COMÓRTAS GRIANGHRAFADÓIREACHTA: ‘An samhradh sa Ghaeltacht’ – na buaiteoirí fógartha!

Is cúis áthais do Tuairisc.ie buaiteoirí ár gcomórtas grianghrafadóireachta 'An Samhradh sa Ghaeltacht' a fhógairt inniu. Gabhaimid buíochas le gach duine a chuir isteach ar an gcomórtas...

COMÓRTAS GRIANGHRAFADÓIREACHTA:  ‘An samhradh sa Ghaeltacht’ – na buaiteoirí fógartha!

Tá áthas ar Tuairisc.ie buaiteoirí ár gcomórtas grianghrafadóireachta ‘An Samhradh sa Ghaeltacht’ a fhógairt inniu.

Thréaslaigh grianghrafadóir Tuairisc.ie Seán Ó Mainnín a saothar le gach aon duine a chuir isteach ar an gcomórtas ‘An Samhradh sa Ghaeltacht’ agus mhol sé a éagsúla is a bhí na hiarratais ar fad a thug léargas dúinn ar an saol sa Ghaeltacht le linn shamhradh na bliana 2016.

Tá na trí phictiúr is fearr ar éirigh leo dul i bhfeidhm ar na moltóirí foilsithe thíos. Dúirt an Mainníneach go raibh ardchaighdeán bainte amach ag buaiteoirí an chomórtais agus “scéal ar leith le hinseacht acu ar fad”.

“Tá fuinneamh i gcuid acu agus suaimhneas le brath i gcuid eile acu, ach baineann siad go léir a sprioc amach: téann siad i gcion ort agus meallann siad an tsúil. Comhghairdeachas leo uilig,” a dúirt Seán Ó Mainnín.

‘Fliuch, ach b’fhiú é’ le Fiachra Mac Suibhne

Fuinneamh, spleodar, comhluadar, an fharraige, an ghrian, craic: tá an-chuid eilimintí os ár gcomhair sa phictiúr seo. Pictiúr cumasach agus léiriú ar an nGaeltacht le linn an tsamhraidh gan aon agó – Seán Ó Mainnín

Dianaimh, dhá bhlian d’aois, ag baint taitneamh as a céad turas go dtí na hOileáin. Pictiúr: Aoileann Banks

Fiosracht agus misneach na hóige i dtír álainn aineoil. Codarsnacht iontach ó thaobh dathanna – Seán Ó Mainnín

 

 

‘Capall agus carr in Inis Mór’. Pictiúr le Eoin Faherty

Sos tuillte ag an duine agus ag an gcapall. Radharc sainiúil Gaeltachta as Inis Mór. Éiríonn leis an seat seo an tuiscint idir an capall agus an járbhaí a léiriú go paiteanta – Seán Ó Mainnín

Fág freagra ar 'COMÓRTAS GRIANGHRAFADÓIREACHTA: ‘An samhradh sa Ghaeltacht’ – na buaiteoirí fógartha!'