Ach chuile rud a bheith ina cheart beidh seachtar a saolaíodh i gConamara le n-áireamh anois mar lúthchleasaithe Oilimpeacha

Tá a bpaisinéireacht go Tóiceo saothraithe ag cúig chriú ar fad de chuid na tíre seo chomh maith leis an gcéaslóir aonair Sanita Pušpure

Ach chuile rud a bheith ina cheart beidh seachtar a saolaíodh i gConamara le n-áireamh anois mar lúthchleasaithe Oilimpeacha

Emily Hegarty, Fiona Murtagh, Eimear Lambe agus Aifric Keogh. Pictiúr: INPHO/Detlev Seyb

Mura dtiocfaidh cor aisteach éicint sa scéal, fágann a ngaiscí an deireadh seachtaine seo caite go mbeidh beirt eile as Conamara le cur leis an liosta daoine as an gceantar sin a sheas an fód d’Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha.

Ag babhtaí cáilithe rámhaíochta in Lucerne na hEilvéise a bhí Aifric Keogh as na Forbacha agus Fiona Murtagh as Gort an Chaladh, Maigh Cuilinn sa mbád a bhuaigh an comórtas ceathrair go slachtmhar – Eimear Lambe as Cabrach agus Emily Hegarty as an Sciobairín mar chompánaigh acu.

Sin le rá go bhfuil a bpaisinéireacht go Tóiceo saothraithe ag cúig chriú ar fad de chuid na tíre seo chomh maith leis an gcéaslóir aonair Sanita Pušpure. Lucht na maidí rámha atá chun cinn anois san áit go mba iad na dornálaithe ba mhó a sheas an fód ar fhoirne dár gcuid ó aimsir Barcelona, deich mbliana fichead ó shin.

De réir rialacha na rámhaíochta ní gá gurb iad siúd a bhí suite sa mbád a cháiligh a bheadh inti arís faoin am a dtosódh na Cluichí Oilimpeacha. Sin an fáth gur thagair mé don ‘chor aisteach’ sa gcéad líne.

Tá aithne mhaith agam ar fhear a bhí thíos leis an riail chéanna. Bhí Alan Martin ar dhuine acu siúd a bhí i mbád ceathrair a bhain cáilíocht amach an taca seo in 2008, ach nuair a tháinig Cluichí Beijing níos deireanaí sa mbliain, thug an cóitseálaí tús áite do dhuine eile.

Faoin am sin bhí a gcuid taistil agus lóistín curtha in áirithe ag a mhuintir agus cé go raibh siadsan (agus an Máirtíneach féin) i láthair ag na Cluichí mar ionadaí, ba mhó de phian ná de phléisiúr a bhain siad as an ócáid agus is maith a thuigfeá dóibh.

Le cúnamh Dé ní chuirfidh a leithéid aon imní ar mhná óga Mhaigh Cuilinn ná na bhForbacha agus tá luach a saothair tuillte go maith acu. Tá siad anois ag an leibhéal is airde sa spórt is ansa leo, a bhuíochas sin dá gcumas féin agus don obair a rinne siad ón am ar thosaigh siad a gcuid meánscolaíochta – Aifric i gColáiste Iognáid ar Bhóthar na Mara i gCathair na Gaillimhe agus Fiona suas an cnoc uaithi i gColáiste na nDoiminiceach ar an mBóthar Ard.

Emily Hegarty, Fiona Murtagh, Eimear Lambe agus Aifric Keogh. Pictiúr INPHO/Detlev Seyb

Níl aon locht agam ar chur i m’aghaidh, ach is fada den tuairim mé gurb iad an rámhaíocht agus an snámh an dá spórt is mó a éilíonn dúthracht agus dílseacht ón duine óg a chuireann suim iontu. I gcás na beirte seo bhíodar i mbun traenála agus cleachtadh ar Abhainn na Coiribe óna seacht a chlog ar maidin ón am a raibh siad 13 bliain d’aois – ní taobh le lá amháin nó péire sa tseachtain a bhí sin fíor ach an oiread.

