Agallamh le Joan Burton: chuaigh Tuairisc.ie chun cainte leis an Tánaiste

Labhair Áine Ní Chiaráin leis an Tánaiste faoi chúrsaí eacnamaíochta, reifrinn, toghcháin, uisce agus teanga

28/02/2015. Labour - 68th National Conference. Pic

Áine Ní Chiaráin: Tá sé naoi mí anois ó toghadh mar cheannaire thú. Céard atá bainte amach agat do Pháirtí an Lucht Oibre sa tréimhse sin?

Joan Burton: Nuair a toghadh mé, bhí an Pairtí go dona as; ní rómhaith a d’éirigh linn sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha agus chaill a lán ball a gcuid suíochán. Ach mar go bhfuil vóta ag gach ball sa toghchán ceannaireachta agus leascheannaireachta, bhí próiseas fada i gceist, dosaen cruinnithe i ngach ceard den tír agus a lán díospóireachta faoin treo ab fhearr don pháirtí. Dá bharr sin, creidim go bhfuil páirtí an-aontaithe againn. Anois níl aon dul amú ar éinne faoin méid oibre atá le déanamh roimh an olltoghchán, ach tá muinín an athuair ag daoine as idéil, aidhmeanna agus clár oibre an pháirtí, go háirithe i dtaobh na heacnamaíóchta.

Ghlacamar go fonnmhar leis an obair a bhí le déanamh chun an tír a chur ar ais ar a cosa. Dá bharr sin chailleamar a lán comhairleoirí agus Feisire Eorpacha ach ní féidir linn a bheith ag breathnú siar. Caithfimid anois féachaint ar an todhchaí agus ar an obair aththógála. Sílim gurb é an dushlán is mó a bhí romhainn ná postanna a chur ar fáil agus tá ag éirí linn i bhfianaise fhigiúirí na seachtaine seo caite a léiríonn go bhfuil líon daoine atá dífhostaithe tite faoi bun 350,000 den chéad uair ó Eanáir 2009.

Áine Ní Chiaráin: Is ball den Rialtas tú ó 2011, ach d’athraigh an caidreamh le Fine Gael agus an Taoiseach nuair a toghadh i do cheannaire thú…

Joan Burton: Chinn me fanacht sa Roinn Coimirce Sóisialaigh mar d’ainneoin na déine agus na n-athruithe a rinneadh, theastaigh uaim a chinntiú nach ngearrfaí na bunrátaí Leasa Shóisialigh agus a bheith in ann roinnt liúntas a thabhairt ar ais ar nós íocaíochtaí na Nollag. Leis an gcineál oibre atá ann, ní cheadaíonn an roinn sin aon eirí an airde, cuma cé chomh huasal do theideal. Tá sé tábhachtach dom gur mé an chéad bhan-Cheannaire ar an bpáirtí agus gur mé an chéad bhan-Thánaiste de chuid an Lucht Oibre. Ceadaíonn se dom mo thaithí a chur in iúl ag leibheal níos airde ag an gCoiste Bainsitíochta Eacnamaíoch, áit ar theastaigh uaim i gcónaí go mbeadh níos mó focais ar an téarnamh sóisialta.

Áine Ní Chiaráin: Cén cruthúnas atá agat go leanfaidh an feabhas ar chúrsaí eacnamaíochta?

Joan Burton: Ní fheicim aon chúis nach leanfadh. Thit an eacnamaíocht de bhruach na haille mar gheall ar an mbarántas bainc agus fiacha na mbancanna. Dá dheasca sin, chaill an tír 300,000 post. Chinneamar sa Rialtas cáil na tíre a chur ar ais ar a bonnaibh, oibriú le hinstitiuidí idirnáisiúnta an socrú tárthala a athrú píosa ar phíosa, chun ár gcáil agus muinín na ndaoine a thabhairt slán an athuair. Thóg se tamall fada sular tháinig aon fheabhas ar an eacnamaíocht anseo. Agus tá sin ríthábhachtach chun fostaíocht a chruthú anseo, agus tá sin ag tarlú anois. Teastaíonn ón Lucht Oibre go mbeidh córas leasa shóisialaigh láidir againn ach go mbeidh obair ar fáil freisin, óir is muid ‘páirtí na n-oibrithe’. Mí i ndiaidh míosa anois, tá feabhas eacnamaíochta á thuairisciú ag institiúídí idirnáisiúnta agus institiúídí baile, ach tá a lán fós le déanamh. Tuigim go maith go bhfuil réigiúin ann nach bhfuil aon bhorradh iontu fós agus sin an chéad dúshlan eile dúinn.

