GAILEARAÍ: Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua ina seaimpíní ar Chonnachta sa rugbaí

Bhí údar ríméid agus mórtais ag foireann rugbaí faoi 14 Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua i gConamara nuair a fuair siad an lámh in uachtar ar Choláiste Naomh Iarfhlatha i gcluiche ceannais Chraobh Chonnacht i nGaillimh Dé Céadaoin. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

Sciath an bhua ag imreoirí rugbaí na Ceathrún Rua

 

Ciarán Mac Donnacha, Uimhir 8, ag déanamh a bhealaigh trí líne chosanta Choláiste Iarfhlatha Thuama

 

Súil ghéar ag an leathchúlaí amuigh, Calam Ó hIcí, ar dheiseanna ionsaithe

 

An liathróid bainte den naoscaire, Shay Mannion

 

Micí Óg Ó Sé agus James Carr faoi bhrú ag imreoir Naomh Iarfhlatha

 

Shay Mannion ar sodar i dtreo na líne le haghaidh úd a fháil do Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua

 

Súil ghéar ar an gcaithemah isteach

 

Brú brú sa gcarnán ach coinnigí oraibh!

 

Naomh Iarfhlatha ag iarraidh dul trasna na líne

 

Ríméad ar imreoirí Naomh Iarfhlatha agus údscóráilte acu

 

Na cosa agus an liathróid tugtha leis ag Ciarán Mac Donnacha as an gclibirt

 

Micí Óg Ó Sé ar an ionsaí

 

Calam Ó hIcí, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, ag seasamh an fhóid in aghaidh bhuachaillí Choláiste Naomh Iarfhlatha

 

Fionnán Ó Conghaile bailithe tríd agus é ag déanamh ar an líne

 

Úd ag Fionnán Ó Conghaile d’fhoireann Chonamara

 

Lámha in airde don chaitheamh isteach

 

An liathróid faighte ag scorach na Scoile Cuimsithí

 

An fheadóg séidte agus  buachaillí faoi 14 Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua ina seaimpíní rugbaí ar Chonnachta

 

Liú áthais agus mórtais!

 

Seaimpíní Chonnacht as Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua

 

An sciath ag an bhfoireann

 

Curaidh Chraobh Chonnacht Faoi 14. Ar chúl ó chlé: Eoin Ó Ráinne, Cian Ó Cualáin, Colin Mac Donnacha, Paudí Gaora Ó Gríofa, Shay Mannion, Pat Murphy, Seán Ó Domhnaill, Ciarán Mac Donnacha, Micí Óg Ó Sé, Joe Ó hIcí, Oisín Ó Cualáin agus Dylan Mac Donnacha. Chun tosaigh ó chlé: Seosamh Mac Donnacha, Cian Ó Flatharta, Seán Ó Nia, John Ward, Fionnán Ó Conghaile, Caomhán Ó Tuathail, James Carr, Calam Ó hIcí, Alan Ó Fatharta agus Cian Breathnach

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua ina seaimpíní ar Chonnachta sa rugbaí'