Ranganna ‘rap’ á mbeartú sa Ghaeltacht agus fáilte curtha roimh chomórtais nua

Labhair Tuairisc le daoine éagsúla faoi na comórtais nua atá á tabhairt isteach ag Oireachtas na Gaeilge i mbliana – comórtais don rapcheol, córcheol agus don amhránaíochta le giotár

Ranganna ‘rap’ á mbeartú sa Ghaeltacht agus fáilte curtha roimh chomórtais nua

Tá fáilte curtha ag lucht freastail agus iomaitheoirí Oireachtas na Samhna roimh an scéala go mbeidh comórtais nua á reáchtáil ag féile na bliana seo i mBéal Feirste.

D’fhógair Oireachtas na Gaeilge le déanaí go mbeidh comórtas nua rapcheoil ann do dhaoine óga, comórtas amhránaíochta le tionlacan giotáir ann do dhaoine fásta, agus comórtais chórcheoil do dhaltaí bunscoile agus meánscoile.

Dúirt Sorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, le Tuairisc go bhfuil an eagraíocht a thugann tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógáil a gclainne le Gaeilge sa Ghaeltacht ag cuimhneamh ar “chúnamh” a thabhairt do pháistí na Gaeltachta réiteach don chomórtas rapcheoil.

“Cuirimid cúnamh ar fáil do theaghlaigh a bhíonn ag réiteach don Oireachtas chun an méid atá sa mbaile ag aos óg na Gaeltachta a threisiú. Cuirimid ábhar ar fáil dóibh, bíonn deis cleachta acu agus déantar cur i láthair poiblí go háitiúil sula dtugann siad aghaidh ar stáitsí an Oireachtais.

“Bíonn sé seo ar bun san amhránaíocht, damhsa, agallamh beirte, lúibíní, aithriseoireacht, agus bíonn béim ar an rannpháirtíocht agus ar fhorbairt muiníne. Féachfaimid leis an rap a chur san áireamh i mbliana má bhíonn éileamh air agus táimid ag súil go mór leis,” a dúirt Ní Chéilleachair.

Dúirt sí go raibh sí “cinnte” go leagfaí béim ar an “dea-chaint, foghraíocht, agus deisbhéalaíocht” agus go gcinnteofar go bhfuil an “ghné nua seo fréamhaithe sa dúchas”.

Dúirt Sláine Ní Chathalláin, a tháinig sa dara háit ag Corn Uí Riada in 2024, gur mór idir an rap agus an sean-nós ach gur maith an rud é rud ar bith a chabhródh le leanaí “a bheith cruthaitheach trí mheán na Gaelainne”.

“Is fada ó rap é an sean-nós ó thaobh amhrán dó, ach tháinig na hamhráin nuachumtha isteach agus canathaobh ná tabharfaí isteach an rap. Sin an tslí atá an saol ag imeacht agus tionchar nach beag ag leithéidí Kneecap, Súil Amháin, agus an Slam Filíochta ar a leithéidí sin.

“Tháinig dreoilíní beag go dtí an ndoras chugamsa i rith na Nollag ó Pharóiste na Cille agus ó Pharóiste Múrach. Bhí aghaidheanna fidil orthu agus ní bosca ceoil ná feadóg stáin a bhí acu ach rap nuachumtha, a chum siad ar scoil. Má chabhraíonn an rapcheol Gaelainne le leanaí a bheith cruthaitheach trí mheán na Gaelainne agus taitneamh a bhaint as anuas air sin, bhuel tá buaite glan sa chás sin,” a dúirt Ní Chathalláin.

Bhí bean eile a fheictear go minic ar an ardán ag Corn Uí Riada, agus a thug léi an corn féin in 2016 go deimhin, Caitlín Ní Chualáin, ar aon tuairim le Ní Chathalláin go bhféadfadh na comórtais nua óige na Gaeltachta a spreagadh leanacht den oidhreacht láidir cumadóireachta atá i gConamara.

“Tá muid ag iarraidh an óige a spreagadh agus an Ghaeilge a spreagadh. Tá na Gaeil thar cionn ag cumadh, agus más rapcheol é ní cheapfainn gur aon bhagairt é sin don traidisiún.

