Ag dul go cnámh an scéil – ní cás eisceachtúil iad ‘cloigne Inis Bó Finne’

Bhí an nósmhaireacht a bhain le bailiú cnámha agus taisí daonna an-choitianta agus cúiseanna éagsúla leis

Ag dul go cnámh an scéil – ní cás eisceachtúil iad ‘cloigne Inis Bó Finne’

In 1890, chuaigh beirt eolaithe, Alfred Haddon agus Andrew Dixon, ar cuairt chuig Inis Bó Finne, amach ó chósta na Gaillimhe. Faoi dhorchadas na hoíche agus faoi rún, ghoid siad 13 blaosc, nó cnámha blaoisce ón áit a raibh Reilig agus Mainistir Naomh Colmán tráth. Fothracha a bhí iontu faoin am sin.

Ní gadaithe ná robálaithe sa ghnáthchiall a bhí iontu ach eolaithe a raibh clú agus cáil bainte amach acu de bharr a gcuid oibre i réimse na hantraipeolaíochta agus na staire agus iad tagtha chun ‘suirbhé iascaireachta’ a dhéanamh.

Nuair a bhí an drochobair déanta acu, chuireadar na blaoscanna isteach i mála agus dá gcuirfí aon cheist faoina raibh istigh sa mhála, bhíodar chun a rá gur ‘poitín’ a bhí ann.

Dé Céadaoin na seachtaine seo, d’fhógair

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath go raibh leis na taisí daonna a thabhairt ar ais go dtí Inis Bó Finne.

Freagra a bhí ann ar achainí mhuintir an oileáin.

Mar ar tharla sé, d’fhreastail mé an lá cheana ar sheimineár a d’eagraigh Coláiste na Tríonóide le saineolaithe idirnáisiúnta leis an ábhar seo a phlé go ginearálta.

Ba chuid de ‘phróiseas éisteachta’ é, a dúirt an t-eagraí, an Dr  Ciaran O’Neill lena lucht éisteachta.

Má cheapann éinne gur cás eisceachtúil iad ‘cloigne Inis Bó Finne,’ tá dul amú orthu. Dar leis an gcéad chainteoir, an Dr Samuel Redman ó Ollscoil Massachusetts, bhí an nósmhaireacht a bhain le bailiú cnámha agus taisí daonna an-choitianta agus cúiseanna éagsúla leis.

Chuir Samuel roimhe an scéal a fhiosrú ar fud na Stát Aontaithe nuair a bhí sé ina mhac léinn óg. ‘Vast storehouses’ a thug sé ar na háiteanna a raibh na taisí á gcoinneáil i músaeim agus in institiúidí eile ó cheann ceann na tíre. Daoine bundúchasacha den chuid is mó a bhí iontu.

Bone Rooms an teideal atá ar an leabhar a scríobh sé, leabhar atá ina théacsleabhar nó saothar tagartha in ollscoileanna ó shin. Thug sé figiúirí a chuir alltacht orainn.

Mheas sé go raibh 38,000 taisí sa Smithsonian, 18,000 i Músaem Stair an Dúlra tá agus 22,000 in Ollscoil Harvard.

Tríd is tríd, measann sé go bhfuil 125,000 taisí Meiriceánach Dúchasach sna músaeim éagsúla.  Measann sé go bhfuil leathmhilliún sna Stáit Aontaithe in institiúidí éagsúla agus leathmhilliún eile i Músaem na Breataine agus in institiúidí eile ar fud na hEorpa.

Luaigh sé an t-eolaí Samuel George Morton a bhailigh an t-uafás cloigne agus taisí é féin. Fear mór i saol na hantraipeolaíochta agus leighis a bhí ann san 18ú haois. Ba ar mhaithe le staidéar a dhéanamh ar na difríochtaí a bhí idir na ‘blaoscanna’ éagsúla a rinne sé an staidéar -ach bhí bunús ciníochais agus impiriúlachais leis an obair seo ar fad.

‘Scientific Racism’[ciníochas eolaíochta] a thug Samuel Redman ar an obair seo. Bhí tuairim an-láidir ann go raibh ceangal idir méid na blaoisce agus inchinn an duine ar leis í. Chuige sin thosaigh siad ag tomhas méid na gcloigne éagsúla. Dar le Redman ba í an eolaíocht ar a dtugaimid eoignic a bhí taobh thiar den chleachtas ach admhaítear anois nach bhfuil bun ná barr léi.

Tá sé spéisiúil gur thug scata ‘eolaithe’ cuairt ar Inis Bó Finne in 1892 agus an gnó áirithe sin idir lámha acu. Tá pictiúr díobh ag tomhas cloigeann duine as an oileán atá ina shuí os a chomhair amach ar chathaoir. Caithfidh sé go raibh suim ar leith acu san oileán sin.

I Meiriceá, dúirt Redman linn go gcothaíonn an t-ábhar seo maidhm conspóidí – ‘firestorm of controversy’ a thug sé air.