Áine Ní Chiaráin: Céard atá i ndán don Lucht Oibre sa chéad olltoghchán eile?

Joan Burton: Ba mhaith liom gach ceann dár gcuid suíochán a choinneáil. Ciallaíonn sin go gcaithfimid tacaíocht an Pháirtí a fhás, thar thréimse ama, go dtí an leibhéal tacaíochta céanna a bhí againn san Olltoghchán. Tá an dioscúrsa agus na díospoireachtaí Dála ait sa mhéid nach ndíríonn an freasúra ar chor ar bith ar chúrsaí eacnamaíochta. Is faoi chaiteachas agus nithe sóisalta a bhíonn said ag caint. Creidim agus an toghchán ag druidim linn go mbeidh níos mó béime ar an eacnamaíocht, gur ceist lárnach a bheidh ann. De réir mar a bheidh an toghchán ag druidim linn, beidh daoine ag smaoineamh ar an dúshraith atá leagtha faoin eacnamaíocht, mar ní dóigh liomsa go dteastaíonn ó phobal na hEireann filleadh ar an neamhchinnteacht agus ar an gcaiteachas místuama.

Áine Ní Chiaráin: Céard a bheidh á iarraidh agatsa thar cheann pháirtí an Lucht Oibre sa chéad bhuiséad eile?

Joan Burton: Mar a d’fhógair mé fhéin agus an Taoiseach i mí Iúil, beimid ag díriu ar an téarnamh sóisialta agus eacnamaíochta. Beimíd ag iarraidh faoiseamh breise a thabhairt do dhaoine ar ioncam idir €30,000 agus €70,000, leanacht de na hathruithe san MSC (An Muirear Sóisialta Uilíoch) do dhaoine ar ioncam íseal agus an teora ag a n-íocann daoine ardráta cánach a ardú. Maidir le híocaíochtaí leasa shóisialaigh, tá fúinn €5 eile in agahaidh na míosa a chur leis an liúntas leanaí an bhliain seo chugainn, agus cur leis an mbónas Nollag. I mbliana íocfar díbhinn teaghlaigh, agus daoine a théann ar ais ag obair, coinneoidh siad an ranníocaíocaíocht do pháistí don chéad bhliain agus a leath don dara bliain. I mBaile Átha Cliath, is soláthar breise tithe an príomhéileamh.

I 2014 soláthar de 11,000 a tógadh i gcomparáid le 90,000 roinnt blianta o shoin.

Áine Ní Chiaráin: Nach bhfuil an chontúirt ann go ndéarfar gur ag ceannach vótaí atá sibh?

Joan Burton: Bhuel tá a lán fulaingte ag daoine ach tá rudaí ag feabhsú. Tá forbairtí fiúntacha éagsúla feicthe againn. Ciallaíonn an titim sa Euro go bhfuil fiúntas lena gcuid airgid nuair a thagann turasóirí anseo ó na Stáit Aontaithe nó ón mBreatain, mar shampla.

Áine Ní Chiaráin: An dóigh leat go bhfuil dóthain deanta ag an Aire Comhshaoil, do Leas-Cheannaire, chun raic na dtáillí uisce a mhaolú?

Joan 2Joan Burton: Creidim go bhfuil daoine áirithe ann ar ‘trodairí uisce’ (‘water warriors’) iad agus a bheidh i gcónaí in aghaidh na dtaillí. Ach a lán díobh siúd atá ina n-aghaidh – cuid de na grúpaí polaitiúla ar an eite chle san áireamh – nílim róchinnte a oiread a bhaineanna bhfeachtas le feachtas uisce; sílim gur grupaí frithrialtais iad a dteastaíonn uathu an Rialtas a chloí.

Tá cathair Bhaile Átha Cliath gan soláthar dóthaineach uisce agus ó thaobh na heacnamaíochta de, tá sé ríthábhachtach go bhfuil córas ceart sa tír gan trácht ar cheisteanna sláinte. Mar chomhshaolaí, cuireann sé alltacht orm go bhfuil 40 loch, abhainn agus cuan a bhfuil séarachas amh ag sileadh isteach iontu. Mura ndéileálfaidh an Rialtas leis an gceist seo, mura leanfaidh muid treoracha Eorpacha, gearrfar fineáil throm ar an tír.

Áine Ní Chiaráin: An bhfuil imní ort go bhfuil an bhearna ag cungú idir an dá thaobh sa Reifreann Comhionnanas Pósta?

Joan Burton: Tá me muiníneach go leor go n-éireoidh leis an reifreann. Cinnte, i gcás daoine faoi bhun 50 bliain, má théann siad amach ag vótáil ba chóir go mbeadh an lá leis. Caithfidh na heagraíochtaí dul amach ansin agus comhrá a bheith acu leis an bpobal.