“Níl sé [an rapcheol] láidir anseo i gConamara ach feictear domsa go bhfuil muintir na Gaeltachta seo, agus na nGaeltachtaí ar fad, go bhfuil féith cumadóireachta agus cruthaitheachta iontu i dtaobh véarsaíochta. Bíodh sé sin ina lúibín, agallamh beirte, aithriseoireacht nó eile. Tá sé nádúrthach sa DNA i muintir Chonamara. Tá muid ag feiceáil forbairt anseo agus i nGaeltachtaí eile agus faoi cheann deich mbliana d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh an rapcheol againn,” a dúirt Ní Chualáin.

Ní cheapann an ceoltóir agus damhsóir Mícheál Ó Súilleabháin as Ráth Chairn, a bhíonn ag freastal ar an Oireachtas chuile bhliain, agus a chuireann an-spéis sna comórtais, gur “dochar ar bith é” comórtais nua a thabhairt isteach chuig an bhféile.

“Caithfidh siad a bheith ag cur leis i gcónaí. Tá na healaíona Gaeltachta san áireamh sna comórtais cheana féin, agus tá daoine ag casadh ceoil ar an ngiotár thiar i gConamara ó na 1970idí – sin leathchéad bliain. Sin sular rugadh mé féin.

“Agus mé ag fás aníos bhí amhráin bhreátha cloiste agam ar an ngiotár agus Gaeilge bhreá iontu. B’fhéidir go gcabhródh [na comórtais nua] le cur chun cinn na Gaeilge agus na n-ealaíon Gaeltachta,” a dúirt sé.

Mar sin féin, dúirt sé go raibh sé “idir dhá chomhairle” faoin gcomórtas rapcheoil a bheidh ar siúl i mBéal Feirste.

“Is rud nua é an rap, is dóigh, tá sé sin an-chineál comhaimseartha nó nua-aimseartha. Tá mé idir dhá chomhairle faoi, caithfidh muid gluaiseacht leis an am agus caithfidh [an tOireachtas] chomh maith.

“Cén mhaith comórtas cniotála nó rud éigin nach bhfuil baint aige leis an saol anois? Ach ag an am céanna, is rud mór é an tOireachtas agus caithfidh siad a bheith cúramach faoi na hathruithe a dhéanfaidh siad agus a bheith ag cuimhneamh ar na hiarmhairtí. Is cuma liom rudaí nua a thriail ach a bheith in ann seasamh suas ansin agus a rá go raibh tú mícheart mura n-éiríonn leis,” a dúirt sé.

Bhí Caitlín Ní Chualáin den tuairim gur imir amhránaíocht le tionlacan giotáir tionchar ar chaomhnú na Gaeilge sa chéad seo caite agus gur féidir leis an dá stíl amhránaíochta “maireachtáil go chomhthreomhar”.

“Tá sé píosa fada, na 1980idí, nuair a tháinig na hamhráin sin chun cinn, amhráin a d’fhág lorg iontach ar chaomhnú na teanga. Sílim go bhféadfadh an Ghaeilge a bheith in áit níos boichte murach na hamhráin sin.

“B’in an bealach ar oibrigh sé rud nua a dhéanamh le filíocht a bhí á scríobh agus go ndeachaigh sé i gcion ar mhuintir na Gaeltachta mar gheall go raibh siad ag éisteacht lena scéalta féin a bhí tráthúil don am sin – an imirce, an t-ól, an bochtanas, na drochbhóithre – mar gheall go raibh siad bainteach lena saol ag an am. Chuaigh sé i gcion go mór orthu,” a dúirt sí.

Dúirt Ní Chualáin go bhfuil “cleachtadh” faighte ag muintir Chonamara le píosa ar  an amhránaíocht a mbíonn tionlacan giotáir léi agus gur “cuid d’amhránaíocht na Gaeltachta é ar bhealach”.

“Tá an dá rud ag maireachtáil go comhthreomhar lena chéile agus níl siad ag cur isteach ar a chéile. Ní rud coimhthíoch é don Ghaeltacht sa lá atá inniu ann. Mar gheall go raibh an fhilíocht tábhachtach, agus an scéal a bhí á inseacht sna hamhráin a bhí á gcumadh, níor chuir an giotár isteach air sin,” a dúirt sí.

Dúirt ceannasaí Oireachtas na Gaeilge, Máirín Nic Dhonnchadha, le Tuairisc gur dírithe ar phobal an Tuaiscirt atá na comórtais nua agus go bhfuil foireann na féile ag súil go dtabharfar deis don phobal áitiúil na buanna atá acu féin a léiriú i mBéal Feirste.

