Tá comhaontú sínithe ag ceannairí na bpáirtithe is mó i rialtais déabhlóidithe na Ríochta Aontaithe a bhfuil sé mar aidhm leis brú a chur ar rialtas lárnach na Ríochta in Westminster reifrinn a reáchtáil faoi neamhspleáchas na hAlban agus na Breataine Bige, agus reifreann faoi athaontú na hÉireann.
Bhuail Céad-Airí na hAlban, na Breataine Bige, agus an Tuaiscirt – John Swinney (SNP), Rhun ap Iorwerth (Plaid Cymru) agus Michelle O’Neill (Sinn Féin) – le chéile in Caerdydd sa Bhreatain Bheag inniu leis an gcomhaontú a shíniú.
Bhí ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald i láthair ag an gcruinniú freisin.
Maítear sa cháipéis go bhfuil an “tírdhreach polaitíochta ag athrú” sa Bhreatain agus in Éirinn, agus éilítear ar rialtas na Breataine a bheith “ag réiteach agus ag pleanáil” do na reifrinn.
“Den chéad uair riamh, tá céad-airí ar fud na n-oileán seo in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i dtuaisceart na hÉireann atá tiomanta neamhspleáchas ón Ríocht Aontaithe a bhaint amach.
“Is ríléir an comhartha go bhfuil deireadh ag teacht le ré Westminster do dhaoine atá á fhaire ar fud na n-oileán seo agus ar fud an domhain mhóir. Creidimid go bhfuil bealach níos fearr ann: na náisiúin ag obair lena chéile agus iad ar comhchéim, taithí agus smaointe á roinnt acu; caidrimh á dtógáil bunaithe ar bhonn meas ar a chéile agus comhleasa,” a dúradh sa cháipéis.
Maítear go bhfuil “moiminteam” faoi na gluaiseachtaí ar son an neamhspleáchais sna trí thír agus gur léir go bhfuil “athrú bunreachta” ar na bacáin. Gheall na ceannairí go n-oibreoidís leis an gcomhoibriú idir na páirtithe náisiúnacha a neartú agus go ndéanfaidís “difríocht cheart” le chéile.
Tugadh le fios go raibh an tsamhail mhaoinithe atá ann don Ríocht Aontaithe “briste” agus deirtear gur mian le ceannairí na dtrí thír go mbeadh Albain, an Bhreatain Bheag, agus an Tuaisceart ina mbaill den Aontas Eorpach arís, mar a bhí sular fhág an Ríocht Aontaithe ar fad an tAontas in 2021.
“Tá an ceart chun féinrialaithe ag ár náisiúin. Níl an ceart ag aon rialtas in Westminster bac a chur ar an daonlathas ná an bonn a bhaint den phrionsabal go gcinnfidh gach náisiún a thodhchaí féin ina bhealach féin agus ina am féin. Éilímid ar rialtas na Breataine réiteach agus pleanáil le haghaidh athrú bunreachta i ngach dlínse agus an t-athrú sin a éascú,” a dúradh sa chomhaontú.
Agus é ag labhairt ag preasócáid a reáchtáladh i ndiaidh an chruinnithe, mhaígh John Swinney ón SNP gurb é Andy Burnham “príomhaire deiridh na Ríochta Aontaithe” agus gur chreid sé go vótálfadh formhór mhuintir na hAlban ar son an neamhspleáchais anois dá reáchtálfaí reifreann eile sa tír sin. Vótáil 55% de phobal na hAlban le fanacht sa Ríocht Aontaithe in 2014.
“Dá dtabharfaí an rogha [do mhuintir na hAlban], ghlacfaimis leis an rogha sin, mar léiríonn an t-eolas ar fad atá os ár gcomhair faoi na treochtaí sna pobalbhreitheanna gurb é sin is rogha le muintir na hAlban,” a dúirt Swinney.
Dúirt Andy Burnham in Westminster an tseachtain seo caite go bhféadfaí reifreann a reáchtáil arís in Albain dá mbeadh sé soiléir go vótálfadh na daoine ar son an neamhspleáchais, ach scríobh sé go gairid ina dhiaidh sin chuig Swinney le rá leis nach raibh sé i gceist aige reifreann a ghairm faoi láthair.
Ní mó ná sásta a bhí Aontachtaithe ar fud na Ríochta Aontaithe faoi imeachtaí an lae inniu. Dúirt LeasChéad-Aire an Tuaiscirt, Emma Little-Pengelly nár lorg an Chéad-Aire Michelle O’Neill “cead” uaithi féin “taisteal, freastal, ná aon rud a shíniú mar Chéad-Aire”.
“Lig dom a bheith an-soiléir [faoi seo]. Níl Michelle O’Neill ag taisteal chuig an ‘cruinniú mullaigh’ seo mar Chéad-Aire, níl a leithéid d’údarás aici í féin a chur i láthair mar Chéad-Aire ag aon ‘chruinniú mullaigh’ den chineál seo ná níl aon údarás aici aon rud a shíniú mar Chéad-Aire Thuaisceart Éireann ag a leithéid de ‘chruinniú mullaigh’.
“Níor lorg sí aon chomhaontú ná cead uaimse le taisteal, freastal, ná rud ar bith a shíniú mar Chéad-Aire. Chaithfeadh sí [cead a lorg] le rud ar bith a dhéanamh mar Chéad-Aire. Is comhróil iad na róil fhoirmeálta atá againn,” a dúirt Little-Pengelly ar na meáin shóisialta.
Ag an deireadh seachtaine, dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump go gcaithfeadh an Taoiseach Micheál Martin “réiteach mar is ceart” le haghaidh Éire Aontaithe agus gur cheap sé féin gur smaoineamh maith a bheadh ann an tír a athaontú.
Fág freagra ar 'Comhaontú sínithe ag ceannairí Plaid Cymru, SNP, agus Sinn Féin ar son neamhspleáchas a náisiún'