D’fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly ar an 2 Lúnasa go gcuirfí córas tástála ar bun sna haerfoirt d’fhonn cosaint na tíre seo in aghaidh an víris chorónaigh a neartú.
Is ar bhonn randamach a dhéanfaí an tástáil, a dúirt Donnelly, agus bheadh foireann bhreise sláinte phoiblí ar dualgas sna haerfoirt feasta.
Ní raibh ach mí caite ag Donnelly ina aire sláinte nuair a gheall sé go mbunófaí an córas nua. Tar éis dó é a fhógairt in agallamh ar RTÉ, tugadh le fios nach raibh cinneadh rialtais déanta faoi go fóill ná dáta tosaithe socraithe.
Ní fios, breis agus dhá mhí tar éis don aire bunú an chórais nua a ghealladh, cén uair a bhunófar é, is é sin má bhunaítear é go deo. Ó labhair sé i mí Lúnasa, tá laigí sna rialacha a éilíonn féinaonrú tar éis do dhuine teacht ón iasacht ag teacht chun solais i gcónaí.
Dúirt bean amháin a labhair le Tuairisc.ie gur thóg sí árasán i mBaile Átha Cliath ar cíos ar feadh coicíse tar éis teacht ó Londain di i mí Lúnasa. Níor ghlaoigh duine ar bith uirthi sa tréimhse sin chun a dheimhniú go raibh sí ag cloí leis an riail. Ní dhearna bean eile a tháinig ón Ísiltír thart ar an am céanna féinaonrú in aon chor. Arís níor glaodh uirthi ach oiread.
Fiú dá nglaofaí, ní bheadh na húdaráis ábalta na freagraí a thabharfadh an bheirt a dheimhniú. Is léir do chách an fhírinne gurb ionann ‘riail’ sa chás sin agus cur i gcéill.
Níl sa dá scéal thuas ach dhá shampla den dochar leanúnach atá á dhéanamh ag lag-ghealltanais agus ag lagchur i bhfeidhm d’iarrachtaí an rialtais an víreas corónach a chur faoi smacht.
Rinne an cáineadh iomarcach a rinne Leo Varadkar ar Tony Holohan a thuilleadh dochair le seachtain anuas. Má bhí locht ar sheoladh an drochscéil faoi leathadh níos sciobtha an víris ón bpríomh-oifigeach leighis, níor thuill sé gearán as cuimse ón rialtas.
Cad eile a dhéanfadh dochtúir ar a fháil amach dó go raibh othar i gcontúirt ach an fhírinne lom a nochtadh gan mhoill?
Ní heol dúinn ar ndóigh cé a sceith an scéal go raibh fógairt shrianta Leibhéal a Cúig molta ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET), ach is leor an tseancheist a chur: cui bono? Cé a bhain tairbhe as an sceitheadh, nó cé dó ar oir sé scéal a chuirfeadh imní as cuimse ar an bpobal a scaipeadh sula ndéanfaí cinneadh rialtais?
Déanta na fírinne, is cuma cé a sceith é. Ní chun leasa an rialtais cáineadh géar ná argóint phoiblí dá leithéid, mar bíonn an rialtas ag brath i gcónaí ar mhuinín agus ar mheas an phobail. Ní bheidh aon rath ar chur chuige ar bith mura mbeidh comhthuiscint ann maidir lena chúis, lena éifeacht agus lena chur i bhfeidhm.
Tá cur síos ar lagpholasaithe agus ar lagchur i bhfeidhm araon sa tuairisc a d’fhoilsigh Coiste Speisialta an Oireachtais um Fhreagra ar Covid-19 Dé hAoine (ar fáil anseo). Tá maithiúnas éigin tuillte ag gach duine a bhí freagrach as na socruithe a rinneadh i dtosach, toisc go raibh contúirt mhór ag bagairt go tobann agus géarghá le gníomh gan mhoill.
Is deacair mar sin féin an cinneadh a rinne NPHET ar an 6 Márta gan cead isteach sna hárais altranais a chosc, cosc a d’iarr bainisteoirí na n-áras. Moltar sa tuairisc go mbunófaí binse fiosraithe leis an gcinneadh sin a iniúchadh, chomh maith leis na fáthanna go bhfuair 985 duine bás sna hárais altranais de bharr an víris, nó 56% de líon iomlán na marbh. Níl ach 0.65% den daonra iomlán ina gcónaí sna hárais altranais.
Léiríonn moladh eile ón gcoiste laige aisteach leanúnach i gcur chuige an stáit in aghaidh an Covid-19. Moltar córas tástála a chuireann torthaí ar fáil taobh istigh de 24 uair an chloig agus rianú a dhéanamh gan mhoill.
Is bocht an scéal é, breis agus ocht mí ó shroich an víreas an t-oileán seo, go bhfuil feabhas dá leithéid fós á mholadh agus á phlé. Más maith is thar a bheith mithid.
B’fhearr don rialtas conspóid gan mhaith agus gealltanais gan cur leo a sheachaint. Is tábhachtaí gníomh ná caint, agus is fearr tost scaití ná argóint.
Fág freagra ar 'Ag teastáil go géar – stuaim seachas conspóid gan chúis agus gealltanas gan cur leis'