5 imreoir a d’imir do Manchester Utd agus Arsenal

Níl mórán imreoirí ann a d’imir do Man Utd agus Arsenal ach seo roinnt cásanna inar imir imreoirí don dá chlub ar deargnaimhde iad

Tabharfaidh Arsenal aghaidh ar Manchester Utd in Old Trafford inniu ach fear amháin nach mbeidh ag imirt ná Danny Welbeck, iarimreoir Utd. Is é Welbeck an t-imreoir is déanaí a d’athraigh taobhann idir an dá chlub seo agus, mar a tharlaíonn sé, is é freisin a scóráil cúl an bhua nuair a chas na foirne ar a chéile i gCorn an FA ar an bpáirc chéanna i mí Márta.

Níl ach thart ar dosaen imreoirí a d’imir do Utd agus Arsenal. Seo cuid de na cásanna is cáiliúla, nó is suimiúla.

Robin Van Persie (Arsenal 2004-2012, Man Utd 2012-An lá inniu)

Robin Van Persie le linn na tréimhse a chaith sé ag imirt do Arsenal. Picitúr: INPHO/Getty Images
Robin Van Persie le linn na tréimhse a chaith sé ag imirt do Arsenal. Picitúr: INPHO/Getty Images

nach mbeidh Welbeck ag imirt inniu, seans go mbeidh tosaí eile ann a bhfuil geansaí an dá chlub caite aige, Robin Van Persie. Tharraing an Ísiltíreach go leor achrainn nuair a d’fhógair sé i samhradh na bliana 2012 nach raibh sé chun conradh nua a shíniú le Arsenal agus taobh istigh de cúpla mí, bhí sé ar a bhealach chuig Old Trafford. Déarfadh Van Persie go ndearna sé an cinneadh ceart tar éis dó Príomhroinn Shasana a bhuachan ina chéad bhliain le Utd agus is beag trócaire atá léirithe aige dá sheanfhoireann. Scóráil sé taobh istigh de thrí nóiméad sa chéad chluiche a d’imir sé i gcoinne Arsenal agus tá cúpla cúl eile aimsithe ó shin aige.

Frank Stapleton (Arsenal 1971-1981, Man Utd 1981-1987)

Frank Stapleton, a bhuaigh Corn an FA le Arsenal agus le Manchester United
Frank Stapleton, a bhuaigh Corn an FA le Arsenal agus le Manchester United

Cosúil le Van Persie, ba é fear Bhaile Átha Cliath an tosaí is fearr a bhí ag Arsenal ag an am ach d’fhág sé an club nuair nach raibh mórán ratha orthu. Nuair a d’aistrigh Stapleton go United, bhí ar lucht ceannais na sraithe táille aistrithe an Éireannaigh a shocrú mar nach raibh an dá chlub in ann teacht ar réiteach. Bhuaigh Stapleton dhá Chorn an FA le linn a thréimhse le United ach tá dea-chuimhní ag lucht leanúna Arsenal air chomh maith, go háirithe de bhuíochas an chúil a scóráil sé i gcluiche ceannais Chorn an FA i 1979. Tomhais leat cé ina aghaidh? Manchester United, ar ndóigh.

Mikael Silvestre (Man Utd 1999-2008, Arsenal 2008-2010)

D’imir Mikael Silvestre le péire de na foirne is mó i Sasana, cé go raibh amhras ann faoi cé chomh maith is a bhí sé dáiríre. Pictiúr: INPHO/Getty Images
D’imir Mikael Silvestre le péire de na foirne is mó i Sasana, cé go raibh amhras ann faoi cé chomh maith is a bhí sé dáiríre. Pictiúr: INPHO/Getty Images

gur éirigh sách maith leis an mbeirt atá luaite roimhe seo, ní raibh an rath céanna ar Mikael Silvestre nuair a d’aistrigh sé ó Man Utd go dtí Arsenal i 2008. Cé gur chaith an Francach beagnach deich mbliana le United, é ag buachan gach dá raibh le buachan, ní raibh lucht leanúna United fiú lánchinnte faoina a mhianach mar imreoir. Faon am a thug Arsene Wenger go Arsenal é, is cinnte go raibh rás an Fhrancaigh rite. Bhí Silvestre chomh holc sin i gcúpla cluiche do Arsenal I gcoinne United go mba dhóigh le duine ag imirt don fhreasúra fós a bhí sé.

Andy Cole (Arsenal 1989-1992, Man Utd 1995-2001)

Le Arsenal a thosaigh Cole ach is fearr an aithne air mar imreoir Manchester United
Le Arsenal a thosaigh Cole ach is fearr an aithne air mar imreoir Manchester United

Imreoir amháin nach eol do mhórán gur imir sé don dá fhoireann ná Andy Cole. Is le Arsenal ar dtús a shínigh an Sasanach nuair a bhí ina imreoir óg ach níor imir sé ach dhá chluiche dóibh le linn a sheala i Londain. Bhain sé clú amach le Bristol City agus Newcastle nuair a d’fhág sé Arsenal agus cheannaigh Alex Ferguson do Manchester United é. Bhí ról lárnach ansin aige sa tréimhse is rathúla ag an gclub is rathúla i Sasana.

Fág freagra ar '5 imreoir a d’imir do Manchester Utd agus Arsenal'