Agóid tithíochta… agus moladh nár cuireadh i bhfeidhm fós

Níl ‘leas an phobail’ á dhéanamh ag polasaithe tithíochta an rialtais. Tá sé riachtanach bun-athrú a dhéanamh ar an gcur chuige reatha

Agóid tithíochta… agus moladh nár cuireadh i bhfeidhm fós

“Tá mo chairde scaipthe ar fud an domhain,” a dúirt bean óg as Baile Átha Cliath le linn comhrá faoin ngéarchéim tithíochta.

“Thosaigh said ag imeacht deich mbliana ó shin, cheal deiseanna fostaíochta,” a dúirt sí. “Ní raibh aon rogha acu ar feadh i bhfad, ná leigheas ar bith ar a gcás. Ní cóir go mbeadh an scéal amhlaidh maidir le tithíocht, agus gach duine ag rá linn go bhfuil an geilleagar ag neartú.”

Bhíomar ag caint sarar thug slua mór aghaidh ar Theach Laighean inné chun a míshásamh le polasaithe tithíochta an rialtais a chur in iúl. Bhí a thuilleadh míshásaimh ann, agus cúis mhór imní don rialtas, agus rún cáinteach á phlé sa Dáil aréir.

“Tá cairde liom a chuaigh ar imirce, a d’fhill tar éis tamaill, ach atá imithe arís,” a dúirt an bhean óg (28) le Tuairisc.ie.

Bhí fonn orthu go léir cur fúthu go buan in Éirinn. Ach ní raibh siad toilteanach cíos craiceáilte a íoc (900 sa mhí a chaitheann cara amháin léi ar sheomra i Ráth Fearnáin). Ní mian leo ach oiread cíos ard a íoc faoi chóras dlí a cheadaíonn díshealbhú gan stró.

“Thángadar ar ais, ach tá cuid acu imithe arís, agus ní fhillfidh siad. 

Bhí imní agus fearg mar seo follasach sa slua, i measc na ndaoine óga go háirithe, a bhí páirteach in agóid an lae inné. Gan amhras, tá dlús á chur le beartais éagsúla rialtais chun tógáil tithe agus árasán a fhorbairt, agus chun cíos a shrianadh beagáinín. Ach ní shásóidh an cur chuige seo go leor daoine nach bhfuil buan-áit chónaithe acu ar chostas réasúnta, agus in ionad oiriúnach.

Gan amhras, níl fadhbanna dídine ag cur imní go díreach ar ár bhformhór. Ach is léir do na páirtithe polaitíochta go léir go mbeidh tionchar nach beag ag an míshásamh maidir le tithíocht ar thoradh an olltoghcháin a shíltear a fhógrófar uair éigin as seo go ceann bliana.

Thug ceannaire Fhianna Fáil Micheál Ó Máirtín le fios ag an deireadh seachtaine gur chóir moladh áirithe chun tógáil tithe a éascú a chur i bhfeidhm, moladh a cuireadh faoi bhráid rialtais 45 bliain ó shin. Más maith é, is mithid.

Is i 1973 a moladh i dtuairisc a scríobh an breitheamh John Kenny gur chóir do na húdaráis áitiúla seilbh éigeantach a ghlacadh ar thalamh chun tógála, agus gan ach cúiteamh a bheadh 25% níos airde ar a mhéid ná an gnáthphraghas á íoc acu.

Níor chuir rialtas ar bith moladh an bhreithimh i bhfeidhm ó shin toisc go raibh amhras orthu go mbeadh beartas dá leithéid ag teacht salach ar airteagal 43 den bhunreacht ina bhfuil cosaint láidir ar mhaoin phríobháideach. Ní foláir a rá go bhfuil “bunrialacha an chirt chomhdhaonnaigh” agus “leas an phobail” luaite san airteagal céanna, agus ceart tugtha don stát cearta maoine a theorannú.

Dúirt Micheál Martin go mbeadh feidhmiú an mholadh a rinne an breitheamh Kenny fadó “morálta”, ach ní fiú mórán an chaint sin fós. Níl ráite aige ach gur iarr sé ar urlabhraí dlí Fhianna Fáil, an t-abhcóide sinsearach Jim O’Callaghan, an moladh a mheá, féachaint an mbeadh reifreann riachtanach lena chur i bhfeidhm.

Athrú meoin, nó caint gan éifeacht dáiríre? Neosfaidh an aimsir. Idir an dá linn, is sampla maith é a ndúirt Micheál Martin den riachtanas polaitiúil atá ag brú ar gach dream atá ag iarraidh a bheith sa rialtas tar éis an olltoghcháin. 

Níl “leas an phobail” á dhéanamh ag polasaithe tithíochta an rialtais. Tá sé riachtanach bun-athrú a dhéanamh ar an gcur chuige reatha. Tá an mionlach míshásta ag dul i líonmhaire, mar a dúradh leo go soiléir le linn agóid an lae inné

Fág freagra ar 'Agóid tithíochta… agus moladh nár cuireadh i bhfeidhm fós'