A Mhonsieur Trichet, s’il vous plaît!

Mura dtéann Iar-Ghobharnóir Bhanc Ceannais na hEorpa agus ionadaí sinsearach ón bhfoireann reatha os comhair Choiste Fiosraithe an Oireachtais, rachaidh meas ar a saothar i laghad go mór

File photo: The Irish Times today published a copy of a letter which showed that the ECB threatened to stop emergency funding unless Ireland took bailout. End.
Jean Claude Trichet Pictiúr: Photocall Ireland

 

Tá an gortghlanadh fós á dhéanamh ag baill an choiste atá ag fiosrú ghéarchéim na mbanc. Go dtí seo, tá an chuid is mó den fhianaise tugtha ag scata ollúna agus saineolaithe. Éirim na fianaise: ní riar stuama ach a mhalairt a bhí ar pholasaí airgeadais an stáit agus ar mhaoirseoireacht oifigiúil na mbanc sna blianta roimh 2008.

So what? Níl iontas ort? Ná ar ár bhformhór. Mar shampla, nuair a thug an tOllamh Meiriceánach Bill Black “an cúl tuathail (own goal) is tubaistí riamh” ar bharántas baincéireachta 2008 le linn chruinniú an choiste Déardaoin, níor easaontaigh duine ar bith leis. Dáiríre, níor inis an tOllamh mórán faoin ollbharántas as cuimse nach raibh ar eolas againn cheana féin.

Is léir an bhunchúis amhrais mar gheall ar an moill a cuireadh ar a dhul i mbun fiosraithe. Ach tá an coiste ag teannadh le héisteacht finnéithe a léireoidh go follasach fiúntas nó easpa fiúntais na hoibre. Beidh lucht féachana nach beag ar line agus ar an teilifís ag na cruinnithe ina gceisteofar Brian Cowen, mar shampla.

Beidh an scéal amhlaidh i gcás Bertie Ahern, Micheál Martin, Eamon Ryan, Charlie McCreevy, Iar-Ard-Rúnaithe na Roinne Airgeadais Kevin Moran agus Kevin Cardiff, an tIar-Rialtóir Airgeadais Patrick Neary agus na fir a threoraigh na bainc i dtreo na tubaiste.

Is oiriúnach catairsis mar chur síos ar na héisteachtaí atá romhainn, tharla gur sa bhfocal Gréigise katharsis atá a fhréamh. Ach ar bhealach, is tábhachtaí na ceisteanna ar mian le baill an choiste iad a chur ar fheidhmeannaigh áirithe i mBanc Ceannais na hEorpa (BCÉ). Mar shampla: cén fáth gur bhagair an tIar-Ghobharnóir Jean Claude Trichet nach dtabharfadh BCÉ tacaíocht níos mó do bhainc na hÉireann i 2010 mura dtoileodh an rialtas glacadh le scéim chabhrach? Agus cén fáth gur dhiúltaigh an Banc ina diaidh sin do gach moladh nach gcúiteofaí sealbhóirí sóisearacha bannaí?

Dúirt Gobharnóir an Bhainc Cheannais Patrick Honohan le Cathaoirleach an Choiste Ciarán Lynch Dé Máirt go bpléifeadh sé an dóigh ina bhféadfaí cabhair ó BCÉ “a iniúchadh agus a fhorbairt”.” Ach dúirt Jean Claude Trichet leis an Taoiseach an mhí seo caite nach bhfuil cead aige de réir dlí dul os comhair coiste náisiúnta parlaiminte.

Tá sé toilteanach, a dúirt sé, freastal ar chruinniú le feisirí Eorpacha na hÉireann sa Bhruiséil. Tairiscint nach nglacfar leis, ach a bhfuil síol réitigh ann, b’fhéidir.

Beidh an coiste i sáinn mura n-aimseofar réiteach ar an gceist seo.

Is cúis áthais dom…

Chuaigh Angela Merkel agus François Hollande go Moscó Dé hAoine chun plean síochána don Úcráin a phlé leis an Uachtarán Putin. Ar ndóigh, bhreathnaigh Tuairisc.ie ar chuntais Twitter na beirte, lena gcur síos gairid ar an gcuairt a léamh. Faraor, níor eisigh an Seansailéir giolc pearsanta le hocht mí. Sa ráiteas pearsanta is deireanaí a chuir Monsieur Hollande ar Twitter sular thosaigh na cainteanna le Putin, ní cúrsaí polaitíochta ná síochána a bhí faoi chaibidil aige ach scéal spóirt:

C’est avec beaucoup de fierté que je salue le formidable exploit de l’équipe de France de Handball, championne du monde pour la 5eme fois.

Glacaimid leis go bhfáilteofar sara i bhfad roimh laochra cispheile na Fraince i bPálas an Elysée.

– Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

 

Fág freagra ar 'A Mhonsieur Trichet, s’il vous plaît!'