Dul chun cinn á dhéanamh ag na Rúisigh agus feabhas curtha acu ar a gcuid teaicticí

D’éirigh leis na Rúisigh feachtas ionsaithe comhtháite a bhí bunaithe ar an mbuntáiste a bhí acu ó thaobh airtléire de, a chur i gcrích i Donbas

Dul chun cinn á dhéanamh ag na Rúisigh agus feabhas curtha acu ar a gcuid teaicticí

Dhá chath shuntasacha

Tar éis cúig mhí de chogadh san Úcráin is léir go bhfuil laghdú tagtha ar scéalta faoin gcogadh sna meáin i dtíortha an iarthair faoi láthair. Ach níl an cogadh brúidiúil seo thart ná baol air. Tá dhá chath shuntasacha tar éis titim amach i Donbas le mí anuas.

Tar éis ocht seachtaine d’ionsaithe airtléire fíochmhara agus go gairid ina dhiaidh í a bheith scoite ó bhruach thiar abhainn an Seversky Donets thit Severdonetsk ag na Rúisigh. Mhaígh na hÚcránaigh go mbeadh siad in ann an fód a sheasamh agus cosaint mhaith a dhéanamh ar bhruach thiar na habhann i Lysychansk toisc go raibh an chathair sin suite ar thalamh ard.

Ní raibh siad ag súil go mbeadh orthu tarraingt siar ón gcathair ar an 2 Iúil. D’éirigh leis na Rúisigh an abhainn a thrasnú níos faide ó dheas agus bhog siad go tapa taobh leis an abhainn ó thuaidh go dtí go raibh siad in ann brú a chur ar na hÚcránaigh sa chathair. Toisc go raibh fórsa Rúiseach eile ag bogadh ó thuaidh ó Popasna i dtreo na cathrach bhí baol ann go ndéanfaí na hÚcránaigh a thimpeallú. Mar gheall air sin tharraing na hÚcránaigh siar ón gcathair go tobann chun a gcuid fórsaí a shábháil. 

Measúnú ar an dá Chath

Nuair a ghlac na Rúisigh seilbh ar an dá chathair mhaígh siad go raibh dul chun cinn déanta acu chun sprioc amháin den ionradh a bhaint amach: seilbh a ghlacadh ar Donbas ina iomláine. Luaigh na hÚcránaigh go raibh cosaint dhiongbháilte á déanamh acu ar an dá chathair chun fórsaí na Rúise a ídiú. De réir figiúirí ó Roinn Cosanta na hÚcráine maraíodh 12,000 saighdiúir Rúiseach i ngach láthair chogaidh ó 2 Bealtaine go dtí 2 Iúil agus is ionann sin agus thart ar 200 saighdiúir gach lá. Más fíor na figiúirí seo, bhí praghas le híoc ag an hÚcránaigh chomh maith mar luaigh Uachtarán Zelenskiy gur maraíodh thart ar 200 saighdiúir Úcránach gach lá le linn na tréimhse céanna i Donbas.

Mar gheall ar thitim an dá chathair is féidir measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn an chogaidh. D’éirigh leis na Rúisigh feachtas ionsaithe comhtháite a bhí bunaithe ar an mbuntáiste a bhí acu ó thaobh airtléire de, a chur i gcrích. In oirthear na boilsce timpeall ar Severdonetsk chuir siad feabhas ar a gcuid teaicticí: sheol siad ionsaithe airtléire agus díreach ina dhiaidh sin chuir siad fórsaí taiscéalaíochta ar aghaidh chun fórsaí na hÚcráine a aimsiú sa chathair. Tharraing siad siar ansin agus rinne siad ionsaithe airtléire fíochmhara eile ar na fórsaí a bhí aimsithe acu. Anuas air seo d’éirigh le hAerfhórsa de chuid na Rúise comhoibriú leis na fórsaí ar an talamh chun cur leis na hionsaithe, rud nach bhfacthas sa chogadh roimhe seo.  Ach i ndeireadh na dála bhí ar na Rúisigh Severdonetsk a scriosadh sular éirigh leo seilbh a ghlacadh ar an gcathair.