“Tá na comórtais nua bunaithe ar phobal Thuaisceart Éireann, le deis a thabhairt do na daltaí scoile agus ar mhaithe le rannpháirtíocht a spreagadh i measc an phobail áitiúil nach bhfuil traidisiún chomh láidir céanna acu ó thaobh lúibíní, agallaimh bheirte, agus na comórtais thraidisiúnta eile. Tá siad dírithe ar na daoine óga sa cheantar a tharraingt isteach agus páirt a ghlacadh i gcomórtais an Oireachtais,” a dúirt sí.

Luaitear ar fhoirm iontrála na gcomórtas i mbliana go bhfuil comórtas rapcheoil ann do dhaoine óga, comórtas amhránaíochta le tionlacan giotáir ann do dhaoine fásta, agus comórtais córcheoil do dhaltaí bunscoile agus meánscoile. Ní bheidh comórtas córcheoil ann do dhaoine fásta, rud a chuir díomá ar Dhoimnic Mac Giolla Bhríde as Gaoth Dobhair atá ag plé le cór sa cheantar sin le fada an lá.

“Sin an tuighe ar thosaigh cór s’againne cúig bliana is fiche ó shin. Chuir muid isteach ar chomórtas an Oireachtais,” a dúirt Doimnic Mac Giolla Bhríde.

“Thart fá dheich mbliana ó shin, bhí Oireachtas na Bealtaine ann agus is ann a bhíodh an comórtas cór agus an comórtas nach sean-nós é. Chuir siad stad le hOireachtas na Bealtaine thart fá dheich mbliana ó shin agus fuair siad réidh leis an gcomórtas cór.

“Is trua nach bhfuil comórtas cór ann do dhaoine fásta, tá córtha go leor sa Ghaeltacht. Tá muidine ann, tá Cór Chois Fharraige ann, tá Cór Chúil Aodha ann agus tá mé cinnte go bhfuil córtha eile ann. Ní bheadh an cór s’againne tosaithe gan an comórtas do dhaoine fásta,” a dúirt Mac Giolla Bhríde le Tuairisc.

An míniú a thug Máirín Nic Dhonncha ar an gcinneadh gan an comórtas cór a reáchtáil do dhaoine fásta arís i mbliana ná an tarraingt a bhíodh ag an gcomórtas ar lucht an Bhéarla.

“Chuaigh an comórtas do chóracha ó smacht an uair dheireanach a bhí ann. An rud a tharla ná go raibh an t-uafás córacha ó cheann ceann na tíre ag cur isteach ar an gcomórtas. D’fhoghlaimíodh siad dhá amhrán i nGaeilge don chomórtas ach is é an Béarla a bhíodh á labhairt acu ag an bhféile féin.

“Is rud amháin é gasúir bhunsoile agus mheánscoile a thabhairt isteach, mar tá taithí acu sin ar dhaoine fásta a bheith ag rá leo an Ghaeilge a labhairt, ach tá sé i bhfad níos deacra riail teanga a chur i bhfeidhm ar dhaoine fásta,” a dúirt sí.

Cé go bhfuil díomá ar Dhoimnic Mac Giolla Bhríde nach mbeadh deis ag a chór cur isteach ar chomórtas i mbliana, dúirt sé go ndéanfadh na comórtais nua “cuid mhór mhaitheasa” don Ghaeilge mar sin féin.

“Tá spás ann d’achan duine creidim. Tá lear mór bannaí ceol agus ceol i mBreatnais, rud atá go maith don teanga. Sin an rud a bhí Rónán Mac Aodha Bhuí ag iarraidh a dhéanamh – go mbeadh bannaí comhaimseartha ag ceol i nGaeilge.

“Dhéanfadh sé cuid mhór maitheasa don Ghaeilge dá mbeadh daoine óga ag ceol i nGaeilge. Ba chóir seo a bheith déanta blianta ó shin acu, is rud maith atá ann. Tá spás ann don dá rud ag an Oireachtas, an sean-nós agus an rap,” a dúirt sé.

Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i mBéal Feirste ón 29 Deireadh Fómhair go dtí an 2 Samhain i mbliana. Beifear in ann cur isteach ar na comórtais taibhealaíon go dtí an 15 Meán Fómhair.

Fág freagra ar 'Ranganna ‘rap’ á mbeartú sa Ghaeltacht agus fáilte curtha roimh chomórtais nua'