Níl a fhios agam ar na saolta seo an bhfuil cead againn lachóigín a thabhairt ar bhean dhathúil. Bhí an téarma coitianta go maith tráth. Bhíodh agus tá mná lachanta ann.
D’fhéadfá ar ndóigh ainmneacha deasa eile a thabhairt ar an gcailín álainn péacach sin. Céard fúthu seo: plúirín, lúibín, plúróg, maiseog girsí, gleoiteog mná? Dá mbeadh an ghirseach beagáinín péacach agus í ag tarraingt suntais uirthi féin mar a bheadh bruinneall i Love Island d’fhéadfá féileacán fómhair a bhaisteadh uirthi.
Fág freagra ar 'Nach deas é? Féileacán fómhair is ea í…'