I ndeisceart agus i dtuaisceart na boilsce rinne siad ionsaithe taiscéalaíochta chun na pointí is laige ar línte cosanta na nÚcránach a aimsiú. I ndeisceart na boilsce d’éirigh leo bearnaí a aimsiú agus briseadh trí na línte cosanta timpeall chathair Popasna ach ina dhiaidh sin bhí deacrachtaí acu Lysychansk a bhaint amach. Ar bruach thiar abhainn an Seversky Donets aneas ó Lysychansk ghéill na hÚcránaigh go han-tapa, rud nár tharla roimhe seo sa chath i Donbas. Mar gheall ar bhogadh na Rúiseach aneas ar an dá ais seo, is ar éigean a bhí na hÚcránaigh in ann timpeallú i gcathair Lysychansk a sheachaint. 

An chuid eile de Donbas

Is léir ón méid atá ag titim amach sa láthair chogaidh seo ó ghéilleadh chathair Lysychansk go bhfuil na Rúisigh ag baint úsáid as an gcur chuige céanna chun seilbh a ghlacadh ar an gcuid eile de Donbas. Tá ionsaithe airtléire á ndéanamh acu in oirthear na boilsce ar an bhfronta idir Siversk agus Bakhmut. I dtuaisceart na boilsce tá ionsaithe á ndéanamh acu i dtreo chathair Slovyansk. I ndeisceart na boilsce tá ionsaithe á ndéanamh acu i dtreo chathair Kramatorsk. Tá níos mó ionsaithe á ndéanamh ag aerfhórsa de chuid na Rúise chomh maith. Tá an straitéis chéanna acu: seilbh a ghlacadh ar an dá chathair is tábhachtaí sa chúige, Slovyansk agus Kramatorsk, agus fórsaí na hÚcráine a thimpeallú agus a scriosadh

Ach tá athruithe tagtha ar theaicticí na nÚcránach. De ghnáth bíonn sé ghunna mór i ngach bataire airtléire, agus toisc nach bhfuil lámhach airtléire róchruinn bíonn an airtléire eagraithe mar seo chun an chuid is mó den targaid a aimsiú. Nuair a bhíonn sé ghunna mór le chéile bíonn siad i mbaol frithionsaithe ón namhaid. Scaip na hÚcránaigh a gcuid gunnaí móra agus nuair a d’aimsigh siad targaid bhí siad in ann na cinn is cóngaraí don targaid a úsáid chun scaoileadh léi. Anuas air sin, bhain siad níos mó úsáide as sliogáin threoraithe ná mar a bhain na Rúisigh. 

Cé go raibh an bua ag na Rúisigh sa chath airtléire, d’fhan na hÚcránaigh sa chath níos faide ná mar a ceapadh agus tá siad fós ann. É sin ráite tá na hÚcránaigh ag ídiú i bhfad níos mó sliogán ná mar a ceapadh agus beidh deacrachtaí ag tíortha an iarthair níos mó a sholáthar toisc nach bhfuil an méid sin coimeádta i dtaisce acu.

Is deacair a shamhlú go mbeidh na hÚcránaigh in ann buntáiste airtléire na Rúiseach a shárú. Ach tá roicéid airtléire nua faighte acu ó na Meiriceánaigh agus le coicís anuas tá na roicéid nua seo á n-úsáid acu i gcoinne armlanna Rúiseacha atá lonnaithe sa Donbas agus in áiteanna eile faoi sheilbh na Rúise. 

Meastar go bhfuil níos mó ná 20 armlann scriosta acu le coicís anuas. Gan amhras cuirfidh sé seo brú ar sholáthar sliogán do ghunnaí móra de chuid na Rúise sa chath chun seilbh a ghlacadh ar chúige Donetsk. Ach beidh na Rúisigh in ann armlanna nua a bhunú lasmuigh de raon na roicéad seo agus tuairiscítear go bhfuil siad ag aistriú cuid dá n-armlón go foirgnimh phoiblí chun ionsaithe na nÚcránach a sheachaint. Mar gheall ar scrios na n-armlann cuirfear moill ar ionsaithe na Rúiseach sa Donbas ach ní stopfar iad.

