársa allúrach na Rómáinise á labhairt ar urlár na hÉigse. Agus an teacht i láthair a bhí sa bhfile. Í gléasta chomh breá le Cleopatra fadó, agus na blianta de thaithí stáitse le haithint ar gach cor dár chuir sí de. D’aistrigh mise a cuid cainte chomh maith is a d’fhéadfainn, agus léigh mé an t-aistriúchán Gaeilge.

Is é an tUasal Darach Ó Scolaí, úrscéalaí cumasach, foilsitheoir bisiúil, ealaíontóir scuaibe lena linn, agus duine de Ghaeil oirearca na linne seo a thug aitheasc scoir na hÉigse. Ealaín na Cumhachta ba theideal don aitheasc. Cén fear eile in Éirinn – nó sa mBeilg – a thabharfadh Macbeth agus Meadhbh na Tána le chéile in aon anáil agus in aon abairt amháin? Fágtar faoi Dharach Ó Scolaí é! Litríocht na Nua-Ghaeilge má ba mhór leis de ghreim ba bheag leis de dhá ghreim. Filí agus scríbhneoirí faoi chomaoin na bpátrún: ag sin cuid d’éirim na cainte a chaith sé. Sin agus an srian a chuireann an phátrúnacht ar obair an scríbhneora. Léigh an t-údar sliocht as Fís an Daill, úrscéal staire dá chuid féin.

Chuir Tomaí Rua Ó Conghaile clabhsúr ar ‘imeachtaí oifigiúla’ Éigse na Bruiséile 2023. Tuigtear dom go mbeidh fear Ard Macha ag fágáil na Bruiséile agus na Beilge go fóill. Is mór a chroithneofar Tomaí sa mBruiséil. Mheallfadh sé an t-éan de chraobh le feabhas a chuid cainte. Ach más sa gCatalóin, san Iodáil, san Afraic nó san India a bheas sé go ceann bliana, tá súil againn ar fad go mbeidh sé inár gcuideachta arís mí Bhealtaine seo chugainn nuair a bheas Éigse na Bruiséile 2024 á tionól go lúcháireach léannta arís.

Níorbh é an seisiún breá ceoil i ndiaidh léacht Dharach Uí Scolaí ba chríoch le himeachtaí ‘neamhoifigiúla’ na hÉigse. Maidin lá arna mhárach, tháinig beirt ag an doras. Isteach leo. ‘An bhfuil sé buille luath le gloine Champagne a ól?’ arsa mise. Beag an baol. Óladh deoch an dorais. ‘Sláinte agus saol, agus go mbeirimid beo ar an am seo arís!’

Fág freagra ar '‘An bhfuil sé buille luath le gloine Champagne a ól?’ – na Gaeil ag ceiliúradh i bpríomhchathair na hEorpa'