Ainmhí cineál aisteach é an fothoghchán agus is amhlaidh a bheidh i ndiaidh imeacht Murphy

Seo an chéad deis a bheidh ag an bpobal a mbreithiúnas a thabhairt ar an gcomhrialtas trí pháirtí agus an láimhseáil atá déanta acu ar an ngéarchéim sláinte phoiblí

Ainmhí cineál aisteach é an fothoghchán agus is amhlaidh a bheidh i ndiaidh imeacht Murphy

Ainmhí cineál aisteach é an fothoghchán. Níos minice ná a mhalairt úsáideann an pobal a leithéid le buille a thabhairt don pháirtí atá i gcumhacht. Bíonn sé an-deacair ag páirtí rialtais an suíochán a bhreith leo go hiondúil. An bhfuil cúis ar bith nach mar sin a bheadh nuair a bheidh fothoghchán i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas níos déanaí i mbliana?

Suíochán rialtais a bheidh le líonadh, suíochán an iar-aire Tithíochta Eoghan Murphy. Triúr Teachtaí Dála eile atá sa dáilcheantar agus is Teachtaí Dála rialtais beirt acu – Jim O’Callaghan ó Fhianna Fáil agus Eamon Ryan, ceannaire an Chomhaontais Ghlais. Is ag Chris Andrews, Sinn Féin, duine de theaghlach ríoga polaitiúil mhuintir Andrews, atá an ceathrú suíochán. Cor eile sa scéal seo gur Teachtaí rialtais iad an bheirt atá fágtha cé gur le páirtithe éagsúla iad mar go bhfuil trí pháirtí sa gcomhrialtas reatha. Tá uisce le fiacla na dtráchtairí polaitíochta cheana féin ag iarraidh an ceann seo a thuar.

Ceantar gustalach meánaicmeach é seo i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Tá sé ar cheann de na dáilcheantair is rachmasaí sa tír. An cineál polaiteora a mbíonn rath orthu ann? Smaoinigh ar leithéidí Michael McDowell agus Lucinda Creighton. Dáilcheantar nua é a bunaíodh faoi na leasuithe a rinneadh in 2013. Bhíodh cuid mhór den dáilcheantar i mBaile Átha Cliath Thoir Theas go dtí sin. Ní haon iontas, mar sin go mbíonn rath ar Fhine Gael agus Fianna Fáil, Fine Gael go háirithe, sa an dáilcheantar seo.

Ciallaíonn an méid sin, agus an 28% den vóta a fuair siad san olltoghchán anuraidh, gur chóir go mbeadh an suíochán seo sábháilte go maith d’Fhine Gael. Ach cé a roghnóidh siad? Shílfeá go roghnóidís an bhean a chaill an suíochán le 800 vóta nó mar sin i mí Feabhra 2020. Níl de dheacracht ag Kate O’Connell a bhí ina Teachta Dála idir 2016 agus 2020 ach gur cosúil nach mórán gean atá aici féin agus Leo Varadkar ar a chéile. Thacaigh sí go láidir leis an Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney sa gcoimhlint do cheannaireacht Fhine Gael in 2017. Tá roinnt ráiteas déanta aici sna meáin freisin a thugann le fios nach bhfuil aon chion aici ar an Tánaiste. Mar sin féin, shílfeá gurbh í an rogha chiallmhar mar iarrthóir.

Bean a bhfuil dúshlán a ceannaire tugtha aici, ceannaire atá ina Teachta Dála sa gceantar seo, is ea Ardmhéara Bhaile Átha Cliath Hazel Chu, comhairleoir an Chomhaontais Ghlais sa gceantar. Tharraing sí clampar le gairid le linn fothoghcháin Seanaid nuair a chinn sí seasamh mar neamhspleách nuair nár roghnaigh a páirtí aon iarrthóirí. An bhféadfadh go mbeadh socrú den chineál céanna, páirtithe rialtais ag tacú lena chéile, i gceist sa bhfothoghchán seo freisin? Anois bheadh sé sin spéisiúil! 

Ó thaobh na nGlasach de, is í Hazel Chu an rogha chiallmhar mar iarrthóir – ceist eile an mbeidh ciall leis na roghanna a dhéanfar?

Sé Jim O Callaghan an Teachta Dála is aitheanta de chuid Fhianna Fáil sa bpríomhchathair. Luaitear go minic é mar chomharba ar Mhicheál Martin. Ní léir go bhfuil aon iarrthóir aitheanta ag an bpáirtí sa toghcheantar seo – tá an comhairleoir Clare O’Connor á lua. An cheist mhór ná cé mhéid brú a bheidh ar O’Callaghan ón gceannaireacht an suíochán seo a chinntiú d’Fhianna Fáil? B’fhéidir, freisin go bhfaigheadh muid léargas soiléir ar thacaíocht an pháirtí sin i measc an phobail agus bliain caite acu ar ais ag bord an rialtais.

Ba mhór an bua do Shinn Féin an suíochán a fuair Chris Andrews anseo anuraidh. Ní ceantar nádúrtha de chuid an pháirtí an dáilcheantar seo cé go bhfuil ceantair lucht oibre cosúil leis An Rinn agus an Baile Gaelach sa gceantar. Níl aon iarrthóir mór le rá sa gceantar ach an oiread agus tá caint go leor ann go bhfuil súil ag an Seanadóir agus an t-iarfheisire Eorpach Lynn Boylan ar an suíochán. Cé chomh cóir agus a bheadh sé sin don chomhairleoir a bhíonn ag obair anseo do Shinn Féin faoi láthair? Ceist eagrúcháin don pháirtí atá ansin. Más cóir géilleadh do na pobalbhreitheanna tá tacaíocht Shinn Féin ag bordáil idir 28% agus 30% i measc an phobail faoi láthair. Is deacair an tacaíocht sin a shamhlú dóibh sa dáilcheantar seo ach oireann na fothoghcháin do pháirtithe an fhreasúra.

Seo an chéad deis a bheidh ag an bpobal a mbreithiúnas a thabhairt ar an gcomhrialtas trí pháirtí agus an láimhseáil atá déanta acu ar an ngéarchéim sláinte phoiblí. An dtabharfaidh an pobal breithiúnas ar na páirtithe ina gceann agus ina gceann nó an triúracht le chéile? An ndéanfar plé ar aon ábhar seachas an Covid-19? Bealach amháin nó bealach eile beidh an feachtas spéisiúil agus neamhghnách.

Fág freagra ar 'Ainmhí cineál aisteach é an fothoghchán agus is amhlaidh a bheidh i ndiaidh imeacht Murphy'