Cuimhní cinn ar Liam Cosgrave i gCarna, mar a raibh sé ar scoil i 1930

Bhí Liam Cosgrave, an t-IarThaoiseach a bhásaigh inné, agus a dheartháir, Micheál, ina ndaltaí scoile i gCarna i nGaeltacht Chonamara i 1930. Casadh ar ár gcomhfhreagraí é 84 bliain ina dhiaidh sin ag ócáid sa cheantar céanna

Cuimhní cinn ar Liam Cosgrave i gCarna, mar a raibh sé ar scoil i 1930

Liam Cosgrave, ar chlé, lena dheartháir, Micheál, ag seanbhearraic na nGardaí i gCarna thart ar 1930. Agus Liam Cosgrave i mbun cainte ar shuíomh Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna in 2014.

Ar an gcéibh bheag atá le taobh an seanhalla pobail i gCarna tráthnóna fómhair trí bliana go ham seo. Ag breathnú uaidh siar i dtreo Oileán Máisean.  Corramharc ina thimpeall. Coisméig anonn, coisméig anall  – an smaointeoireacht le haithint ina chuid súl.

Theann mé síos ruainne beag níos gaire go mbeinn cinnte gurb é a bhí ann. Ba é gan dabht, Liam Mac Cosgair,  Liam Cosgave – Taoiseach na tíre idir 1973 agus 1977.

An lá dár gcionn a bhí Liam Cosgrave ceaptha a bheith anseo ach a mbeifí ag leagan an chéad chloch ar shuíomh Ionad Cuimhneacháin na nImirceach ar an spota seo.  Bhí sé ina cheiliúradh i gConamara na laethanta sin mar go raibh Méara nua Bhostúin Marty Walsh tagtha anall as na Státaí.  Ba é a bheadh anseo lá arna mhárach ag leagan na cloiche ar an 23 Meán Fómhair 2014.

Sheas mé ag breathnú síos uaim ar an gcéibh ar an bhfear a bhí ag breathnú uaidh.  Bhí drogall orm a dhul chun cainte leis de léim.  Thuig mé ar an bpointe go raibh sé tagtha anseo in aon turas le clapsholas an tráthnóna.  Ba ansin a thug mé faoi deara go raibh a iníon, Máire Nic Cosgair fanta sa gcarr; ise a bhí ag tiomáint.  Rinne muid beagán cainte.  Bhí a hathair ag iarraidh a theacht go suíomh na seanscoile nuair nach mbeadh duine ar bith thart, a deir sí.

Bhí sé ina dhalta scoile anseo – é féin agus a dheartháir, Micheál – 84 bliain roimhe sin.

Scoil na mBuachaillí,  Carna, i 1930. Tá Liam Cosgrave sa dara líne ón gcúl agus liathróid ina lámh aige.

Bhí Liam Cosgrave 94 bliain d’aois an tráthnóna sin in 2014.  Má bhí féin, bhí sé cruachúiseach agus folláin agus bhí a chuimhne chomh soiléir leis an gcriostal.  “Is iomaí sin rud a chuaigh thrí m’intinn nuair a chonaic mé an áit seo arís,” a deir sé liom thíos ar an gCéibh.  Meas tú an raibh duine ar bith a bhí sa scoil leis thart anois?  Bhí barúil agam nach raibh.  Mar a tharla sé, bhásaigh fear cúpla mí roimhe sin a bhí leis sa scoil ar an spota seo i 1930 – Joe Pheadair Ó Guairim as baile Róisín na Mainiach.

D’inis mé dó go mbeadh mac le Joe anseo an lá dár gcionn, rud a thaitin go mór leis.  Bheadh muintir Mhalóid anseo, sliocht Josie Mongan – bheadh ceangal ann leis an aimsir a caitheadh.

Ag ceann thoir bhaile Charna a bhí Óstán Mhongáin, gar don bheairic mhór ard a raibh an RIC lonnaithe ann agus na Gardaí Síochána ina dhiaidh sin.  Ba ag Seosamh Ó Mongáin – Josie Mongan – a bhí an t-óstán.  Bhí sé ina Theachta Dála de chuid Chumann na nGael do Ghaillimh Thiar idir 1927 agus 1951 (bhásaigh sé ar an mbealach go Dáil Éireann i Márta na bliana sin) agus bhí sé ina Uachtarán ar Chumann Óstáin na hÉireann ar feadh tamaill freisin.  Bhí eolas agus cáil ar an óstán i gCarna i bhfad agus i ngearr.  Bhí idir fhoghlaeireacht agus iascach maith locha luaite leis.  D’fhan leithéidí an Athar Sydney McKeown, John McCormack, James Dillon agus tuilleadh nach iad ann.

Bhí an chéad Uachtarán ar an Saorstát (Taoiseach an teideal anois), William T. Cosgrave ar dhuine de chairde Josie Mongan agus théadh seisean agus a chomhluadar chuig Óstán Mhongáin.  Ba de bharr an cheangail sin a tharla sé gur chaith Liam Mac Cosgair scaitheamh ag dul chun na scoile i  gCarna.

