An bhean a bhásaigh nuair a d’ionsaigh dhá mhadra i gConamara í ainmnithe

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála timpeall tráthnóna nuair a rinne dhá mhadra ionsaí ar Teresa McDonagh as Conamara

An bhean a bhásaigh nuair a d’ionsaigh dhá mhadra i gConamara í ainmnithe

Tá na Gardaí i mbun fiosrúcháin faoin scéala gur bhásaigh bean sna seascaidí i nGaeltacht Chonamara tráthnóna nuair a rinne madraí ionsaí uirthi.

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála timpeall 3pm tráthnóna nuair a rinne dhá mhadra ionsaí ar an mbean i gCnoc ar Easair i bparóiste Mhaigh Cuilinn.

Tuairiscítear go raibh an bhean ar cuairt ar ghaolta léi nuair a tharla an eachtra agus gur tarbhmhaistíní iad na madraí a bhí i gceist.

Fógraíodh ar an láthair go raibh an bhean marbh agus tugadh a corp go dtí Ospidéal na hOllscoile sa Ghaillimh le go ndéanfaí scrúdú iarbháis.

Tá an eachtra á fiosrú ag na Gardaí i mBóthar na Trá.

Fág freagra ar 'An bhean a bhásaigh nuair a d’ionsaigh dhá mhadra i gConamara í ainmnithe'