Fear a tógadh le Gaeilge ar an té is óige a ceapadh ina Abhcóide na Banríona sa Bhreatain i mbliana

Tá Conall Patton, a d’fhreastail ar Bhunscoil Cholmcille, an chéad bhunscoil lán-Ghaeilge i nDoire, ar an té is óige i mbliana a ceapadh ina Abhchóide Sinsir sa Bhreatain

Fear a tógadh le Gaeilge ar an té is óige a ceapadh ina Abhcóide na Banríona sa Bhreatain i mbliana

Tá fear as Doire a tógadh le Gaeilge ceaptha ina Abhcóide na Banríona. 

Tá Conall Patton, a d’fhreastail ar Bhunscoil Cholmcille, an chéad Ghaelscoil i nDoire, ar an té is óige a ceapadh ina Abhcóide Sinsir sa Bhreatain i mbliana. 

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, deir Patton, atá 38 bliain d’aois agus a bhfuil cónaí air i Londain, go raibh “an-áthas” air faoina cheapachán. 

“Is próiseas fada agallamh agus comórtas atá i gceist ach tagann buntáiste leis an teideal nua a chiallaíonn, de ghnáth, go dtagann cásanna níos dúshlánaí agus níos casta chugat.   

“Bíonn níos mó seans agat abhcóideacht os ard a dhéanamh sa chúirt agus bíonn níos mó craic i gceist le bheith ag déanamh abhcóideachta os ard sa chúirt,” a deir sé. 

Ba bheirt múinteoirí Gaeilge iad tuismitheoirí Patton agus thóg siad a dtriúr clainne le Gaeilge. 

Bhí siad beirt “an-ghníomhach” i saol na Gaeilge i gcathair Dhoire agus tá a athair, Caoimhín Ó Peaitín ar bhord stiúrtha Gael Linn. 

D’fhreastail an triúr páistí ar Bhunscoil Cholmcille, an chéad bhunscoil lán-Ghaeilge i nDoire, a bunaíodh i 1985. 

Dúirt Patton go raibh sé “an-bhródúil” gur tógadh le Gaeilge é. 

“Ní maith le páistí a bheith difriúil ach caithfidh mé a rá go raibh mé i gcónaí an-bhródúil gur labhair muid Gaeilge sa teach. 

“Bhí deiseanna agam mar pháiste a bheith páirteach i gcomórtais agallamh beirte agus comhrá agus bhí mé páirteach chomh maith i sraith do pháistí Dúil sa Dúlra a craoladh ar an BBC. Bhí sé iontach, rinne muid 17 clár agus d’fhoghlaim mé cuid mhór faoin nádúr agus an dúlra,” a deir  sé. 

Deir Patton, a bhfuil sé theanga ar a thoil aige – Gaeilge, Béarla, Fraincis, Spáinnis, Gearmáinis agus Iodáilis, gurb í an Ghaeilge a mhúscail a shuim i dteangacha eile a fhoghlaim.  

Bhain Patton céim amach sa dlí in Ollscoil Cambridge agus fuair sé scoláireacht ina dhiaidh sin chuig Ollscoil Harvard, Massachusetts, áit ar lean sé lena staidéar sa dlí. 

Agus é i mBostún bhíodh Gaeilge á labhairt aige go rialta le teaghlach a raibh suim acu sa  teanga. 

“Mar mhac léinn, bhí mé i gcónaí sásta béile a bhí déanta sa bhaile a fháil agus rinne mé socrú leis an teaghlach seo go rachainn chun tí chucu uair sa tseachtain fá choinne béile agus go labhróinn Gaeilge leo.” 

Deir sé go bhfuil “athrú mór” tagtha ar shaol na gcúirteanna ó thús na paindéime agus cásanna á reáchtáil ar an ardán Zoom. 

“Beidh mé sa chúirt an tseachtain seo chugainn ach beidh mé sa bhaile, mar a bheas an Breitheamh agus na habhcóidí eile.

“Tá an chuma air go bhfuil na cúirteanna ag dul i dtaithí air. Tá sé ar fad iontach nua. Roimhe seo ní raibh aon chaint ar chás a bheith á reáchtáil taobh amuigh den chúirt ach tá muid ag dul i dtaithí ar an saol nua,” a dúirt sé. 

Buntáiste eile, a deir Patton, nach gá ar Zoom an bréagfholt ná an róba a bhíonn ar abhcóidí de ghnáth a chaitheamh. 

Fág freagra ar 'Fear a tógadh le Gaeilge ar an té is óige a ceapadh ina Abhcóide na Banríona sa Bhreatain i mbliana'

  • Liam Mac Lochlainn

    Údar bróid dá mhuintir agus dá scoileanna. Comhghairdeas leat, a Chonaill.