“We embark on the work that God and history have called upon us to do.”
Bhí Plandáil Uladh ar bun le 11 bliain nuair a chuir lucht an Mayflower tús lena n-aistear i long a úsáideadh roimhe sin le fíon a iompar. 102 paisinéir, idir ghasúir agus daoine fásta, a bhí ar bord, chomh maith le criú deichniúir, nó mar sin.
Dream faoi leith a bhí i 37 de na paisinéirí agus is féidir sin a aithint ó na hainmneacha a bhaist siad ar a gclann: Humility Cooper, Remember Allerton, Desire Minter, Resolved White, agus na deartháireacha Love agus Wrestling Brewster (ag iomrascáil le Dia a bhí i gceist ag William Brewster nuair a thug sé an t-ainm sin ar a mhac. Bhí beirt iníonacha le Brewster, Fear agus Patience, fágtha sa mbaile aige.).
Separatists nó Scarúnaithe a bhí iontu seo, Piúratánaigh radacacha a raibh sé mar aidhm acu scaradh le hEaglais Shasana toisc gur shíleadar go raibh an eaglais sin fós ag cloí an iomarca le traidisiúin agus searmanais na hEaglais Caitlicí.
Bhíodar ag iarraidh maireachtáil go neamhspleách de réir fhocail an Bhíobla. Bhí chuile rud a tharla leagtha amach ag Dia, dar leo, agus bhí an cine daonna roinnte idir an dream a bhí roghnaithe ag Dia agus an dream nach raibh. (Bhí Cromail féin tamall ina Scarúnaí agus é ina fhear óg agus deirtear go ndearna sé iarracht dul ar imirce go Connecticut i 1634 ach nár cheadaigh rialtas Sasana dó imeacht. Faraor, a deir tú!)
Bhí 12 bliain caite ag na Separatists i Leiden san Ísiltír i ndiaidh dóibh teitheadh ó ghéarleanúint i Sasana, ach nuair a bhí cogadh ag bagairt idir an Ísiltír agus an Spáinn rinne siad cinneadh imeacht chuig an Domhan Úr, áit ina mbeadh deiseanna eacnamaíochta sa mbreis acu chomh maith.
Piúratánaigh a bhí sásta fanacht in Eaglais Shasana agus dul i gcion uirthi “ón taobh istigh” a bhí sa chuid eile den dream a thug faoin aistear seo.
Bhíodar uilig ag leanacht na comhairle a thug Dia d’Abrahám i Leabhar Gheineasas: “Imigh ó do thír féin, agus ó do mhuintir féin agus ó theach d’athar chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit.”
Ceardchomhlacht i gcathair Londan a chuir an t-airgead ar fáil dóibh le coilíneacht a bhunú, ceann de na dreamanna céanna a rinne maoiniú ar na plandálaithe i gCúige Uladh agus ar ainmníodh Londonderry ina n-onóir i 1613.
Ba sa cheantar ar ar baisteadh New England nó Sasana Nua, ceithre bliana roimhe sin, a tháinig a long, an Mayflower, i dtír Samhain na bliana 1620, 66 lá tar éis dóibh Plymouth in Devon Shasana a fhágáil. (Na Pilgrim Fathers a thugtar ar lucht an Mayflower sa lá atá inniu ann, ainm nár tugadh orthu go dtí 1820.)
Bhí na Wampanoag ina gcónaí sa cheantar sin le thart ar 12,000 bliain roimhe sin. Meastar go raibh tuairim is 15,000 de phobal acu ann ag tús an 16ú haois, ach cúpla bliain roimh theacht an Mayflower rinne plá a tholg siad ó Eorpaigh scrios orthu, agus cuireadh thart ar 70% den daonra den saol. Thug na háitritheoirí nua aicídí eile anoir chucu – an bholgach agus an diftéire mar shampla.
Ní raibh an imirce ach ina tús le teacht i dtír an Mayflower ar chósta New England i 1620. Ina leabhar Emigrants: Why the English Sailed to the New World, deir James Evans, go ndeachaigh cúig long a raibh Piúratánaigh ar bord orthu go Meiriceá sa mbliain 1629 agus 11 long eile an t-earrach ina dhiaidh sin, 1630.
I dtréimhse 12 bliain, meastar gur fhág 4,000 teaghlach Piúratánach Sasana agus go raibh 40,000 Sasanach ag cur fúthu i New England faoin mbliain 1641. Maíonn Evans gur ar chúiseanna eacnamaíochta a d’fhág roinnt mhaith acu seo a dtír dhúchais ach go rabhadar sásta an creideamh a úsáid mar leithscéal.
