Ag cur do thuairisce…

Ag cur do thuairisce: colún eolais agus plé dár léitheoirí.

Nuachtlitir graphic

Agus a bhfuil de phlé déanta ag foireann Tuairisc.ie inár measc féin le seachtain nó dhó anuas, cheapamar gur cheart dúinn beagán cainte a dhéanamh ar fhorbairtí a dhéanfar ar an suíomh agus ar an tseirbhís trí chéile as seo go ceann cúpla mí.

Tá i gceist againn leanúint orainn ag cur ábhair in airde i Rannóg na bhFoghlaimeoirí ach beifear á dhéanamh sin anois níos minice agus ar bhonn rialta. Forbrófar na cluichí idirghníomhacha agus na crosfhocail agus beidh teacht éasca ag daltaí agus ag foghlaimeoirí ar a bhfuil sa Rannóg sin gach uile sheachtain, idir ábhar scríofa agus ábhar éisteachta.

Amach ón suíomh féin, is gearr go seolfaimid Nuachtlitir ach a mbeidh dóthain daoine cláraithe linn. Beidh eolas sa Nuachtlitir ar an méid a fhoilseofar ar an suíomh cúpla lá roimh ré agus beidh comórtais ann dár mbaill go léir, áit ar féidir duaiseanna lóistín agus leabhair a bhuachtaint. Ó am go chéile, beidh teacht ar thaifeadtaí fuaime agus físe freisin nach bhfoilseofar ar an nuachtshuíomh.

An tríú rud ba mhaith linn a lua ná imeachtaí atá ag tarlú ar fud na tíre.

Is mian linn cuireadh a thabhairt do dhaoine eolas faoi imeachtaí agus pé grianghraif a ghabhann leo a chur chugainn ó sheachtain go seachtain má bhíonn a fhonn sin orthu. Tá míle fáilte roimh ailt agus pictiúir araon, mar sin, agus is féidir le daoine teagmháil a dhéanamh linn ag an dá sheoladh seo a leanas: pix@tuairisc.ie (le haghaidh gailearaí a ghabhann le himeacht atá tarlaithe) agus eolas@tuairisc.ie (le haghaidh alt agus/nó grianghraif a ghabhann le himeacht atá ar na bacáin).

An t-aon rud a d’iarrfaimis ar dhaoine ná gur grianghraif ar ardchaighdeán a sholáthrófaí dúinn, más é a dtoil é, amhail na cinn a chrochtar ar an suíomh féin, agus go mbeadh foscríbhinn thíos fúthu ag cur síos ar a bhfuil le feiceáil iontu.

Sa chás go mbeidh fonn ar dhaoine alt gairid a sholáthar dúinn, iarraimid orthu a leithéid a chur chugainn roimh 5.00 pm ar an Máirt. Ba dheas linn freisin dá mbuailfí an múnla céanna anuas ar alt mar é agus atá le feiceáil ar an suíomh féin faoin rannóg ‘Imeachtaí’.

Cé is moite de na ceisteanna sin, ba mhaith linn buíochas a ghabháil lenár leitheoirí as a gcuid aiseolais, idir cháineadh is mholadh – óir tuigimid gur ar mhaithe linn atá an té a dhéanann ceachtar díobh sin – agus as ucht a gcuid tacaíochta ar fad.

Murach sibh, ní bheimis anseo.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

Má bhíonn aon cheist ar mhaith leat go bpléifí ar an gcolún seo í, déan teagmháil le Kevin Hickey ag kevinhickey@tuairisc.ie.