Dul chun cinn as seo amach.

Cad a bheidh i ndán do na hÚcránaigh sa chogadh as seo amach? Dar le Avril Haines,

Stiúrthóir Faisnéise Náisiúnta na Stát Aontaithe, nach bhfuil seans ann anois go gcuirfear ruaig ar na Rúisigh in aon láthair chogaidh mar gheall ar an gcaoi inar chuir siad feabhas ar a gcuid teaicticí i rith an fheachtais i Donbas. 

Leag sise amach 3 chás a d’fhéadfadh tarlú sa chogadh. Sa chéad chás leanfaidh na Rúisigh ar aghaidh ag déanamh dul chun cinn beagán ar bheagán mar a rinne siad i gcúige Luhansk. Tá sé seo ag tarlú faoi láthair ar an bhfronta idir Siversk agus Bakhmut i gCúige Donetsk.  

Sa dara cás b’fhéidir go n-éireodh leis na Rúisigh briseadh trí línte cosanta na nÚcránach i Donbas agus an ruaig a chur orthu go dtí abhainn an Dnipro. Níl comharthaí ann go bhfuil sé seo ag tarlú ach d’éirigh leis a Rúisigh an rud céanna a dhéanamh timpeall Popasna. 

Sa tríú cás déanfaidh na hÚcránaigh dul chun cinn beagán ar bheagán sa deisceart go háirithe timpeall Kherson. 

Ach tá seans ann go dtarlódh meascán de na trí chás: go ndéanfaidh na Rúisigh dul chun cinn beagán ar bheagán sa Donbas agus go ndéanfaidh na hÚcránaigh frithionsaithe sa deisceart agus go n-éireoidh leo dul chun cinn ar scála beag a dhéanamh sa cheantar timpeall Kherson. 

Beidh an feachtas sa deisceart agus san iardheisceart thar a bheith tábhachtach do na hÚcránaigh chun cliseadh sa chogadh a sheachaint. Ach sa chúlra níl aon fhreagraí fós ag na hÚcránaigh ar na hionsaithe diúracán ar thargaidí sibhialta agus bonneagair.  

Iar-anailísí míleata le hÓglaigh na hÉireann é údar an ailt seo

Fág freagra ar 'Dul chun cinn á dhéanamh ag na Rúisigh agus feabhas curtha acu ar a gcuid teaicticí'

  • Dónall Mac Billings Mór

    Dá dtabharfadh NATO agus An t-Aontas Eorpach tuilleadh airm nua-teicneolaíochta d’Arm na hÚcráine ina áit a bheith ag dul ar aghaidh leis an cur i gcéill chuirfeadh na hÚcránaigh iad féin an ruaig ar na Rúisigh. Bheadh ceannasaíocht agus saoirse na tíre bainte amach ag muintir na tíre sin.
    Nach bhfuil a fhios ag an saol mór go bhfuil NATO, an t-Aontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe ag fanacht ar shocrú ar bith ionas nach gcuireann an cogadh isteach ar a saol rachmasach caipitileach.

  • Dónall Mór Mac Billings

    Dá dtabharfadh NATO agus An t-Aontas Eorpach tuilleadh airm nua-teicneolaíochta d’Arm na hÚcráine ina áit a bheith ag dul ar aghaidh leis an cur i gcéill chuirfeadh na hÚcránaigh iad féin an ruaig ar na Rúisigh. Bheadh ceannasaíocht agus saoirse na tíre bainte amach ag muintir na tíre sin.
    Nach bhfuil a fhios ag an saol mór go bhfuil NATO, an t-Aontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe ag fanacht ar shocrú ar bith ionas nach gcuireann an cogadh isteach ar a saol rachmasach caipitileach.

    Is mise le dóchas mór
    Dónall Mac Billings mór
    Mac na Reablóide teanga

    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise Bloc