6,110 cás nua fógartha agus an galar ag fás os cionn 10% gach lá

Tá 776 othar a bhfuil Covid-19 orthu sna hospidéil agus tá 70 acusan in aonad dianchúraim. Deir NPHET go bhfuil níos mó imní anois orthu ná mar a bhí aon uair eile ó thosach na paindéime

6,110 cás nua fógartha agus an galar ag fás os cionn 10% gach lá

Tá 6,110 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna, an líon is airde cásanna a fógraíodh in aon lá amháin ó thús na paindéime.

Seisear eile a raibh an galar orthu atá básaithe.

Tá 776 othar a bhfuil Covid-19 orthu sna hospidéil agus tá 70 acusan in aonad dianchúraim.

Breis is 3,000 cás nua den ghalar ar an meán a fógraíodh gach lá le seachtain anuas agus deir an tOllamh Philip Nolan go bhfuil an galar ag fás 10-13% in aghaidh an lae.

Mura rachaidh cúrsaí i bhfeabhas, dúirt Nolan go bhféadfadh go mbeadh idir 1,500 agus 2,000 duine sna hospidéil de bharr an víris lár mí Eanáir agus go bhféadfadh go mbeadh idir 200-400 acusan in aonaid dianchúram.

“Sa samhaltú atá déanta, léirítear go bhféadfadh go mbeadh idir 1,500-2,000 duine in ospidéil faoi lár na míosa  seo, mura ndéanfaimid gníomh radacach chun scaipeadh an ghalair agus líon na gcásanna a cheansú.

Caithfimid ar fad ár ndícheall a dhéanamh chun líon na gcásanna a laghdú. Caithfimid cloí leis an bearta sláinte phoiblí, fanacht sa bhaile agus gan bualadh leis an oiread sin daoine eile,” a dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach  Ghrúpa Comhairleach Samhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann.

Bhain 291 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 129 cás a bhí i gCiarraí agus 122 cás a bhí i gcontae na Mí.

116 cás a bhí i nGaillimh, 111 cás a bhí i Maigh Eo, 106 cás a bhí i bPort Láirge agus 52 cás nua a bhí i nDún na nGall.

Bhain 3,655 de chásanna an lae inniu le Baile Átha Cliath.

An tOllamh Philip Nolan. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá ráta scaipthe an Covid-19 sa stát ag 582.8 cás in aghaidh gach 100,000 duine.

Nuair a chuirtear an mhoill ar thuairisciú cásanna san áireamh meastar gur idir 700-800 atá ráta coicíse an ghalair,  a deir an tOllamh Philip Nolan.

Tá seo níos airde ná mar a bhí aon uair le linn na chéad mhaidhme, tráth a raibh an ráta ag thart ar 600 an uair ba mheasa a bhí sé, arsa Nolan.

Dúirt an Dr Tony Holohan go bhfuil NPHET níos buartha anois ná mar a bhíodar aon uair eile ó thús na paindéime.

Más linn an víreas a cheansú agus seirbhísí riachtanacha a chosaint, caithfimid srian a chur lenár ngluaiseachtaí agus an líon daoine taobh amuigh dár líon tí féin a mbuailimid leo a laghdú,” a dúirt Tony Holohan.

Ráta 832.3 atá i nDún na nGall, ráta 660.5 atá i Maigh Eo, 523 atá i gcontae na Mí agus 522.7 atá i gCiarraí.

Ráta 453 atá i gCorcaigh, 417 atá i nGaillimh agus 414.9 atá i bPort Láirge.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan go raibh an baol ann nach mbeifear in ann na scoileanna a oscailt mar gheall ar a thréine is atá an galar á scaipeadh sa phobal.

Tá sé ráite ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly go ndéanfaidh an Rialtas cinneadh maidin Dé Céadaoin cé acu an osclófar na scoileanna ar an Luan seo chugainn, an 11 Eanáir, nó nach n-osclófar.

Dúirt Donnelly nach raibh aon mholtaí déanta ag saineolaithe na ngalar tógálach is sláinte phoiblí go dtí seo faoi scoileanna a dhúnadh ach go bhféadfadh an scéal sin athrú.

Dúirt an tAire Leanaí Roderic O’Gorman go dteastaíonn ón Rialtas “dúnadh forleathan” scoileanna agus ionaid cúram leanaí a sheachaint ach go raibh súil ghéar á coinneáil ar an scéal.

An tAire Oideachais Norma Foley. Pictiúr: JULIEN BEHAL PHOTOGRAPHY / RollingNews.ie

Phléigh an tAire Oideachais Norma Foley cúrsaí le hurlabhraithe oideachais an fhreasúra tráthnóna. Tá siadsan den tuairim nach mbeidh scoileanna ag athoscailt ar an Luan.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald tráthnóna nach raibh sé “réalaíoch” a bheith ag caint ar na scoileanna a athoscailt Dé Luain seo chugainn.

Dúirt sí go raibh plean soiléir ag teastáil chun na scoileanna a oscailt “go sábháilte”.

Dúirt Donnchadh Ó Laoghaire, urlabhraí oideachais Shinn Féin, gur “údar díomá” é ach gur léir nach n-osclóidh na scoileanna ar an 11 Eanáir.

De réir tuairiscí ó Shasana d’aontaigh airí rialtais ansin inniu go gcoimeádfar dúnta na bunscoileanna agus na hiarbhunscoileanna go dtí briseadh lár téarma mhí Feabhra.

Cuirfear tús in Albain ag meán oíche anocht le tréimhse dianghlasála agus beidh scoileanna na hAlban dúnta go dtí an mhí seo chugainn.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh 12 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe.

Deimhníodh 1,801 cás nua den ghalar sa Tuaisceart inniu.

513 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 39 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 99% de leapacha ospidéil an Tuaiscirt lán inniu.

3,631 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,265 duine ó dheas den teorainn agus 1,366 duine ó thuaidh di.

187,870 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 107,997 cás ó dheas agus 79,873 ó thuaidh.

Fág freagra ar '6,110 cás nua fógartha agus an galar ag fás os cionn 10% gach lá'