‘Ethical Returns Policy’ a thugann an Institiúid Smithsonian ar a bpolasaí nua siúd anois.

Ach eascraíonn an mhórcheist seo as an eolas seo ar fad – sé sin, cad a dhéanfar, nó cad ba cheart a dhéanamh le taisí nó blaoscanna atá ‘bailithe’ ach nach mbaineann leis an áit ina bhfuil siad á gcoinneáil?

Labhair na cainteoirí eile faoin gceist seo i gcomhthéacs a dtíortha féin. Thagair an saineolaí Peggy King-Jorde faoina cuid oibre i Nua-Eabhrac ar láthair ina dtángthas ar thaisí daoine a coinníodh faoi sclábhaíocht.

‘Repatriation’ [aisdúichiú] a thugann siad ar thabhairt ar ais na dtaisí ach ní bhíonn sé soiléir i gcónaí cé dó ba cheart iad a thabhairt ar ais. Ar a laghad ar bith tá an pobal ag comhoibriú leis an scéim i Nua-Eabhrac. Measann Peggy go bhfuil gá le hionchur ón dream a shíolraigh ó na dreamanna sin sa tseanaimsir. ‘We must involve the descenders,’ a dúirt sí.

Thagair sí do shuíomh ollmhór taisí a frítheadh ar Oileán St Helena. Luaigh sí an t-oileán mar lárphointe don trádáil sa sclábhaíocht. Is cinnte gur bhain an bailiúchán taisí seo leis an trádáil sin ach an deacracht atá ann anois ná – cé leis iad? Cé dó ba chóir iad a ‘thabhairt ar ais?’ Rinne sí scannán A Story of Bones faoin scéal agus leagadh amach plean nua de bharr na poiblíochta a tugadh don scannán in 2022.

Bhí rudaí spéisiúla le rá freisin ag an eolaí, an Dr Olof Ljungström as Institiúid Karolinska na Sualainne. ‘Má tá Dámh Leighis in aon áit ón 19ú céad, beidh bailiúchán blaosc acu,’ a dúirt sé. ‘Agus mura bhfuil, ciallaíonn sé go bhfuair siad réidh leis.’

Ardaítear pointe tábhachtach ansin. Go minic, chun conspóid a sheachaint, faightear réidh le bailiúcháin den chineál sin. Imíonn siad gan tásc ná tuairisc.

Ar a laghad ar bith, níl sin tarlaithe le bailiúchán Choláiste na Tríonóide. Bunaíodh an músaem anatamaíochta ansin i 1711, mar a dúirt an tArdchaomhnóir, Evi Numann linn.

Bhí úsáid á baint as i gcomhair oiliúint i gcúrsaí leighis, mar a tharla ar fud an domhain. Ligeadh mná isteach chun staidéar a dhéanamh ar na taisí agus na cnámharlaigh, rud nach raibh coitianta ag an am. In 1825, dúnadh é agus cé gur thaispeáin sí pictiúr dúinn de na cófraí gloine agus na taispeántais a bhí ansin i 1933, cuireadh na taisí i dtaisce i stóras éigin i 1948.

In 2011, tugadh amach iad agus tosaíodh ar an obair mhór a bhain le catalógú agus mar sin de. ‘300 bliain d’oidhreacht leighis na hÉireann’ a thug sí orthu. Leag sí béim ar an gconspóid a bhain le cuid acu agus níor chuir sí fiacail ann nuair a thug sí cur síos dúinn ar obair Haddon a ghoid na blaoscanna ó Mhainistir Naomh Colmán in Inis Bó Finne. Dúirt seisean gur tháinig sé ar ‘mass of graves covered with loose stones,’ ina leabhar nótaí.

Agus cé go bhfuil an obair mall agus trioblóideach, bhíodar in ann ‘dátú carbóin’ a dhéanamh ar bhlaosc amháin agus chuireadar an dáta 1563 uirthi. Bhí barúil aici, cé nach bhfuil aon fhianaise ann chuige sin, gur cuireadh na coirp san aon áit amháin ar feadh roinnt blianta agus ansin go leagtaí na blaoscanna níos gaire don altóir. Nós é seo atá an-choitianta i dtíortha eile san Eoraip, a dúirt sí.

Ba léir ón bplé nach bhfuil gach éinne ar aon intinn faoi chéard ba cheart a dhéanamh anois leis na taisí seo. Tá suíomh idirlín ann a thugann nasc chuig na haighneachtaí éagsúla a rinne daoine agus is léir go ndearna muintir Inis Bó Finne cás láidir go gcuirfí ar ais ar an oileán iad.

Ach ar deireadh thiar, bhí sé thar a bheith spéisiúil an plé a fheiceáil agus a chloisteáil ag an ‘seimineár gréasáin’ agus a thuiscint gur scéal é seo a bhaineann leis an domhan uile.

Fág freagra ar 'Ag dul go cnámh an scéil – ní cás eisceachtúil iad ‘cloigne Inis Bó Finne’'