TEILIFÍS: Sprid ‘Leabhar Mór na hÉireann’ a léiriú an aidhm a bhí le scannán faisnéise nua

Tugann 'Leabhar Mór na hÉireann' chun cuimhne na chéad dánta dár scríobhadh riamh in Éirinn agus éiríonn leis chomh maith Éire an lae inniu a léiriú

TEILIFÍS: Sprid ‘Leabhar Mór na hÉireann’ a léiriú an aidhm a bhí le scannán faisnéise nua

Deir an scannánóir Alan Gilsenan gur mhothaigh sé faoi gheasa agus scannán úr faisnéise á dhéanamh faoi The Great Book of Ireland/Leabhar Mór na hÉireann.

Leabhar atá anseo ina bhfuil saothar 140 file, a gcuid dánta maisithe ag 121 ealaíontóir agus iad leagtha síos ar veilleam, ábhar a mhaireann míle bliain.

“Tagann mothú cineál Bíobalta ort agus tú ag breathnú ar an saothar fíorálainn seo agus mhothaigh mé gur chóir dom an ghné sin a chur trasna sa scannán, go mbeadh sprid an leabhair á léiriú agam oiread agus ab fhéidir,” arsa Gilsenan.

“Bhí meas as cuimse agam riamh ar chruthaitheoirí lámhscríbhinní maisithe as gach áit agus as gach ré agus is athshamhlú nua-aimseartha é Leabhar Mór na hÉireann ar an traidisiún ársa sin,” ar sé.

Alan Gilsenan

Iarradh ar na filí cur síos a dhéanamh fríd a gcuid ealaíne ar an dóchas, ar an eagla agus ar na haislingí a bhí acu ag an tráth sin i ndeireadh na 1980idí a raibh an leabhar á chur le chéile.

“Críochnaíodh an leabhar i 1991 agus mothaím go bhfuil sé mar thaisceadán do shochaí na linne sin agus sílim go dtugann sé léargas iontach dúinn ar bhunús mothúchánach an ama sin,” arsa Alan.

“Ach ag an am céanna, creidim gur bailiúchán uilíoch atá ann fosta mar go n-amharcann cuid de na filí siar agus cuid eile amharcann siad chun cinn. Mar an gcéanna leis na healaíontóirí,” arsa an stiúrthóir aitheanta as contae na Mí.

Ba é an smaoineamh a bhí ann ón tús ná “fuinneog” a chruthú trína bhféadfaí amharc ar chuid den áilleacht atá sa leabhar.

“Tá an oiread sin píosaí iontacha ealaíne agus an oiread sin smaointe doimhne ann nach dtiocfadh linn ach ladhar a chur san uisce,” arsa Gilsenan.

Deir sé gur mhothaigh sé go raibh na scríbhneoirí Gaeilge cineálta leis agus gan é líofa sa teanga.

“Bhuel, mhothaigh mé an easpa sin, agus is láidre a mhothaím an easpa sin agus mé ag dul in aois,” ar sé.

“Sa scannán, ba é an rud a rinne mé ná gach rud a fhágáil i dtuilleamaí na scríbhneoirí. Léigh Nuala Ní Dhomhnaill agus Biddy Jenkinson a gcuid dánta sa teanga inar scríobhadh iad, gan fotheidil, ach bhí na filí iad féin iontach mánla liom sa mhéid is gur labhair siad liom i mBéarla faoina gcuid filíochta, mar sin sílim go dtugann muid a luach don fhilíocht Ghaeilge sa scannán,” arsa Gilsenan.

Mar dhuine de chomheagarthóirí an leabhair, measann Theo Dorgan gur “imram” a bhí sa dianobair.

“Chuir muid an bád chun farraige chun féachaint cad a tharlódh,” ar sé.

“Bhí sean-Mitsubishi ag an gcomheagarthóir eile, Gene Lambert agus thaistil sé an tír leis na leathanaigh agus na leath-leathanaigh agus na ceathrú leathanaigh sa bhoot aige.

“Ansin, bhí Danny Osborne gainn ach bhí se ag obair sa Chiorcal Artach. D’aimsigh muid dream a bheadh in ann an pár a chur a fhad leis agus ligint dó titim chuige ar pharaisiút – ach bhí córas poist Cheanada inchurtha leis an dúshlán mar sin níorbh éigean sin a dhéanamh,” arsa Dorgan.

Is saothar  ilghnéitheach é Leabhar Mór na hÉireann a thugann chun cuimhne na chéad dánta dár scríobhadh riamh in Éirinn ach a léiríonn Éire an lae inniu chomh maith, a deir Dorgan.

“Tá Críostaithe ann, tá Págánaigh ann, tá Búdaigh ann, tá gach saghas ann, mar is é sin firinne ár linne,” ar sé.

“Sin an fáth gur tugadh cuireadh d’fhilí ón iasacht a bheith páirteach ann. Tá muid ag leanúint an traidisiúin cé go bhfuil muid ag réabadh freisin.”

Deir sé go raibh an cine daonna faoi imní ó 1963 ar aghaidh go gcuirfeadh airm núicléacha an pláinéad ar neamhní ach nuair a bhí Leabhar Mór na hÉireann á chur le chéile i ndeireadh na 1980idí agus Reagan agus Gorbachev ag caint lena chéile go raibh “iontaoibh” againn go dtiocfadh muid slán.

“Gníomh dóchais a bhí agus atá sa leabhar,” arsa Dorgan.

Beidh Leabhar Mór na hÉireann le feiceáil ar RTÉ 1 anocht ag 10.10pm.

Fág freagra ar 'TEILIFÍS: Sprid ‘Leabhar Mór na hÉireann’ a léiriú an aidhm a bhí le scannán faisnéise nua'

  • Cormac Ó hAodha

    Ba dheas liom a shamhlú gur tugadh cothrom na Féinne do theanga na Gaeilge sa tionscnamh breá seo, ag cuimhneamh ar áit lárnach na teanga sin i stair na scríbhneoireachta, na n-ealaíon, na samhlaíochta agus na cumarsáide ar an oileán seo a théann siar, siar, siar i bhfad.
    Beidh le feiceáil anocht an ‘Leabhar Mór na hÉireann’ nó ‘Leabhar Mór na hÉireann (i mBéarla)’ atá i gceist…