82 cuairt ar ionaid fholmha a d’eagraigh Údarás na Gaeltachta do lucht infheistíochta anuraidh

Tá 106 foirgneamh de chuid an Údaráis, ar fud na Gaeltachta, folamh i láthair na huaire agus tá 60% acu sin réidh le ligean

82 cuairt ar ionaid fholmha a d’eagraigh Údarás na Gaeltachta do lucht infheistíochta anuraidh

82 cuairt ar fhoirgnimh fholmha dá gcuid a d’eagraigh Údarás na Gaeltachta anuraidh do lucht infheistíochta.

De réir figiúirí nua a cuireadh ar fáil d’urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, bhain 31 de na cuairteanna sin le hiarrachtaí lucht infheistíochta agus gnó a mhealladh chun fiontair a bhunú i bhfoirgnimh fholmha na heagraíochta i nDún na nGall, mar a bhfuil 46 foirgneamh folamh ag an Údarás.

D’eagraigh feidhmeannaigh an Údaráis 24 cuairt do lucht gnó ar fhoirgnimh dá gcuid i nGaeltacht na Gaillimhe, mar a bhfuil 31 foirgneamh folamh acu.

Níor tugadh ach ceithre chuairt ar fad ar fhoirgnimh an Údaráis i gceantair Ghaeltachta na Mumhan, ach dúirt Aire Stáit na Gaeltachta gur “ar an údar go bhfuil líon beag spáis oifige/déantúsaíochta i gceantair na Mí, Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge, go bhfuil an líon cuairteanna a bhaineann leis na ceantair seo níos ísle”.

Tá 106 foirgneamh de chuid an Údaráis, ar fud na Gaeltachta, folamh i láthair na huaire agus tá 60% acu sin réidh le ligean. Tá laghdú tagtha, áfach, ar líon na bhfoirgneamh folamh atá i seilbh Údarás na Gaeltachta le tamall anuas. 516 foirgneamh, idir ionaid, aonaid, oifigí srl, atá ag an Údarás faoi láthair.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go raibh gá le “beart práinneach” i gcás na bhfoirgneamh folamh.

“Ba chóir breathnú ar na hionaid seo mar acmhainn. An bhfuil foireann bhreise ag teastáil? An bhfuil acmhainní ag teastáil? An bhfuil scéim cumarsáide ag teastáil chun é a chur in iúl go bhfuil na hacmhainní seo ar fáil?

“Tá sé tábhachtach béim a chur orthu mar acmhainn. Tá go leor acmhainní ag dul i dtreo IDA Ireland, ach tá easpa airgid i gceist i gcás Údarás na Gaeltachta. Ó tharla go bhfuil breis is 100 foirgneamh folamh, agus 60% díobh réidh le ligean, ní mór dúinn plean práinneach a chur le chéile,” a dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly.

Dúirt an tAire Stáit McHugh go ndéanfaí athchóiriú ar fhoirgnimh an Údaráis nach bhfuil réidh le ligean “de réir mar a bheidh airgead breise á dháileadh tríd an mbuiséad caipitil i mbliana”.

Dúirt McHugh gurb í an fhadhb a bhí ann ina cheantar féin agus i gceantair eile ná “nach bhfuil mórán de na foirgnimh réidh fá choinne bogadh isteach iontu”.

“Agus é sin ráite, tá mórán foirgneamh ar fáil. Ba mhaith liom teachtaireacht a thabhairt chuig gach éinne sa tír atá ag smaoineamh ar na foirgnimh fholmha seo a úsáid. Tá sé tábhachtach a rá leo go bhfuil tacaíocht ar fáil ó oifigigh de chuid Údarás na Gaeltachta,” a dúirt Joe McHugh.

Dúirt McHugh gurb é an sprioc a bheadh aige ná go líonfaí gach foirgneamh de chuid na heagraíochta fiontraíochta.

“B’fhearr liom 0% a lua mar fhigiúr ná 20% ós rud é go gciallódh sé go bhfuil achan fhoirgneamh agus achan ionad thar a bheith gnóthach,” a dúirt an tAIre Stáit.

Fág freagra ar '82 cuairt ar ionaid fholmha a d’eagraigh Údarás na Gaeltachta do lucht infheistíochta anuraidh'