FÍSEÁN: Aitheasc na Nollag agus na hAthbhliana ó Uachtarán na hÉireann

Teachtaireacht Nollag speisialta ó Uachtarán na hEireann

Mar Uachtarán, guím beannachtaí na Nollag agus na hAthbhliana ar gach duine in Éirinn, ar ár muintir atá thar lear, orthu siúd a thugann tacaíocht dóibh agus ar na pobail a chuireann fáilte rompu.

Is tréimhse áthais agus teochroí atá sa Nollaig. Is am speisialta den bhliain atá ann, nuair a thagann an oiread sin dínn le chéile lenár dteaghlaigh agus lenár gcairde i spiorad an mhuintearais agus an cheiliúrtha.

Is deis atá ann an dóchas a athnuachan agus muid ag féachaint amach romhainn le chéile. Dúinn go léir, fiú an chuid sinn dínn atá uaigneach nó briste nó cráite, tugann sí spreagadh dúinn féachaint chun cinn thar na hoícheanta fada dorcha, go dtí gealltanas ghile an earraigh arís.

Is é scéal Bheithil, faoi Sheosamh agus Muire gan dídean, agus iad ag tnúth le breith a linbh, atá i gcroílár na saoire seo agus iarrtar orainn smaoineamh ar an gcaidreamh a bhíonn againn leis an strainséir, an té atá leochaileach inár measc.

Cuirtear i gcuimhne dúinn faoi Nollaig, ní hamháin an chaoi a raibh ar fhear agus ar bhean a mbaile a fhágáil chun a leanbh a thabhairt ar an saol in áit i bhfad i gcéin, ach an chaoi ar tháinig aoirí agus cuairteoirí anaithnide ina gcuideachta. Meabhraíonn an scéilín seo dúinn tábhacht na féile is na flaithiúlachta.

An mhí seo caite, d’fhill mé ó chuairt a bhí tugtha agam ar an Afraic ar feadh trí seachtaine. Chonaic mé ansin comhar na gcomharsan idir muintir na dtíortha éagsúla, leithéid na hAetóipe, agus iad ag dul i ngleic leis an gcruachás ina bhfuil an oiread sin fear, ban agus páistí sna réigiúin máguaird, áit arbh éigean do dhaoine a mbailte, a bpobal agus a slite beatha a fhágáil ina ndiaidh chun dídean a fháil ina gcríocha siúd.

Ba cheart go spreagfadh an dea-thoil sin dúinn go léir, cuma cén áit ar domhan a bhfuil cónaí orainn, a bheith páirteach san iarracht dídean a thabhairt dóibh siúd atá ag teitheadh ón ngéarleanúint nó ón ocras.

Is séasúr na síochána atá sa Nollaig, tráth le tabhairt chun cuimhne gach ar féidir a bhaint amach trí mhachnamh, trí mhaithiúnas agus trí athmhuintearas.

Níos luaithe i mbliana, bhí sé d’onóir agam a bheith ar an gcéad Cheann Stáit ar Éirinn a thug Cuairt Stáit ar an gcomharsa is gaire dúinn, i ngach ciall den fhocal sin, is é sin an Ríocht Aontaithe.

Ba phribhléid an-mhór agus ba chúis áthais dom a bheith ann agus an cairdeas idir an dá phobal a léiriú; pobail nach bhfuil amhras orthu faoina chéile níos mó, ach a bhfuil muinín acu as a chéile agus a thugann urraim dá chéile d’fhonn a bheith tiomanta don tsíocháin agus don athmhuintearas.

Agus an Bhliain Nua ag teannadh linn agus muid ag leanúint lenár saol le chéile, ba mhaith liom an meas atá agam orthu siúd a chuireann ar ár gcumas an saol sin a mhaireachtáil a chur in iúl dóibh.

Tá a fhios agam go bhfuil a oiread céanna tiomantais acu sin go léir don fhreastal ar ár saoránaigh agus go bhfuil siad dírithe, ina nduine is ina nduine, ar fhónamh a dhéanamh don phobal.

Ba mhaith liom, mar sin, ar son mhuintir na hÉireann, buíochas a ghabháil leo siúd go léir atá ag freastal ar ár bpobail le linn na saoire – na foirne sna hospidéil, na seirbhísí éigeandála, an Garda Síochána, agus baill Óglaigh na hÉireann atá ag tacú leis an tsíocháin thar lear.

Is é mo mhian go dtiocfaidh flúirse deiseanna an treo le go mbeidh rath orainn agus sinn ag déanamh athnuachain ar ár n-aigne agus ar ár dtiomantas don chúram sa bhliain dhá mhíle agus a cúig déag.

Go dté spiorad an chúraim sin – a leathann ar fud an dornáin laethanta luachmhara seo a chaithimid i gcomhluadar geanúil a chéile – ar fud an phobail, amach thar an Nollaig agus isteach sa bhliain atá amach romhainn.

Guím féin agus Sabina Nollaig shona ar gach aon duine agaibh agus Bliain Nua faoi shíocháin agus faoi mhaise.

Slán agus beannacht.