Na chéad bhlianta sin, thugadh na Wampanoag lámh chúnta do na coilínigh leis an bhfómhar a chur is a bhaint. Ceiliúradh ar fhómhar na bliana 1621, tráth ar bhronn an pobal dúchais arbhar agus turcaithe ar na coilínigh, atá sa bhféile Thanksgiving nó Lá an Altaithe, ócáid nach raibh stádas oifigiúil aici go dtí 1863, nuair a d’fhógair Abraham Lincoln í ina saoire náisiúnta agus an Cogadh Cathartha faoi lán seoil.
In imeacht na mblianta, de réir mar a ghlac na coilínigh seilbh ar níos mó den talamh a bhí ag na Wampanoag, tharla aighnis eatarthu.
Ba é an cogadh fuilteach, ar a dtugtar Cogadh Rí Philip, sna 1670idí a chuir deireadh le ré na Wampanoag agus aon phobal dúchasach eile i Sasana Nua. Rinneadh sclábhaithe de go leor den phobal dúchasach a tháinig slán ón gcogadh. Bhí cead a gcinn ag na coilínigh feasta seilbh a ghlacadh ar níos mó talún.
Cé go bhfuil na milliúin daoine i Stáit Aontaithe Mheiriceá sa lá atá inniu ann a mhaíonn gur de shliocht lucht an Mayflower iad, níl ach thart ar 5,000 Wampanoag fós ina mbeatha ansin.
Ní ó aon duine de Phiúratánaigh an Mayflower ná aon duine de na mílte eile a lean iad trasna an Atlantaigh iad sa 17ú haois a tháinig an abairt atá ag tús an phíosa seo.
Is cuid í d’aitheasc an bhua a thug an Caitliceach Joe Biden agus é tofa ina uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá an 7 Samhain, 2020. Bíodh sé d’aon turas nó ná bíodh, ba dheacair gan lucht an Mayflower a thabhairt chun cuimhne ag éisteacht leis.
San aitheasc céanna, d’úsáid sé na focail “faith” seacht n-uaire agus “soul” trí huaire agus thagair sé do Dhia sé huaire. Léigh sé línte as Ecclesiastes, chomh maith le línte as iomainn.
Mar fhocal scoir, dúirt sé: “May God bless America and may God protect our troops.”
Sa leabhar Trump and the Puritans, le James Roberts agus Martyn Whittock, a foilsíodh ag tús 2020, deirtear gur thacaigh na milliúin Soiscéalaithe (Evangelicals) le Donald Trump sa toghchán in 2016. Is beag athrú a tháinig ar an tacaíocht sin in 2020, dar le National Public Radio i Meiriceá. Eisean a bhí roghnaithe ag Dia, dar leis na Soiscéalaithe, le hathbhunú a dhéanamh ar “an chathair lonrach ar chnoc” a bhí ina fís ag na lonnaitheoirí Piúratánacha. (In alt a bhí san iris The Atlantic le gairid, maítear go mbíonn Trump ag fonóid faoi lucht na heaglaise nuair nach mbíonn sé os comhair an phobail.)
Le linn díospóireachta raidió seachtain i ndiaidh an toghcháin, dúirt bean, duine de lucht leanta Trump, gur “country without God” a bheas sna Stáit Aontaithe agus Biden ina uachtarán.
B’fhéidir go bhfuil an tír sin tréigthe ag Dia ach, ar a gcúiseanna éagsúla féin, níl Dia tréigthe ag go leor dá muintir, ná baol air.
Gabriel Rosenstock
Tá leagan eile de scéal na bPiuratánach ann:
https://publicdomainreview.org/essay/lord-of-misrule-thomas-mortons-american-subversions
Dála an scéil, ní i mBéarla a labhair Dia le hAbrahám!
Ciarán Ó Cualáin
Cinnte, ní i mBéarla, ná i nGaeilge ach oiread, a labhair Dia le hAbrahám! Seans go dtuigimid uilig é sin. Ach an Béarla an teanga a bhí ag na Piúratánaigh agus leagan Béarla den Bhíobla (Bíobla na Ginéive, nó an ‘Geneva Bible’, a foilsíodh sa 16ú haois) a bheadh á léamh acu. Deirtear gurbh é an leagan sin a thugadar leo ar bhord an Mayflower.