Shocraigh W.T. Cosgrave go gcuirfí a bheirt mhac, Liam agus Micheál, chun na scoile in éineacht le buachaillí Charna ar feadh ráithe agus rinneadh sin i 1930.  Bhí ceannaire na tíre ag súil go bhfaigheadh a bheirt mhac tuiscint níos fearr ar an nGaeilge.  In Óstán Mhongáin a bhíodar ag cur fúthu agus teolaíocht mhaith acu.  Ach ní raibh aon mhaith acu ann nó go ndéanfaidís aithris ar leaideanna óga na  háite a bhí ag dul chun na scoile cosnocht!

Cuimhnigh gurbh é an t-earrach a bhí ann freisin.  Thugaidís leo freisin fóid mhóna ar nós chuile ghasúr eile.

Bhí cuimhne ag Liam Mac Cosgair ar thurais a thug siad  go hOileán Iomaí agus soir i dtreo na Ceathrún Rua agus go háiteacha eile.

Mairtín Ó Catháin, Liam Cosgrave,  Seán Ó Guairim agus Méara Boston Marty Walsh le cóip de leabhar rolla na bliana 1930 do scoil Charna. Is mac é Seán Ó Guairim le Seosamh Ó Guairim (Joe Pheadair), nach maireann, a bhí in aon rang leis an IarThaoiseach agus é ina ghasúr scoile i gCarna. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

An lá ar leagadh bunchloch Ionad na nImirceach, an 23 Meán Fómhair, 2014, bhí Liam Mac Cosgair thar cionn.  Labhair sé ón stáitse san ollphuball a bhí feistithe ar an gcnocán le taobh an fhoirgnimh a ndeachaigh sé chun na scoile ann.  Bhí an-áthas air a bheith ar ais i gCarna. Labhair sé gan páipéar ná nótaí.

Thagair sé don iriseoir seo agus dúirt go raibh mé ag cur scéala chuige faoin ócáid ó thús na bliana. “Dúirt sé gur dóigh go mbeadh sé ráithe eile… agus ráithe eile… sula mbeadh an ócáid ann.  Ar ndóigh, ní raibh a fhios agamsa cá mbeinn faoi cheann ráithe!”

Thaitin an Cosgarach thar cionn leis an slua.

An oíche sin, bhí cuid againn ina chomhluadar ag dinnéar a shocraigh Colm Redmond dó in Óstán an Zetland ar an gCaiseal.  Tá Colm sciliúil ar chapaill agus ar fhoghlaeireacht agus chuaigh sé féin agus an Cosgarach trí chontaetha Chúige Laighean ar fad ag caint ar chapaill agus ar dhaoine a bhí bainteach leo. B’iontach an chuimhne a bhí aige.

Níor chuir mé aon cheist dhian air faoin bpolaitíocht; ní bheadh sé cóiriúil.  Ach tá a fhios agam gur fhiafraigh mé de cén chaoi ar bhain sé ceart de Chathal Ó hEochaidh.

“Ní raibh aithne ar bith agam air,” a dúirt sé.  Agus bhí sé dáiríre faoi, rud a léirigh dom go raibh an bhearna idir na páirtithe níos doimhne sna blianta siar ná atá anois. D’fhiafraigh mé de an raibh an ghráin aige ar thoghcháin, mar a bhíonn ag mórán chuile pholaiteoir.   “Caitear aghaidh a thabhairt ar na toghcháin agus na feachtais,” a dúirt sé.  “Ar ndóigh, níor bhuaigh muid mórán acu!”

Dúirt a iníon Máire linn go raibh sé ag caint ar an ócáid i gCarna ar feadh i  bhfad agus an ceangal a bhí déanta aige in athuair leis an áit ar chaith sé roinnt dá chuid laethanta scoile.  Chuireadh muid scéalta aige anois agus arís faoin dul chun cinn a bhí á dhéanamh ar thionscnamh Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus tuigim gur léigh sé go mion iad.

Bhí an t-IarThaoiseach breá sásta go n-ainmneofaí é mar dhuine de phátrúin an Ionaid. Bhí muid ag súil go mbeadh Liam Cosgrave in ann a theacht ar ais an chéad bhliain eile nuair a thiocfaidh Marty Walsh anall as Boston le hoscailt oifigiúil a dhéanamh ar an ionad nua i gCarna.

Ní mar sin a bheidh anois.

Ach cuimhneofar air agus beidh comhartha cuimhneacháin air san áit ar fhág sé lorg a chos ina ghasúr cosamar 90 bliain ó shin anois.

Suaimhneas síoraí ag Liam Cosgrave, iarThaoiseach na hÉireann.

Fág freagra ar 'Cuimhní cinn ar Liam Cosgrave i gCarna, mar a raibh sé ar scoil i 1930'

  • maitiu

    Agus an ndeachaigh aon smid den Ghaeilge isteach ina chloigeann?