Onóir mhór ón bhFrainc agus hata Hugh Jackman ar ceant

Thug ár gcolúnaí cuairt ar Theach an Ambasadóra, áit a mbronnadh onóir mhór chultúir na Fraince ar a cara Garry Hynes

Onóir mhór ón bhFrainc agus hata Hugh Jackman ar ceant

B’fhada liom go bhfeicfinn an taobh istigh de theach Ambasadóir na Fraince ar Bhóthar Ailesbury. Nuair a bhínn ag dul thairis ar shiúlóid ón obair sna blianta siar, níor mheas mé riamh go bhfaighinn an deis sin. Ansin cuireadh ar díol é nuair a bhí ráchairt ar thithe móra galánta sa cheantar sin thart ar an am gur thit an tóin as an margadh sa mbliain 2008. Creidim go raibh €60 milliún á iarraidh air an t-am sin, ach níor dhíol sé.

Níor cheap mé ariamh go mbeinn istigh ann lá éicint agus an tAmbasadóir ag déanamh cur síos ar na maithe agus na mionuaisle arb as Bealach an Doirín iad. Bhí slua beag againn bailithe isteach agus bhí níos mó ná duine amháin in ann freagra a thabhairt ar a gceist achrannach ‘An i gContae Ros Comáin nó i gContae Mhaigh Eo atá Bealach an Doirín suite?’

Bhí freagra na ceiste go beacht ag Garry Hynes, aoi na hoíche. (Bhí sí in ann dáta a chur leis an mbliain ar athraíodh amach as Maigh Eo muid – 1898. Ach imríonn na peileadóirí fir le Maigh Eo. Sin scéal eile.)

Is é an fáth go raibh Garry agus a muintir, chomh maith lena cuid cairde ó shaol na hamharclannaíochta bailithe le chéile an oíche sin ná go raibh onóir mhór le bronnadh ag an Ambasadóir uirthi. B’in an bonn speisialta a bhaist ‘Chevalier de l’Ordre des Arts et Lettres’ uirthi de bharr a bhfuil bainte amach aici i gcaitheamh a saoil phroifisiúnta.

Bhí a chuid obair bhaile déanta ag a Shoilse, Vincent Guérend agus thóg sé tamall maith air na buaicphointí uilig a rianú – an chéad bhean ariamh ar bronnadh duais ‘Tony’ uirthi i Nua-Eabhrac as ucht dráma a stiúrú (The Beauty Queen of Leenane), an duine a bhunaigh an complacht drámaíochta Druid i nGaillimh, an bhean ar bronnadh réimse mhór céimeanna oinigh ollscoile uirthi, agus an iliomad ainmniúchán eile san áireamh.

Chaith sí laethanta a hóige i mBealach an Doirín sular bhog an chlann go Muineachán agus ansin, go Gaillimh. Bhíomar san ollscoil le chéile, in éindí le Marie Mullen agus ina dhiaidh sin, chaith mé tamall le Druid sna chéad bhlianta.

Ní raibh Marie Mullen in ann a bheith ag an ócáid cheiliúrtha i dteach an Ambasadóra, áfach. Cén chaoi a bhféadfadh sí agus í ar an stáitse chuile oíche beo i Broadway, Nua-Eabhrac agus í ag glacadh páirte sa cheoldráma The Music Man le Hugh Jackman?

Ní raibh an t-ambasadóir i bhfad fillte óna thuras ar an tSnaidhm, Co Chiarraí. Agus é ag déanamh aithris ar an turas cáiliúil a thug an tUachtarán de Gaulle ar Chiarraí sa mbliain 1969, thug sé slua beag pearsanra míleata – Éireannaigh agus Francaigh, ar turas thart ann agus b’álainn na pictiúir a thóg sé ar Mhórchuaird Chiarraí. Rinne sé iontas go raibh a fhios agam faoina thuras – ‘nach leanaim thú ar Twitter?’ a d’fhreagair mé.

