Is i gceantair Ghaeltachta na Mumhan atá cuid de na rátaí scaipthe is airde agus is ísle den Covid-19 sa stát.
Is i dtoghcheantar Dhún Gharbhán, mar a bhfuil Gaeltacht Phort Láirge, atá an dara ráta scaipthe is airde sa stát le coicís anuas. Deimhníodh 158 cás nua den víreas sa cheantar idir an 22 Meitheamh agus an 5 Iúil. Fágann sin gur 771 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar ráta scaipthe an víris, nach mór sé huaire níos mó ná an meánráta náisiúnta – 122.
Tuairiscíodh an mhí seo caite go raibh An Rinn buailte ag drochráig den Covid-19 agus measadh gurb é an cineál Delta den víreas is cúis leis. Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag an am gur “ábhar imní” a bhí sa mhéadú a tháinig ar líon na gcásanna i gceantar Dhún Garbhán agus osclaíodh ionad tástála sealadach ar an mbaile.
Ar an taobh eile den scéal, tá Corca Dhuibhne ar cheann de na toghcheantair sa tír inar deimhníodh níos lú ná cúig chás ar fad le cúpla seachtain anuas.
Níos lú ná cúig chás a bhí i gceist i 14 toghcheantar ar fad ar fud na tíre, na toghcheantair ina bhfuil ceantair Ghaeltachta Mhaigh Eo ina measc – Béal an Mhuirthead agus Cathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh.
Rátaí minicíochta 14 lá COVID-19 ar bhonn náisiúnta idir 10 Lúnasa 2020 agus 05 Iúil Meitheamh 2021#POStaidrimh #Éire #Covid19 #MinicíochtCásanna #ToghcheantairÁitiúla @roinnslainte @HSELive @tuairiscnuacht @7LATG4 @RTERnaG @NuachtTG4 @HMFerry pic.twitter.com/hiTXwUqbHL
— Príomh-Oifig Staidrimh na hÉireann (@POStaidrimh) July 9, 2021
Bhí ráta scaipthe an víris níos airde ná an meánráta náisiúnta i roinnt de cheantair Ghaeltachta Dhún na nGall.
Ráta 134 a bhí i gceist i dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Thír Chonaill. Deimhníodh 32 cás nua ar fad sa cheantar idir an 22 Meitheamh agus an 5 Iúil.
Ráta 138 a bhí i mBaile na nGallóglach, mar a bhfuil Na Dúnaibh, Carraig Airt agus bailte Gaeltachta eile. 19 cás a deimhníodh sa cheantar sin.
I ndeisceart an chontae, bhí ráta 76 i gceist le toghcheantar Bhaile Dhún na nGall mar ar aimsíodh 20 cás nua le coicís anuas.
Is i dtoghcheantar Bhun Cranncha in Inis Eoghain atá an ráta scaipthe is airde sa tír – 881 – agus an ráta ansin seacht n-uaire níos airde ná an meánráta náisiúnta. 197 cás ar fad a deimhníodh sa cheantar le cúpla seachtain anuas.
I nGaillimh, tá na rátaí scaipthe i gceantair Chonamara cuid mhaith níos ísle ná an meánráta náisiúnta. 11 cás a deimhníodh i gConamara Theas le linn na tréimhse seo agus ráta 47 atá ann. Ráta 64 a bhí i gceist le Conamara Thuaidh agus deich gcás nua a deimhníodh ann.
Ráta 46 atá i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. 17 cás a deimhníodh sa cheantar sin idir an 22 Meitheamh agus an 5 Iúil.
Deimhníodh 19 cás i dtoghcheantar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, le coicís anuas agus ráta 76 ann.
I gcontae na Mí, ráta 103 a bhí i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn. 32 cás a deimhníodh ann le linn na tréimhse seo. Ráta 53 a bhí i gCeanannas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib, agus 17 cás nua aimsithe ann le coicís anuas.
Lonán Fiaċ Ó Lorgnáin
Cuireaḋ an t-ainfrídín AstraZeneca ar mo ṫuismiṫeoirí (as Trá Ṁór na Muṁan ó ḋúċas) agus orm féin; tá ainfrídíní eile an ġalair Ċorónaiġ in easnaṁ inti seo na hAstráile. Is beag na coṁarṫaí sóirt a ḃí orṫusan dá ḃarr, aċ do ḃí éagruas, saṁnas, múisc, tinneas cinn mar aon le heagla go trom ormsa; níl aċ tríoċa bliain d’aois agam. Do ċuidiġ dornán paraicéiteamóil agus mo ċéile liom gur ṫánag slán as. Níl mairg ar biṫ orm, áfaċ, agus cosaint sláinte 7 cead um aistear i gcéin arís á mbronnaḋ orm a ḃuíoċas leis. #AinfrídíniúAbú