B’amhlaidh scéal agus a gcuid meánscolaíochta críochnaithe acu – Aifric i gColáiste na hOllscoile i nGaillimh agus Fiona ar scoláireacht in Ollscoil Fordham Road i gceartlár an Bronx i Nua-Eabhrac. Teistiméireacht ar a n-intleacht agus ar a ndíograis go bhfuil céimeanna máistreachta bainte amach acu anois, rud a rinne siad agus iad ag déanamh na traenála a dhéanann lúthchleasaithe gairmiúla.

Lonnaithe i gceanncheathrú an Chumainn Náisiúnta Rámhaíochta sna hUamhanna i gCorcaigh nó go dtáinig an Nollaig seo caite, bhíodar ar an taiscumar ansiúd luath ar maidin agus arís tráthnóna. Cuibhrithe ag Covid ó shin, neamhchinnte an mbeadh Cluichí Oilimpeacha ann nó nach mbeadh, luigh siad isteach ar a sprioc, i mullach a chéile ach roinnte ina ngrúpaí mar a bhí an chuid eile den tír. Rámhaithe cáiliúla mar Pušpure, Muintir Uí Dhonnabháin agus girseacha Chonamara.

Sa mbaile don Nollaig dóibh sháinnigh ráig eile den víreas ansiúd iad. Sular dúnadh na geataí d’áitigh siad ar dheartháir le Fiona veain a thabhairt go Corcaigh leis, áit ar bhailigh siad a gcuid balcaisí ar fad gur thug ar ais iad.

Go dtáinig an mhí seo, ní ar an uisce a bhíodar ach ag déanamh seisiún leis na meaisíní iomartha faoi dhó sa ló freisin agus i mbun cleachtadh agus oiliúna ar líne lena gcuid cóitseálaithe.

Leis an leadrán a bhriseadh, d’athraigh Aifric amach a cuid deiseanna traenála ar phaitió le hais an tí. Ansiúd sháraigh sí curiarracht dhomhanda an leathmharatóin ar mheaisín ar nós an chinn atá le feiceáil i hallaí spóirt ar fud na tíre. 1uair 18.59 nóiméad a thóg an 13.1 míle (21km) uirthi, 13 soicind níos tapúla ná an Meiriceánach a raibh an churiarracht ina seilbh roimhe.

I nGort a’ Chalaidh shaothraigh Fiona chomh dúthrachtach céanna, ag breathnú amach ar Chaisleán Thulach Uí Chadhain agus ar an iliomad oileán atá ar Loch Coirib. Ba mhór idir sin agus ceartlár Bhostúin nó Londan, áiteacha ina raibh sí san iomaíocht ag regatta Henley agus abhainn an Charles, ach b’in an chinniúint a bhí i ndán di.

Théis ghaiscí na hEilvéise, bhíodar beirt ar ais i mbun traenála arís an tseachtain seo. Ar bhealach éicint braithim nár cheapadar go raibh sé chomh deacair an rópa teann a tharraing chucu féin anois agus a bhíodh.

Ach chuile rud a bheith ina cheart beidh seachtar a saolaíodh i gConamara le n-áireamh anois mar lúthchleasaithe Oilimpeacha. Cuimín Clancy as an nGleann, Uachtar Ard (teasc 1948); a chomharsa Mick Molloy (maratón 1968); Pat Gannon as Rinn Mhaoile (rámhaíocht 1980); Éadaoin Ní Challaráin (kayakadóireacht (2000 & 2004); Cormac Mac Fhualáin (Bearna 2008) agus anois Aifric Keogh agus Fiona Murtagh.

Tabhair faoi deara gur le spórtanna uisce a bhí cúigear acu ag plé.

Mo cheol iad fré chéile!

Fág freagra ar 'Ach chuile rud a bheith ina cheart beidh seachtar a saolaíodh i gConamara le n-áireamh anois mar lúthchleasaithe Oilimpeacha'