Labhair mé le Tom Joyce, atá anois ina Chathaoirleach ar Druid. (Bhí an t-iarChathaoirleach Cathal Goan agus a bhean Maighréad Ní Dhomhnaill i láthair ann freisin. Ná ceapadh éinne go bhfuil aon stopadh le mo chuid gaisce as daoine cáiliúla a lua – fan go dtí an deireadh).

D’inis Tom dom go bhfuil an dráma a bhfuil Marie Mullen ann bookáilte amach go dtí mí Eanáir agus go dtiocfaidh deireadh leis ansin. Bhí tréimhse fhada ag Marie ann agus í ag cur fúithi in árasán deas i Manhattan.

Is mór idir é sin agus laethanta tosaigh Druid nuair a d’fhan an mhórchuid de na haisteoirí in aon teach le chéile ar an Rinn Mhór le hairgead a shábháil. (Mo chéad bhlaiseadh den chumannachas – agus níor mhair sé.)

Bhí mé ag déanamh iontais go bhféadfaidís a rá chomh cinnte sin cén uair a thiocfadh deireadh le dráma ar Broadway, má bhí na ticéid á ndíol chomh tréan sin? D’inis Tom dom gur gnó é agus go bhfuil chuile rud tógtha san áireamh ag lucht na n-amharclann agus nach dream iad sin a mbíonn aon trócaire iontu. ‘Féach cad a tharla do dhráma Gabriel Byrne,’ dúirt sé go brónach. Thuig mé gur chríochnaigh sé agus ní raibh mórán cainte faoi.

Tá Tom agus muintir Druid ag súil go mór leis an gcéad mhórléiriú eile de chuid Druid agus Garry Hynes – na trí dhráma is cáiliúla de chuid Sean O’Casey agus léireoidh sí iad níos deireanaí in 2023. Gach seans go dtabharfar ar turas iad agus cá bhfios nach bhfeicfí thall sna Stáit Aontaithe iad má éiríonn go maith leis an léiriú.

Ní haon rud as an ngnáth do Gharry a bheith ag plé le sraith drámaí le húdar amháin ag an am céanna. Rinne sí cheana é le DruidSynge, DruidShakespeare agus DruidMurphy. Beidh le feiceáil cén chaoi a dtabharfaidh sí faoi chuid de na drámaí ba réabhlóidí riamh i stair na hÉireann, agus muid fós ag comóradh blianta stairiúla, corraitheacha an chéid seo caite? Beimid ar fad ar bís len iad a fheiceáil.

Sular fhág muid slán ag an Ambasadóir, bhí comhrá eile agam le mo sheanmhéit Seán McGinley, fear céile Marie Mullen. Bhí mé ag iarraidh a fháil amach cén chaoi a raibh ag éirí léi i Nua-Eabhrac agus an dráma céanna ar siúl aici chuile oíche. An raibh cúrsaí leadránach ar aon bhealach?

‘Tá ag éirí thar barr léi, tá saol iontach aici thall. Agus tá duine dár n-iníonacha ag fanacht léi faoi láthair,’ d’inis Seán dom.

‘Ach, fan go n-inseoidh mé duit céard a tharla an oíche cheana,’ dúirt sé agus mé ar tí slán a fhágáil aige.

‘Chuir Hugh Jackman a hata ar ‘ceant’ ag deireadh an dráma. Píosa spraoi a bhí ann, ar mhaithe le carthanach éicint. De réir a chéile bhí daoine ag cur tairiscintí isteach ar an hata.’

‘An chéad rud eile tháinig glór aníos ó urlár na hamharclainne ag rá ‘Céad míle dollar!’ Bhí iontas ar chuile dhuine a bhí i láthair. Ní fhéadfadh sé seo a bheith ceart. B’fhéidir gur duine éicint ag magadh a bhí ann.

‘Ach an chéad rud eile, cé a shiúil aníos ó lár na hamharclainne ach Nicole Kidman agus cheannaigh sí an hata.’

Bhuel, ní tharlódh a leithéid i Halla Naomh Muire, i mBealach an Doirín, sin cinnte.

Fág freagra ar 'Onóir mhór ón bhFrainc agus hata Hugh Jackman ar ceant'