Maoiniú caillte ag ceann de na scoileanna ceoil is fadbhunaithe sa tír mar gheall ‘ar fhabht ríomhaireachta’

Tá Cumann na bPíobairí in Ard Mhacha ar an fhód le 52 bliain agus tá maoiniú á fháil acu ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann le 45 de na blianta sin

Maoiniú caillte ag ceann de na scoileanna ceoil is fadbhunaithe sa tír mar gheall ‘ar fhabht ríomhaireachta’

Tá an maoiniú a bhíodh aici ón Chomhairle Ealaíon caillte ag ceann de na scoileanna ceoil is fadbhunaithe sa tír, tuairim is £46,000, mar gheall “ar fhabht ríomhaireachta”.

Tá Cumann na bPíobairí in Ard Mhacha ar an fhód le 52 bliain agus tá maoiniú á fháil acu ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann le 45 de na blianta sin ach baineadh geit astu i mbliana nuair a fuair siad amach i mí Bealtaine nach bhfuair an Chomhairle a n-iarratas ar thacaíocht roimh an spriocdháta, cé go bhfuil an Cumann diongbháilte de go raibh na cáipéisí curtha isteach acu in am trátha.

“Chuir muidine an t-iarratas isteach ar an tairseach ar líne in am ach is cosúil nár dheimhnigh an tairseach go raibh an t-iarratas críochnaithe mar sin níor sheol an córas a fhad leis an Chomhairle Ealaíon é,” arsa Ciarán Ó Maoláin, Oifigeach Forbartha an Chumainn.

Cuireann an chailliúint airgid – an ceathrú cuid dá ioncam – brú mór ar Chumann na bPíobairí, ar cumann carthanachta é a bunaíodh in 1966 agus a bhfuil tionchar iontach imeartha aige i saol an cheoil thraidisiúnta fríd a leabhair teagaisc a bhíonn in úsáid ar fud na cruinne agus tá sé ar thús cadhnaíochta sa bhorradh atá faoin phíb uilleann le blianta anuas.

Fuair go leor réalta ceoil – Brian Finnegan, Jarlath Henderson, Niall, Caoimhín agus Cillian Vallely agus Ríoghnach Connolly, ina measc – oiliúint agus spreagadh den chéad uair sa Chumann in Ard Mhacha, an t-am ba mhó trioblóid ó thuaidh.

Bhí an maoiniú le caitheamh ar chlár oideachais an Chumainn, suas le 50 rang sa tseachtain ar a bhfreastalaíonn 200 scoláire ó ocht gcontae.

Dar le Brian Vallely, duine de na bunaitheoirí, “níl sé réasúnach nó cuí go gcuirfeadh fabht teicniúil deireadh le maoiniú do cheann de na cliaint is rathúla agus is fadbhunaithe de chuid na Comhairle Ealaíon”.

Beidh ar an Chumann cuid den airgead a bhí curtha ar leataobh acu d’fhorbairtí sa todhchaí a úsáid do chlár oiliúna na bliana acadúla seo romhainn ach beidh siad in ann cur isteach ar mhaoiniú ón Chomhairle Ealaíon don bhliain ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'Maoiniú caillte ag ceann de na scoileanna ceoil is fadbhunaithe sa tír mar gheall ‘ar fhabht ríomhaireachta’'