Tá áthas ar Tuairisc.ie buaiteoirí ár gcomórtas grianghrafadóireachta ‘An Samhradh sa Ghaeltacht’ a fhógairt inniu.
Thréaslaigh grianghrafadóir Tuairisc.ie Seán Ó Mainnín a saothar le gach aon duine a chuir isteach ar an gcomórtas ‘An Samhradh sa Ghaeltacht’ agus mhol sé a éagsúla is a bhí na hiarratais ar fad a thug léargas dúinn ar an saol sa Ghaeltacht le linn shamhradh na bliana 2016.
Tá na trí phictiúr is fearr ar éirigh leo dul i bhfeidhm ar na moltóirí foilsithe thíos. Dúirt an Mainníneach go raibh ardchaighdeán bainte amach ag buaiteoirí an chomórtais agus “scéal ar leith le hinseacht acu ar fad”.
“Tá fuinneamh i gcuid acu agus suaimhneas le brath i gcuid eile acu, ach baineann siad go léir a sprioc amach: téann siad i gcion ort agus meallann siad an tsúil. Comhghairdeachas leo uilig,” a dúirt Seán Ó Mainnín.
Fuinneamh, spleodar, comhluadar, an fharraige, an ghrian, craic: tá an-chuid eilimintí os ár gcomhair sa phictiúr seo. Pictiúr cumasach agus léiriú ar an nGaeltacht le linn an tsamhraidh gan aon agó – Seán Ó Mainnín
Fiosracht agus misneach na hóige i dtír álainn aineoil. Codarsnacht iontach ó thaobh dathanna – Seán Ó Mainnín
Sos tuillte ag an duine agus ag an gcapall. Radharc sainiúil Gaeltachta as Inis Mór. Éiríonn leis an seat seo an tuiscint idir an capall agus an járbhaí a léiriú go paiteanta – Seán Ó Mainnín
Fág freagra ar 'COMÓRTAS GRIANGHRAFADÓIREACHTA: ‘An samhradh sa Ghaeltacht’ – na buaiteoirí fógartha!'