Labhair bean liom i Muine Gall le déanaí, agus thesataigh uaithi a fháil amach cén tuairim a bhí agam faoin gcomhionnanas pósta. Dúirt mé léi gur chun leas na tíre a bheadh sé mar go gceadódh sé do dhaoine ar theastaigh uathu an grá atá acu dá chéile a chur in iúl agus é sin a dhéanamh tríd an pósadh. Is dóigh liom go ndéanfaidh sé maitheas don phósadh má tá fonn ar dhaoine vóta muiníne a thabhairt dó. Sheas mé siar ag fanacht leis an méid a déarfadh an bhean seo liom, mar nach raibh aon ghá le tada eile a chur leis an tuairim bhí tugtha agam di. Dúirt sí go raibh mac aici a bhí aerach agus gur theastaigh uaithi ‘go socródh sé síos’. Rud a bhaineann leis an ‘Irish mammy’ atá i gceist anseo; theastaigh uaithi go socródh a clann ar fad síos, bídis aerach nó ná bíodh.

Castar go leor daoine mar sin orm… má bhíonn comhrá againn faoi seo, faoi bheith istigh a thabhairt do chách agus faoi chúrsaí cothromaíochta, agus más féidir a chruthú don té atá níos coimeádaí fiú gur vótá muiníne sa phósadh atá anseo, bheinnse an-mhuiníneach go rithfí an reifreann.

Áine Ní Chiaráin: Céard é polasaí Pháirtí an Lucht Oibre i leith na Gaeilge?

Joan Burton: Is d’aonghnó a cheapas Aodhán ó Ríordáin, cainteoir líofa Gaeilge mar Aire Stáit i Roinn na Gaeltachta. Ta a lán sa pháirtí atá díograisach faoin teanga agus a thacaíonn leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. I mo dháilcheantar féin, tá Gaelscoil nua ann agus súil le Meánscoil lán-Ghaeilge. Tá an ghluaiseacht sin láidir i mBaile Átha Cliath. Is é croí an scéil ná go bhfuil suim ag páistí Gaelscoile sa teanga ach nach bhfuil an scéal amhlaidh faoi pháistí i ngnáth-bhunscoileanna. Sílim go bhfeadfaí an suim sin a spreagadh trí eolas ar chultúr, oidhreacht agus stair a cheangal le teagasc na teanga agus í a mhúineadh ar bhealach taitneamhach.

Áine Ní Chiaráin: Céard é do thuairim faoin maolú ar stádas oifigiúil na teanga san Eoraip?

Joan Burton: Tá fo-choiste Rialtais ag plé leis an teanga agus leis an nGaeltacht. Roghnaigh mise Aire Stáit atá líofa d’fhonn príoracht a thabhairt do na ceisteanna seo. Ní raibh a fhios agam cé a cheapfadh Fine Gael. Tá baint ag Aodhán leis an bplé atá ar siúl idir an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta agus na hinstitiúidí Eorpacha sula ndéanfar cinneadh. Ta Gaeilge líofa ag an Taoiseach agus bhí cruinnithe idir an Rialtas agus an Phairlimint, an Coimisiún agus an Chomhairle. Bheadh impleachtaí ag an gcinneadh i leith stádais don Chomhairle Aireachta, na Cúirteanna, na hIniúchóirí agus don Bhanc Ceannais, gach a bhfuil lárnach don Eoraip.

Áine Ní Chiaráin: Tar éis an chéad toghchán eile, an mbeifeá sásta Rialtas a dhéanamh le Sinn Féin agus comhghuaillíocht den eite chlé a bheith ann?

Joan Burton: Le bheith ionraic faoi, b’fhearr liomsa an Rialtas atá ann anois a bheith tofa arís mar sílim go bhfuil ag éirí linn an tír a tharrtháil. Ní fheicim comhrialtas ann le Sinn Féin. Arís agus arís eile, léirigh Sinn Féin nach bhfuil a bhfócas ar chruthú postanna nó ar théarnamh eacnamaíochta. Aisteach go leor, tá a bhfócas ar ‘náisiún leasa’ (welfare nation) a chruthú seachas ar náisíun atá ag obair. Go bunúsach, tá difríocht idir an dá chur chuige nár dhíríodar fós air.

Áine Ní Chiaráin: Cén uair a tharlóidh an toghchán?

Joan Burton: I gceann bliana.

 

Fág freagra ar 'Agallamh le Joan Burton: chuaigh Tuairisc.ie chun cainte leis an Tánaiste'